+Airteagal 325p Fachtóirí►C12riosca◄tráchtearraí
---+Airteagal 325p 1.
---+Airteagal 325p 2.
---+Airteagal 325p 3.
---+Airteagal 325p 4.

Airteagal 325p Fachtóirí►C12riosca◄tráchtearraí

-

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 325p 1.
Is éard a bheidh sna buicéid maidir le gach fachtóir ►C12  riosca ◄ tráchtearraí na buicéid earnála, dá dtagraítear i Roinn 6.
Airteagal 325p 2.
Is éard a bheidh sna fachtóirí ►C12  riosca ◄ deilte a bhíonn le cur i bhfeidhm ag institiúidí maidir le hionstraimí atá íogair ar thráchtearraí ná na spotphraghsanna tráchtearraí uile de réir cineáil tráchtearra agus de réir gach ceann de na haibíochtaí seo a leanas: 0,25 bliain, 0,5 bliain, 1 bhliain, 2 bhliain, 3 bliana, 5 bliana, 10 mbliana, 15 bliana, 20 bliain, 30 bliain. Ní dhéanfaidh institiúidí ach dhá phraghas tráchtearraí den chineál tráchtearra céanna, a bhfuil an aibíocht chéanna aige, a mheas mar an fachtóir ►C12  riosca ◄ céanna i gcás inarb ionann an tacar téarmaí dlíthiúla maidir le suíomh a seachadta.
Airteagal 325p 3.
Is éard a bheidh sna fachtóirí ►C12  riosca ◄ vega tráchtearraí a bhíonn le cur i bhfeidhm ag institiúidí maidir le céadroghanna a bhfuil ionstraimí foluiteacha atá íogair ar thráchtearra luaineachtaí intuigthe na bpraghsanna tráchtearraí de réir cineál tráchtearra, a ndéanfar a mhapáil ar na haibíochtaí seo a leanas i gcomhréir le haibíochtaí na gcéadroghanna comhfhreagracha faoi réir an cheanglais cistí dílse: 0,5 bliain, 1 bhliain, 3 bliana, 5 bliana, 10 mbliana. Déanfaidh institiúidí íogaireachtaí ar an gcineál céanna tráchtearra agus a leithdháiltear ar an aibíocht chéanna a mheas mar fhachtóir ►C12  riosca ◄ aonair, a ndéanfaidh institiúidí a fhritháireamh ansin.
Airteagal 325p 4.
Is éard a bheidh sna fachtóirí ►C12  riosca ◄ cuaire tráchtearraí a bhíonn le cur i bhfeidhm ag institiúidí maidir le céadroghanna a bhfuil ionstraimí foluiteacha atá íogair ar phraghsanna tráchtearraí ná tacar amháin de phraghsanna tráchtearraí ag a bhfuil aibíochtaí difriúla de réir cineál tráchtearra, arna shloinneadh mar veicteoir. Maidir le gach ionstraim, beidh sa veicteoir a mhéid comhpháirteanna agus a bhfuil ann de phraghsanna an tráchtearraí sin a úsáidtear mar athróga i samhail phraghsála na hinstitiúide don ionstraim sin. Ní dhéanfaidh institiúidí idirdhealú idir praghsanna tráchtearraí de réir suíomh seachadta.

Déanfar íogaireacht na hionstraime ar gach fachtóir ►C12  riosca ◄ arna úsáid san fhoirmle phriacail chuaire a ríomh mar a leagtar amach in Airteagal 325g. Chun críocha ►C12  riosca ◄ cuaire, measfaidh institiúidí gurb é an fachtóir ►C12  riosca ◄ céanna veicteoirí a bhfuil líon comhpháirteanna difriúil acu, ar choinníoll go bhfuil na veicteoirí sin comhfhreagrach leis an gcineál tráchtearra céanna.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas