Airteagal 325u 4a.
De mhaolú ar mhír 1, go dtí an 31 Nollaig 2032, ní chuirfidh institiúid an ceanglas cistí dílse i gcomhair rioscaí iarmharacha i bhfeidhm maidir le hionstraimí nach bhfuil d’aidhm acu ach riosca margaidh suíomhanna sa leabhar trádála a fhálú a ghineann ceanglas cistí dílse i gcomhair rioscaí iarmharacha agus atá faoi réir rioscaí iarmharacha den chineál céanna agus a bhíonn na suíomhanna a fhálaíonn siad. Tabharfaidh an t-údarás inniúil cead an láimhseáil dá dtagraítear sa chéad fhomhír a chur i bhfeidhm más féidir leis an institiúid a léiriú ar bhonn leanúnach chun sástachta an údaráis inniúil go gcomhlíonann na hionstraimí na critéir a bheidh le láimhseáil mar shuíomhanna fálaithe. Tabharfaidh an institiúid tuairisc don údarás inniúil ar thoradh ríomh na gceanglas cistí dílse maidir leis na rioscaí iarmharacha do na hionstraimí uile a gcuirtear an maolú dá dtagraítear sa chéad fhomhír i bhfeidhm ina leith.
1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
|