+Airteagal 325u Ceanglais cistí dílse le haghaidh►C12riosca◄iarmharacha
---+Airteagal 325u 1.
---+Airteagal 325u 2.
---+Airteagal 325u 3.
---+Airteagal 325u 4.
---+Airteagal 325u 4a.
---+Airteagal 325u 5.
---+Airteagal 325u 6.
---+Airteagal 325u 7.
|
Airteagal 325u Ceanglais cistí dílse le haghaidh►C12riosca◄iarmharacha
-
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 325u 1.
|
I dteannta leis na ceanglais cistí dílse maidir le
►C12
riosca ◄ margaidh a leagtar amach i Roinn 2, cuirfidh institiúidí ceanglais cistí dílse breise i bhfeidhm maidir le hionstraimí atá ar ris ar phriacail iarmharacha i gcomhréir leis an Airteagal seo.
|
|
Airteagal 325u 2.
|
Measfar gur ionstraimí ar ris ar phriacail iarmharacha iad ionstraimí a chomhlíonfaidh aon cheann de na coinníollacha seo a leanas:
(a)
tagraíonn an ionstraim d'ionstraim fholuiteach choimhthíoch, rud a chiallaíonnchun críocha na Caibidle seo, ionstraim leabhair trádála lena dtagraítear do nó cuaire faoin modh íogaireacht-bhunaithe a leagtar amach i Roinn 2 nó faoi na ceanglais cistí dílse i gcomhair
►C12
riosca ◄ mainneachtana a leagtar amach i Roinn 5;
(b)
iompraíonn an ionstraim
►C12
riosca ◄ iarmharach eile,rud a chiallaíonn, chun críocha na Caibidle seo, aon cheann de na hionstraimí seo a leanas:
(i)
ionstraimí atá faoi réir ceanglais cistí dílse i gcomhair
►C12
riosca ◄ vega agus cuaire faoin modh íogaireacht-bhunaithe a leagtar amach i Roinn 2 agus as a dtagann dea-thorthaí nach féidir aithris a dhéanamh orthu mar chomhcheangal líneach finideach de chéadroghanna loma le praghas cothromais foluiteach aonair, praghas tráchtearraí, ráta malairte, praghas banna, praghas um babhtáil mainneachtana creidmheasa nó babhtáil ráta úis;
(ii)
ionstraimí ar suíomh urrúsúcháin iad a áirítear i ACTP, dá dtagraítear in Airteagal 325(6); ní bhreathnófar ar fháluithe a áirítear i ACTP, dá dtagraítear in Airteagal 325(8).
|
|
Airteagal 325u 3.
|
Déanfaidh institiúidí na ceanglais cistí dílse breise dá dtagraítear i mír 1 a ríomh mar shuim ollmhéideanna barúlacha na n-ionstraimí dá dtagraítear i mír 2 iolraithe faoi na hualuithe
►C12
riosca ◄ seo a leanas:
(a)
1,0 % i gcás na hionstraime dá dtagraítear i bpointe (a) de mhír 2;
(b)
0,1 % i gcás na hionstraime dá dtagraítear i bpointe (b) de mhír 2.
|
|
Airteagal 325u 4.
|
De mhaolú ar mhír 1, ní dhéanfaidh institiúid an ceanglas cistí dílse a chur i bhfeidhm maidir le
►C12
riosca ◄ iarmharacha ar ionstraim a chomhlíonann aon cheann de na coinníollacha seo a leanas:
(a)
tá an ionstraim liostaithe ar mhalartán aitheanta;
(b)
tá an ionstraim i dteideal imréiteach lárnach i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 648/2012;
(c)
déanann an ionstraim phriacail margaidh suímh eile sa leabhar trádála a fhritháireamh go hiomlán, agus sa chás sin beidh díolúine ag an dá shuíomh leabhar trádála lánchomhréireacha ón gceanglas cistí dílse i gcomhair
►C12
riosca ◄ iarmharacha.
|
|
Airteagal 325u 4a.
|
De mhaolú ar mhír 1, go dtí an 31 Nollaig 2032, ní chuirfidh institiúid an ceanglas cistí dílse i gcomhair rioscaí iarmharacha i bhfeidhm maidir le hionstraimí nach bhfuil d’aidhm acu ach riosca margaidh suíomhanna sa leabhar trádála a fhálú a ghineann ceanglas cistí dílse i gcomhair rioscaí iarmharacha agus atá faoi réir rioscaí iarmharacha den chineál céanna agus a bhíonn na suíomhanna a fhálaíonn siad. Tabharfaidh an t-údarás inniúil cead an láimhseáil dá dtagraítear sa chéad fhomhír a chur i bhfeidhm más féidir leis an institiúid a léiriú ar bhonn leanúnach chun sástachta an údaráis inniúil go gcomhlíonann na hionstraimí na critéir a bheidh le láimhseáil mar shuíomhanna fálaithe. Tabharfaidh an institiúid tuairisc don údarás inniúil ar thoradh ríomh na gceanglas cistí dílse maidir leis na rioscaí iarmharacha do na hionstraimí uile a gcuirtear an maolú dá dtagraítear sa chéad fhomhír i bhfeidhm ina leith.
|
|
Airteagal 325u 5.
|
Déanfaidh ÚBE dréachtchaighdeáin theicniúla rialála a cheapadh le sonrú cad is ionstraim fholuiteach choimhthíoch ann agus cé na hionstraimí ar ionstraimí
►C12
neamhchosainta ◄ ar phriacail iarmharacha iad chun críocha mhír 2. Agus na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin á gceapadh aige, déanfaidh ÚBE scrúdú ar cheart
►C12
riosca ◄ fadsaolaí, an aimsir, tubaistí nádúrtha agus luaineacht a réadófar sa todhchaí a mheas mar ionstraimí foluiteacha coimhthíocha. Cuirfidh ÚBE na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoi cheann 28 Meitheamh 2021. Déantar cumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 10 go hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010.
|
|
Airteagal 325u 6.
|
Forbróidh ÚBE dréachtchaighdeáin theicniúla rialála d’fhonn na critéir a shonrú atá le húsáid ag na hinstitiúidí chun na suíomhanna a cháilíonn don mhaolú dá dtagraítear i mír 4a a shainaithint. Áireofar sna critéir sin, ar a laghad, cineál na n-ionstraimí dá dtagraítear sa mhír sin, glanbhrabús agus glanchaillteanas na suíomhanna comhcheangailte, íogaireachtaí na suíomhanna comhcheangailte agus na rioscaí atá fós neamhfhálaithe sna suíomhanna comhcheangailte, ag cur san áireamh go háirithe gur féidir an suíomh bunaidh a fhálú le méid páirteach. Cuirfidh ÚBE na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 30 Meitheamh 2024. Déantar cumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 10 go hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010.
|
|
Airteagal 325u 7.
|
Faoin 31 Nollaig 2029, tuairisceoidh ÚBE don Choimisiún maidir le tionchar chur i bhfeidhm na láimhseála dá dtagraítear i mír 4a. Cuirfidh an Coimisiún, i gcás inarb iomchuí, togra reachtach bunaithe ar thorthaí na tuarascála sin faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle maidir le síneadh a chur leis an láimhseáil dá dtagraítear sa mhír sin.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
|