+Airteagal 325be Insamhaltaitheacht na bhfachtóirí►C12riosca◄a mheasúnú
---+Airteagal 325be 1.
---+Airteagal 325be 1a.
---+Airteagal 325be 2.
---+Airteagal 325be 2a.
---+Airteagal 325be 3.
|
Airteagal 325be Insamhaltaitheacht na bhfachtóirí►C12riosca◄a mheasúnú
-
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 325be 1.
|
Déanfaidh institiúidí measúnú ar insamhaltaitheacht fhachtóirí
►C12
riosca ◄ uile na suíomhanna a sannadh do na deasca trádála ar tugadh dóibh an cead dá dtagraítear in Airteagal 325az(2) ina leith nó atá i mbéal cead den sórt sin a fháil. Chun críocha an mheasúnaithe dá dtagraítear sa chéad mhír, féadfaidh údaráis inniúla cead a thabhairt d’institiúidí úsáid a bhaint as sonraí margaidh arna soláthar ag díoltóirí tríú páirtí.
|
|
Airteagal 325be 1a.
|
Féadfaidh údaráis inniúla ceanglas a chur ar institiúid gan fachtóir riosca a mheas a bheith insamhaltaithe, ar mheas an institiúid é a bheith insamhaltaithe i gcomhréir le mír 1 den Airteagal seo, i gcás nach gcomhlíonann na hionchuir sonraí lenar cinneadh na cásanna de shuaitheadh a d'fhéadfadh tarlú sa todhchaí arna gcur i bhfeidhm maidir leis an bhfachtóir riosca na ceanglais dá dtagraítear in Airteagal 325bc(6) a chomhlíonadh chun sástachta na n-údarás inniúil.
|
|
Airteagal 325be 2.
|
Mar chuid den mheasúnú sin dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo, déanfaidh institiúidí na ceanglais cistí dílse i gcomhair
►C12
riosca ◄ margaidh a ríomh i gcomhréir le hAirteagal 325bk le haghaidh na bhfachtóirí
►C12
riosca ◄ sin nach bhfuil insamhaltaithe.
|
|
Airteagal 325be 2a.
|
In imthosca urghnácha, arb ann dóibh le linn tréimhsí ina dtagann laghdú suntasach ar ghníomhaíochtaí áirithe trádála sna margaí airgeadais, féadfaidh údaráis inniúla cead a thabhairt d’institiúidí a úsáideann an cur chuige a leagtar amach sa Chaibidil seo fachtóirí riosca nár mheas na hinstitiúidí sin a bheith insamhaltaithe roimhe seo i gcomhréir le mír 1 a mheas a bheith insamhaltaithe, ar choinníoll go gcomhlíontar na coinníollacha seo a leanas:
(a)
tá na fachtóirí riosca atá faoi réir na láimhseála comhfhreagrach do na gníomhaíochtaí trádála atá laghdaithe go suntasach sna margaí airgeadais;
(b)
cuirtear an láimhseáil i bhfeidhm go sealadach agus ní chuirtear i bhfeidhm í go ceann tréimhse is faide ná 6 mhí laistigh de 1 bhliain airgeadais amháin;
(c)
leis an láimhseáil, ní laghdaítear ar bhealach suntasach iomlán na gceanglas cistí dílse le haghaidh riosca margaidh de chuid na n-institiúidí a chuireann i bhfeidhm í;
(d)
tugann údaráis inniúla fógra do ÚBE láithreach faoi aon chinneadh cead a thabhairt d’institiúidí an cur chuige a leagtar amach sa Chaibidil seo a chur i bhfeidhm maidir le fachtóirí riosca a mheas a bheith insamhaltaithe nár measadh roimhe seo iad a bheith insamhaltaithe, agus faoi na gníomhaíochtaí trádála lena mbaineann, agus tugann siad foras leis an gcinneadh sin.
|
|
Airteagal 325be 3.
|
Déanfaidh ÚBE dréachtchaighdeáin theicniúla rialála a fhorbairt lena sonrófar na critéir chun measúnú a dhéanamh, i gcomhréir le mír 1, ar cé acu atá nó nach bhfuil na fachtóirí riosca insamhaltaithe, lena n-áirítear i gcás ina n-úsáidtear sonraí margaidh arna soláthar ag díoltóirí tríú páirtí, mar aon le minicíocht an mheasúnaithe sin. Cuirfidh ÚBE na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 10 Iúil 2025. Tarmligfear an chumhacht chuig an gCoimisiún chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagail 10 go 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
|