+Airteagal 325be 2a.

Airteagal 325be 2a.

In imthosca urghnácha, arb ann dóibh le linn tréimhsí ina dtagann laghdú suntasach ar ghníomhaíochtaí áirithe trádála sna margaí airgeadais, féadfaidh údaráis inniúla cead a thabhairt d’institiúidí a úsáideann an cur chuige a leagtar amach sa Chaibidil seo fachtóirí riosca nár mheas na hinstitiúidí sin a bheith insamhaltaithe roimhe seo i gcomhréir le mír 1 a mheas a bheith insamhaltaithe, ar choinníoll go gcomhlíontar na coinníollacha seo a leanas:

(a) 

tá na fachtóirí riosca atá faoi réir na láimhseála comhfhreagrach do na gníomhaíochtaí trádála atá laghdaithe go suntasach sna margaí airgeadais;

(b) 

cuirtear an láimhseáil i bhfeidhm go sealadach agus ní chuirtear i bhfeidhm í go ceann tréimhse is faide ná 6 mhí laistigh de 1 bhliain airgeadais amháin;

(c) 

leis an láimhseáil, ní laghdaítear ar bhealach suntasach iomlán na gceanglas cistí dílse le haghaidh riosca margaidh de chuid na n-institiúidí a chuireann i bhfeidhm í;

(d) 

tugann údaráis inniúla fógra do ÚBE láithreach faoi aon chinneadh cead a thabhairt d’institiúidí an cur chuige a leagtar amach sa Chaibidil seo a chur i bhfeidhm maidir le fachtóirí riosca a mheas a bheith insamhaltaithe nár measadh roimhe seo iad a bheith insamhaltaithe, agus faoi na gníomhaíochtaí trádála lena mbaineann, agus tugann siad foras leis an gcinneadh sin.

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas