|
+Airteagal 325bi 2. |
Airteagal 325bi 2.San áireamh san athbhreithniú dá dtagraítear i bpointe (h) de mhír 1 beidh gníomhaíochtaí na n-aonad trádála gnó agus an aonaid rialaithe phriacail neamhspleách araon. Déanfaidh an institiúid athbhreithniú ar a próiseas foriomlán bainistithe ►C12 riosca ◄ ar a laghad uair amháin sa bhliain. Déanfar measúnú ar na nithe seo a leanas san athbhreithniú:
(a)
leordhóthanacht dhoiciméadú an chórais agus an phróisis bainistíochta ►C12 riosca ◄ agus eagrúchán an aonaid rialaithe phriacail;
(b)
bearta ►C12 riosca ◄ a chomhtháthú leis an mbainistíocht phriacail laethúil agus sláine an chórais faisnéise bainistíochta;
(c)
na próisis atá in úsáid ag an institiúid chun na samhlacha phraghsála ►C12 riosca ◄ agus córais luachála atá in úsáid ag pearsanra na hoifige tosaigh agus na cúloifige a fhormheas;
(d)
(e)
beachtas agus iomláine na sonraí suímh, beachtas agus oiriúnacht na dtoimhdí luaineachta agus comhghaoil, beachtas na ríomhanna luachála agus íogaireachta maidir le ►C12 riosca ◄ agus beachtas agus oiriúnacht maidir le soláthar ionadach sonraí sa chás nach leor na sonraí atá ar fáil chun an ceanglas a leagtar amach sa Chaibidil seo a chomhlíonadh;
(f)
an próiseas fíoraithe atá in úsáid ag an institiúid chun meastóireacht a dhéanamh ar chomhsheasmhacht, ar thráthúlacht agus ar iontaofacht na bhfoinsí sonraí a úsáidtear chun aon cheann dá samhlacha inmheánacha tomhais ►C12 riosca ◄ a rith, lena n-áirítear neamhspleáchas na bhfoinsí sonraí sin;
(g)
an próiseas fíoraithe atá in úsáid ag an institiúid chun meastóireacht a dhéanamh ar cheanglais chúltástála agus ar cheanglais aitreabúideachta brabúis agus caillteanais a dhéantar chun measúnú a dhéanamh ar bheachtas na samhlacha inmheánacha tomhais ►C12 riosca ◄ ;
(h)
i gcás go ndéanann gnóthas tríú páirtí an t-athbhreithniú i gcomhréir le pointe (h) de mhír 1 den Airteagal seo, comhlíonann an fíorú a leagtar amach leis an bpróiseas bailíochtaithe inmheánach in Airteagal 325bj a chuspóirí. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|