+Airteagal 325bi Ceanglais cháilíochtúla
---+Airteagal 325bi 1.
---+Airteagal 325bi 2.
---+Airteagal 325bi 3.
|
Airteagal 325bi Ceanglais cháilíochtúla
-
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 325bi 1.
|
Beidh aon samhail inmheánach tomhais
►C12
riosca ◄ arna húsáid chun críocha na Caibidle seo fónta ar bhonn coincheapúil, déanfar í a ríomh agus a chur i bhfeidhm go hionraic agus comhlíonfar léi na ceanglais cháilíochtúla uile a leanas:
(a)
aon samhail inmheánach tomhais
►C12
riosca ◄ a úsáidfear chun ceanglais chaipitil a ríomh le haghaidh
►C12
riosca ◄ margaidh, beidh sí comhtháite go dlúth le próiseas laethúil bainistithe phriacail na hinstitiúide agus úsáidfear í mar bhonn chun
►C12
neamhchosaint ◄ ar phriacal a thuairisciú don bhainistíocht shinsearach.
▼M17
(b)
beidh aonad rialaithe riosca atá neamhspleách ar aonaid trádála gnó ag institiúid agus tuairisceoidh an t-aonad go díreach chun na bainistíochta sinsearaí; beidh an t-aonad sin:
(i)
freagrach as aon samhail inmheánach tomhaiste riosca, arna húsáid sa chur chuige malartach samhla inmheánaí chun críocha na Caibidle seo, a dhearadh agus a chur chun feidhme;
(ii)
freagrach as an gcóras foriomlán bainistithe riosca;
(iii)
freagrach as tuairiscí laethúla a tháirgeadh maidir le haschur aon samhla inmheánaí arna húsáid chun ceanglais cistí dílse a ríomh le haghaidh riosca margaidh, agus maidir le hoiriúnacht na mbeart a bheidh le déanamh i dtéarmaí teorainneacha trádála, agus as anailís a dhéanamh orthu.
▼M8
(c)
Beidh an comhlacht bainistíochta agus an bhainistíocht shinsearach rannpháirteach go gníomhach sa phróiseas rialaithe
►C12
riosca ◄ agus déanfar athbhreithniú ar na tuairiscí laethúla arna ndéanamh ag an aonad rialaithe
►C12
riosca ◄ ar leibhéal bainistíochta a mbeidh údarás leordhóthanach aige chun laghdú ar shuíomhanna arna nglacadh ag trádálaithe aonair a cheangal agus laghdú ar
►C12
neamhchosaint ◄ fhoriomlán na hinstitiúide ar phriacal a cheangal.
(d)
Beidh líon foirne leordhóthanach ag an institiúid a bhfuil na scileanna atá acu ar leibhéal is iomchuí maidir le sofaisticiúlacht na samhlacha inmheánacha tomhais
►C12
riosca ◄ a úsáidfear, agus líon foirne leordhóthanach a bhfuil scileanna acu sna réimsí trádála, rialaithe
►C12
riosca ◄ , iniúchta agus cúloifige.
(e)
Beidh tacar doiciméadaithe de bheartais, nósanna imeachta agus rialuithe inmheánacha i bhfeidhm ag an institiúid chun faireachán a dhéanamh ar fheidhmiú foriomlán a samhlacha inmheánacha tomhais
►C12
riosca ◄ agus chun a áirithiú go gcomhlíonfar iad.
(f)
Aon samhail inmheánach tomhais
►C12
riosca ◄ , lena n-áirítear aon samhail phraghsála, beidh cuntas teiste cruthaithe aige maidir le cruinneas réasúnach i
►C12
riosca ◄ a thomhas, agus ní bheidh difear suntasach ann idir an tsamhail sin agus na samhlacha a úsáideann an institiúid dá bainistíocht phriacail inmheánach.
(g)
Déanfaidh an institiúid dianchláir tástála struis go minic, lena n-áirítear tástálacha struis droim ar ais, lena gcuimseofar aon samhail inmheánach tomhais
►C12
riosca ◄ ; déanfaidh an bhainistíocht shinsearach athbhreithniú ar thorthaí na dtástálacha struis sin ar bhonn míosa ar a laghad agus beidh na torthaí i gcomhréir leis na beartais agus na teorainneacha atá faofa ag an gcomhlacht bainistíochta; déanfaidh an institiúid bearta iomchuí i gcás ina léireoidh torthaí na dtástálacha struis caillteanais iomarcacha a eascróidh as gnó na hinstitiúide maidir le trádáil faoi imthosca áirithe;
(h)
Déanfaidh an institiúid athbhreithniú neamhspleách ar a samhlacha inmheánacha tomhais
►C12
riosca ◄ , mar chuid dá próisis iniúchóireachta inmheánaí rialta, nó trí shainordú a thabhairt do ghnóthas tríú páirtí an t-athbhreithniú sin a dhéanamh, athbhreithniú a dhéanfar chun sástacht na n-údarás inniúil.
Déanfaidh aonad bailíochtaithe, ar aonad é atá ar leithligh ón aonad rialaithe riosca dá dtagraítear sa chéad fhomhír, pointe (b), an bailíochtú tosaigh agus leanúnach ar aon samhail inmheánach tomhaiste riosca arna húsáid sa chur chuige malartach samhla inmheánaí chun críocha na Caibidle seo. Chun críocha phointe (h) den chéad fhomhír, is gnóthas tríú páirtí é gnóthas a chuireann seirbhísí iniúchóireachta nó seirbhísí comhairliúcháin ar fáil d'institiúidí agus a bhfuil líon foirne aige a bhfuil a ndóthain scileanna acu sa réimse a bhaineann le
►C12
riosca ◄ margaidh i ngníomhaíochtaí trádála.
|
|
Airteagal 325bi 2.
|
San áireamh san athbhreithniú dá dtagraítear i bpointe (h) de mhír 1 beidh gníomhaíochtaí na n-aonad trádála gnó agus an aonaid rialaithe phriacail neamhspleách araon. Déanfaidh an institiúid athbhreithniú ar a próiseas foriomlán bainistithe
►C12
riosca ◄ ar a laghad uair amháin sa bhliain. Déanfar measúnú ar na nithe seo a leanas san athbhreithniú:
(a)
leordhóthanacht dhoiciméadú an chórais agus an phróisis bainistíochta
►C12
riosca ◄ agus eagrúchán an aonaid rialaithe phriacail;
(b)
bearta
►C12
riosca ◄ a chomhtháthú leis an mbainistíocht phriacail laethúil agus sláine an chórais faisnéise bainistíochta;
(c)
na próisis atá in úsáid ag an institiúid chun na samhlacha phraghsála
►C12
riosca ◄ agus córais luachála atá in úsáid ag pearsanra na hoifige tosaigh agus na cúloifige a fhormheas;
(d)
raon feidhme na
►C12
riosca ◄ arna ngabháil ag an tsamhail, cruinneas agus oiriúnacht an chórais tomhais
►C12
riosca ◄ agus bailíochtú aon athruithe suntasacha ar an tsamhail inmheánach tomhais
►C12
riosca ◄ ;
(e)
beachtas agus iomláine na sonraí suímh, beachtas agus oiriúnacht na dtoimhdí luaineachta agus comhghaoil, beachtas na ríomhanna luachála agus íogaireachta maidir le
►C12
riosca ◄ agus beachtas agus oiriúnacht maidir le soláthar ionadach sonraí sa chás nach leor na sonraí atá ar fáil chun an ceanglas a leagtar amach sa Chaibidil seo a chomhlíonadh;
(f)
an próiseas fíoraithe atá in úsáid ag an institiúid chun meastóireacht a dhéanamh ar chomhsheasmhacht, ar thráthúlacht agus ar iontaofacht na bhfoinsí sonraí a úsáidtear chun aon cheann dá samhlacha inmheánacha tomhais
►C12
riosca ◄ a rith, lena n-áirítear neamhspleáchas na bhfoinsí sonraí sin;
(g)
an próiseas fíoraithe atá in úsáid ag an institiúid chun meastóireacht a dhéanamh ar cheanglais chúltástála agus ar cheanglais aitreabúideachta brabúis agus caillteanais a dhéantar chun measúnú a dhéanamh ar bheachtas na samhlacha inmheánacha tomhais
►C12
riosca ◄ ;
(h)
i gcás go ndéanann gnóthas tríú páirtí an t-athbhreithniú i gcomhréir le pointe (h) de mhír 1 den Airteagal seo, comhlíonann an fíorú a leagtar amach leis an bpróiseas bailíochtaithe inmheánach in Airteagal 325bj a chuspóirí.
|
|
Airteagal 325bi 3.
|
Déanfaidh institiúidí nuashonrú ar na teicnící agus ar na cleachtais a úsáideann siad le haghaidh aon cheann de na samhlacha inmheánacha tomhais
►C12
riosca ◄ arna n-úsáid chun críocha na Caibidle seo chun forbairtí a dhéantar ar theicnící nua agus ar dhea-chleachtais nua i dtaca leis na samhlacha inmheánacha tomhais
►C12
riosca ◄ sin a chur san áireamh.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
|