Airteagal 325bo 3.
Ina samhlacha inmheánacha i gcomhair riosca mainneachtana, gabhfaidh institiúidí rioscaí ábharacha i straitéisí fálaithe a eascraíonn as difríochtaí sa chineál táirge, sinsearacht sa struchtúr caipitil, rátálacha inmheánacha nó seachtracha, bliain eisiúna agus difríochtaí eile. Áiritheoidh institiúidí nach ndéantar riosca a mheas ró-íseal mar thoradh ar aisioncronacht aibíochta idir ionstraim fálaithe agus an ionstraim atá fálaithe a d’fhéadfadh tarlú le linn tréimhse ionchasach bliana, i gcás nach ngabhtar na aisioncronachtaí sin ina samhail inmheánach i gcomhair riosca mainneachtana. Ní aithneoidh institiúidí ionstraim fálaithe ach a mhéid is féidir é a chothabháil fiú amháin nuair atá an féichiúnaí ag druidim le teagmhas creidmheasa nó teagmhas eile.
1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
|