+Airteagal 325bp 6.

Airteagal 325bp 6.

Chun mainneachtain na n-eisiúnaithe a ionsamhlú sa tsamhail inmheánach maidir leis an ►C12  riosca ◄ mainneachtana, comhlíonfaidh meastacháin na hinstitiúide ar chaillteanas i gcás mainneachtana na ceanglais seo a leanas:

(a) 

socrófar na meastacháin caillteanais i gcás mainneachtana ag an ráta 0 %;

(b) 

léireoidh na meastacháin caillteanais i gcás mainneachtana sinsearacht gach suímh;

▼M17

(c) 

i gcás institiúid ar tugadh cead di meastachán a dhéanamh ar LGD i gcomhréir le Teideal II, Caibidil 3, Roinn 1, le haghaidh na haicme neamhchosanta agus an chórais rátála a chomhfhreagraíonn do neamhchosaint áirithe, úsáidfidh sí an mhodheolaíocht a leagtar amach ansin chun meastacháin LGD an eisitheora sin a ríomh, ar choinníoll go bhfuil fáil ar shonraí le haghaidh an mheastacháin sin;

(d) 

i gcás institiúid nár tugadh cead di meastachán a dhéanamh ar LGD dá dtagraítear i bpointe (c), forbróidh sí modheolaíocht inmheánach nó úsáidfidh sí foinsí seachtracha chun meastachán a dhéanamh ar LGD go comhsheasmhach leis na ceanglais a bhfuil feidhm leo maidir le meastacháin ar LGD faoin Airteagal seo.

Chun críocha na chéad fhomhíre, pointe (c), tá fáil ar na sonraí chun meastachán a dhéanamh ar LGD eisitheora áirithe suímh leabhair trádála i gcás ina bhfuil, ar dháta an ríomha, suíomh leabhair neamhthrádála ag an institiúid i leith an oibleagáideora chéanna a measann sí dóchúlachtaí mainneachtana lena aghaidh i gcomhréir le Teideal II, Caibidil 3, Roinn 1, chun a ceanglais cistí dílse a leagtar amach sa Chaibidil sin a ríomh.

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas