+Airteagal 325bp Ceanglais shonracha maidir le samhail inmheánach maidir leis an►C12riosca◄mainneachtana
---+Airteagal 325bp 1.
---+Airteagal 325bp 2.
---+Airteagal 325bp 3.
---+Airteagal 325bp 4.
---+Airteagal 325bp 5.
---+Airteagal 325bp 6.
---+Airteagal 325bp 7.
---+Airteagal 325bp 8.
---+Airteagal 325bp 9.
---+Airteagal 325bp 10.
---+Airteagal 325bp 11.
---+Airteagal 325bp 12.

Airteagal 325bp Ceanglais shonracha maidir le samhail inmheánach maidir leis an►C12riosca◄mainneachtana

-

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 325bp 1.
Beidh sé de chumas ag an tsamhail inmheánach maidir leis an ►C12  riosca ◄ mainneachtana dá dtagraítear in Airteagal 325bm(1) mainneachtain eisiúnaithe aonair mar aon le mainneachtain chomhuaineach ileisiúnaithe a shamhaltú agus, leis an tsamhail, cuirfear san áireamh tionchar na mainneachtainí sin ar luachanna margaidh na suíomhanna a áirítear i raon feidhme na samhla sin. Chun na críche sin, déanfar mainneachtain gach eisitheora aonair a shamhlú trí úsáid a bhaint as dhá chineál fachtóirí ►C12  riosca ◄ córasacha.
Airteagal 325bp 2.
Leis an tsamhail inmheánach maidir leis an ►C12  riosca ◄ mainneachtana, léireofar an timthriall eacnamaíoch lena n-áirítear a mhéid a bhraitheann rátaí téarnaimh agus fachtóirí ►C12  riosca ◄ córasacha dá dtagraítear i mír 1 ar a chéile.
Airteagal 325bp 3.
Leis an tsamhail inmheánach maidir leis an ►C12  riosca ◄ mainneachtana, léireofar tionchar neamhlíneach na gcéadroghanna agus na suíomhanna eile lena mbaineann iompar neamhlíneach ábhartha i leith athruithe i bpraghsanna. Beidh aird chuí ag an institiúid freisin ar mhéid an phriacail de bharr samhaltú atá intuigthe i luacháil agus meastachán ar na ►C12  riosca ◄ phraghais a bhaineann le táirgí den sórt sin.
Airteagal 325bp 4.
Beidh an tsamhail inmheánach maidir leis an ►C12  riosca ◄ mainneachtana bunaithe ar shonraí atá oibiachtúil agus cothrom le dáta.
Airteagal 325bp 5.

Chun mainneachtain na n-eisiúnaithe a ionsamhlú sa tsamhail inmheánach maidir leis an ►C12  riosca ◄ mainneachtana, comhlíonfaidh meastacháin na hinstitiúide ar dhóchúlachtaí mainneachtana na ceanglais seo a leanas:

▼M17

(a) 

socrófar íosteorainn le haghaidh na ndóchúlachtaí mainneachtana ag an ráta 0,01  % i gcás neamhchosaintí a gcuirtear ualú riosca 0 % i bhfeidhm ina leith i gcomhréir le hAirteagail 114 go 118 agus 0,01  % i gcás bannaí faoi chumhdach a gcuirtear ualú riosca 10 % i bhfeidhm ina leith i gcomhréir le hAirteagal 129; in aon chás eile, socrófar íosteorainn na ndóchúlachtaí mainneachtana ar ráta 0,03  %;

▼M8

(b) 

bunófar na dóchúlachtaí mainneachtana ar thréimhse ionchasach bliana, mura luaitear a mhalairt sa Roinn seo;

(c) 

chun dóchúlachtaí mainneachtana a thomhas, úsáidfear sonraí maidir le mainneachtana a tharla san am atá caite agus meathlú móra i bpraghsanna margaidh atá coibhéiseach le teagmhais mhainneachtana, ó thréimhse a théann siar cúig bliana ar a laghad, agus na sonraí sin amháin, nó úsáidfear na sonraí sin i dteannta le praghsanna margaidh reatha; ní bhunófar dóchúlachtaí mainneachtana ar phraghsanna margaidh reatha amháin;

▼M17

(d) 

i gcás institiúid ar tugadh cead di meastachán a dhéanamh ar dhóchúlachtaí mainneachtana i gcomhréir le Teideal II, Caibidil 3, Roinn 1, le haghaidh na haicme neamhchosanta agus an chórais rátála a chomhfhreagraíonn d’eisitheoir áirithe, úsáidfidh sí an mhodheolaíocht a leagtar amach ansin chun dóchúlachtaí mainneachtana an eisitheora sin a ríomh, ar choinníoll go bhfuil fáil ar na sonraí le haghaidh an mheastacháin sin;

(e) 

i gcás institiúid nár tugadh cead di meastachán a dhéanamh ar dhóchúlachtaí mainneachtana dá dtagraítear i bpointe (d), forbróidh sí modheolaíocht inmheánach nó úsáidfidh sí foinsí seachtracha chun meastachán a dhéanamh ar na dóchúlachtaí mainneachtana sin go comhsheasmhach leis na ceanglais is infheidhme maidir le meastacháin ar dhóchúlachtaí mainneachtana faoin Airteagal seo.

Chun críocha na chéad fhomhíre, pointe (d), tá fáil ar na sonraí chun meastachán a dhéanamh ar dhóchúlachtaí mainneachtana eisitheora áirithe suíomh leabhair trádála i gcás ina bhfuil, ar dháta an ríomha, suíomh leabhair neamhthrádála ag an institiúid i leith an oibleagáideora chéanna a measann sí dóchúlachtaí mainneachtana lena aghaidh i gcomhréir le Teideal II, Caibidil 3, Roinn 1, chun a ceanglais cistí dílse a leagtar amach sa Chaibidil sin a ríomh.

Airteagal 325bp 6.

Chun mainneachtain na n-eisiúnaithe a ionsamhlú sa tsamhail inmheánach maidir leis an ►C12  riosca ◄ mainneachtana, comhlíonfaidh meastacháin na hinstitiúide ar chaillteanas i gcás mainneachtana na ceanglais seo a leanas:

(a) 

socrófar na meastacháin caillteanais i gcás mainneachtana ag an ráta 0 %;

(b) 

léireoidh na meastacháin caillteanais i gcás mainneachtana sinsearacht gach suímh;

▼M17

(c) 

i gcás institiúid ar tugadh cead di meastachán a dhéanamh ar LGD i gcomhréir le Teideal II, Caibidil 3, Roinn 1, le haghaidh na haicme neamhchosanta agus an chórais rátála a chomhfhreagraíonn do neamhchosaint áirithe, úsáidfidh sí an mhodheolaíocht a leagtar amach ansin chun meastacháin LGD an eisitheora sin a ríomh, ar choinníoll go bhfuil fáil ar shonraí le haghaidh an mheastacháin sin;

(d) 

i gcás institiúid nár tugadh cead di meastachán a dhéanamh ar LGD dá dtagraítear i bpointe (c), forbróidh sí modheolaíocht inmheánach nó úsáidfidh sí foinsí seachtracha chun meastachán a dhéanamh ar LGD go comhsheasmhach leis na ceanglais a bhfuil feidhm leo maidir le meastacháin ar LGD faoin Airteagal seo.

Chun críocha na chéad fhomhíre, pointe (c), tá fáil ar na sonraí chun meastachán a dhéanamh ar LGD eisitheora áirithe suímh leabhair trádála i gcás ina bhfuil, ar dháta an ríomha, suíomh leabhair neamhthrádála ag an institiúid i leith an oibleagáideora chéanna a measann sí dóchúlachtaí mainneachtana lena aghaidh i gcomhréir le Teideal II, Caibidil 3, Roinn 1, chun a ceanglais cistí dílse a leagtar amach sa Chaibidil sin a ríomh.

Airteagal 325bp 7.

Mar chuid den athbhreithniú agus den bhailíochtú neamhspleách ar na samhlacha inmheánacha a úsáideann siad chun críocha na Caibidle seo, lena n-áirítear ar an gcóras tomhais phriacail, déanfaidh institiúidí an méid a leanas:

(a) 

a fhíorú go bhfuil a gcur chuige i leith shamhaltú na gcomhghaolta agus na n-athruithe i bpraghsanna oiriúnach dá bpunann, lena n-áirítear rogha agus ualaí na bhfachtóirí ►C12  riosca ◄ córasacha sa tsamhail;

(b) 

tástálacha struis éagsúla a dhéanamh, lena n-áirítear anailísí íogaireachta agus anailísí ar chásanna, chun réasúntacht chainníochtúil agus cháilíochtúil na samhla inmheánaí maidir leis an ►C12  riosca ◄ mainneachtana a mheasúnú, go háirithe maidir le láimhseáil comhchruinnithe; agus

(c) 

bailíochtú cainníochtúil iomchuí a chur i bhfeidhm, lena n-áirítear tagarmharcanna samhaltaithe inmheánacha iomchuí.

Na tástálacha dá dtagraítear i bpointe (b), ní bheidh siad teoranta don réimse teagmhas a tharla san am atá caite.

Airteagal 325bp 8.
Leis an tsamhail inmheánach maidir leis an ►C12  riosca ◄ mainneachtana, léireofar go hiomchuí comhchruinnithe eisitheora agus comhchruinnithe a d'fhéadfadh teacht chun cinn thar aicmí táirgí agus laistigh díobh faoi dhálaí struis.
Airteagal 325bp 9.
Beidh an tsamhail inmheánach maidir leis an ►C12  riosca ◄ mainneachtana i gcomhréir le modheolaíochtaí inmheánacha bainistíochta ►C12  riosca ◄ na hinstitiúide arna n-úsáid chun ►C12  riosca ◄ trádála a aithint, a thomhas agus a bhainistiú.
Airteagal 325bp 10.
Beidh beartais agus nósanna imeachta a bheidh sainmhínithe go soiléir i bhfeidhm ag institiúidí chun toimhdí mainneachtana chomhghaoil a chinneadh idir na heisitheoirí éagsúla i gcomhréir le pointe (c) d'Airteagal 325bn(1) agus rogha na tosaíochta de na modhanna chun meastachán a dhéanamh ar na dóchúlachtaí mainneachtana i bpointe (e) de mhír 5 den Airteagal seo agus an caillteanas i gcás mainneachtana i bpointe (d) de mhír 6 den Airteagal seo.
Airteagal 325bp 11.
Déanfaidh institiúidí a samhlacha inmheánacha a dhoiciméadú ionas go mbeidh a dtoimhdí comhghaoil agus a dtoimhdí samhaltaithe eile trédhearcach do na húdaráis inniúla.
Airteagal 325bp 12.
Déanfaidh an tÚdarás Baincéireachta Eorpach (ÚBE) dréachtchaighdeáin theicniúla rialála a fhorbairt chun sonrú a dhéanamh ar na ceanglais atá lena bheith comhlíonta ag modheolaíocht inmheánach nó foinsí seachtracha institiúide chun meastachán a dhéanamh ar dhóchúlachtaí mainneachtana agus ar chaillteanas i gcás mainneachtana i gcomhréir le pointe (e) de mhír 5 agus pointe (d) de mhír 6.

Cuirfidh ÚBE na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 28 Meán Fómhair 2020.

Déantar cumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 10 go hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas