Airteagal 330
Láimhseálfar le babhtálacha chun críocha
►C9
riosca ◄ an ráta úis ar an mbonn céanna is a láimhseáiltear le hionstraimí ar an gclár comhardaithe. Dá bhrí sin, i gcás babhtála ráta úis faoina bhfaigheann institiúid ús de réir ráta chomhlúthaigh agus faoina n-íocann sí ús de réir ráta sheasta, láimhseálfar í amhail is dá mbeadh sí coibhéiseach le suíomh fada in ionstraim ráta chomhlúthaigh a bhfuil aibíocht aici atá coibhéiseach leis an tréimhse go dtí go socrófar ús an chéad uair eile agus le suíomh gearr in ionstraim ráta sheasta a bhfuil an aibíocht chéanna aici is atá ag an mbabhtáil féin.