+Airteagal 353 ►C9Riosca◄malairte eachtraí na GCanna
---+Airteagal 353 1.
---+Airteagal 353 2.
---+Airteagal 353 3.

Airteagal 353 ►C9Riosca◄malairte eachtraí na GCanna

-

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 353 1.
Chun críocha Airteagal 352, beidh, i gcás GCanna, suíomh iarbhír an CUI maidir le hairgeadra eachtrach curtha san áireamh.
Airteagal 353 2.

Féadfaidh institiúidí dul i muinín thuairisciú na dtríú páirtithe seo a leanas maidir le suímh in airgeadra eachtrach sa GC:

(a) 

institiúid taisclainne an GC ar an gcoinníoll go ndéanann an GC infheistiú eisiach in urrúis agus go gcuireann sé gach urrús i dtaisce san institiúid taisclainne sin;

(b) 

i gcás GCanna eile, cuideachta bhainistíochta an GC, ar choinníoll go gcomhlíonann cuideachta bhainistíochta an GC na critéir atá leagtha amach i bpointe (a) d'Airteagal 132 (3).

Deimhneoidh iniúchóir seachtrach go bhfuil an ríomh cruinn.

Airteagal 353 3.
I gcás nach feasach d'institiúid na suímh in airgeadra eachtrach atá in GC, glacfar leis go bhfuil an GC infheistithe go dtí an t-uasmhéid a cheadaítear faoi shainordú an GC maidir le hairgeadra eachtrach agus cuirfidh institiúidí san áireamh, maidir le suímh sa leabhar trádála, an ►C9  neamhchosaint ◄ indíreach ba mhó arbh fhéidir leo a bhaint amach trí shuímh luamhánaithe a ghlacadh tríd an GC nuair atá a gceanglais cistí dílse le haghaidh ►C9  riosca ◄ malairte eachtraí á ríomh. Déanfar sin tríd an suíomh sa GC a mhéadú go comhréireach go dtí an ►C9  neamhchosaint ◄ uasta ar na hítimí infheistíochta foluiteacha a eascraíonn as an sainordú infheistíochta. Láimhseálfar suíomh toimhdithe an GC maidir le malairt eachtrach mar airgeadra ar leithligh de réir láimhseáil na n-infheistíochtaí in ór, faoi réir iomlán an tsuímh fhada a chur le hiomlán an tsuímh fhada oscailte in airgeadra eachtrach agus iomlán an tsuímh ghearr a chur le hiomlán an tsuímh ghearr oscailte in airgeadra eachtrach nuair atá stiúradh infheistíocht GC ar fáil. Ní cheadófar glanluacháil idir shuímh den sórt sin roimh an ríomh.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas