+Airteagal 354 Airgeadraí dlúth-chomhghaolaithe
---+Airteagal 354 1.
---+Airteagal 354 2.
---+Airteagal 354 3.
---+Airteagal 354 4.
---+Airteagal 354 5.
---+Airteagal 354 6.
|
Airteagal 354 Airgeadraí dlúth-chomhghaolaithe
-
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 354 1.
|
Féadfaidh institiúidí ceanglais cistí dílse níos ísle a sholáthar i gcoinne suíomh in airgeadraí dlúth-chomhghaolaithe ábhartha. Ní mheastar péire airgeadraí a bheith dlúth-chomhghaolaithe ach sa chás ina mbeadh dóchúlacht chaillteanais — arna ríomh ar bhonn sonraí ráta malairte na dtrí nó na gcúig bliana roimhe — ar shuímh chothroma agus urchomhaireacha in airgeadraí den sórt sin thar an 10 lá oibre dar gcionn, ar 4 % nó níos lú é de luach an tsuímh chomhoiriúnaithe atá i gceist (arna luacháil i dtéarmaí an airgeadra thuairiscithe), ina mbeadh an dóchúlacht sin ar a laghad 99 % nuair a d'úsáidfí tréimhse bhreathnóireachta trí bliana, agus 95 % nuair a d'úsáidfí tréimhse bhreathnóireachta cúig bliana. Beidh an ceanglas cistí dílse maidir leis an suíomh comhoiriúnaithe in dhá airgeadra dhlúth-chomhghaolaithe cothrom le 4 % arna iolrú faoi luach an tsuímh chomhoiriúnaithe.
|
|
Airteagal 354 2.
|
Le linn cheanglais na Caibidle seo a ríomh, féadfaidh institiúidí neamhaird a dhéanamh de shuímh in airgeadraí atá faoi réir comhaontaithe idir-rialtasaigh atá ceangailteach ó thaobh dlí de chun teorainn a chur lena n-athrúchán i gcoibhneas le hairgeadraí eile arna gcumhdach faoin gcomhaontú céanna. Ríomhfaidh institiúidí a suímh chomhoiriúnaithe in airgeadraí den sórt sin agus déanfaidh siad ceanglas cistí dílse a chur i bhfeidhm maidir leo nach lú ná leath an athrúcháin uasta cheadaithe atá leagtha síos sa chomhaontú idir-rialtasach atá i gceist i leith na n-airgeadraí lena mbaineann.
|
|
Airteagal 354 3.
|
Forbróidh ÚBE dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme ina liostaítear na hairgeadraí a bhfuil an láimhseáil atá leagtha amach i mír 1 ar fáil dóibh. Cuirfidh ÚBE na dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 1 Eanáir 2014. Tugtar cumhacht don Choimisiún na caighdeáin theicniúla cur chun feidhme dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010.
|
|
Airteagal 354 4.
|
Féadfar an ceanglas cistí dílse maidir leis na suímh chomhoiriúnaithe in airgeadraí na mBallstát a bheidh rannpháirteach i ndara céim an aontais eacnamaíoch agus airgeadaíochta a ríomh mar 1,6 % de luach na suíomh comhoiriúnaithe sin.
|
|
Airteagal 354 5.
|
Ní bheidh ionchorpraithe sa ghlansuíomh oscailte foriomlán i gomhréir le hAirteagal 352(4) ach na suímh gan chomhoiriúnú in airgeadraí dá dtagraítear san Airteagal seo.
|
|
Airteagal 354 6.
|
Maidir le sonraí ráta malairte laethúla na dtrí nó na gcúig bliana roimhe atá ar shuímh chothroma agus urchomhaireacha i bpéire airgeadra ar feadh na 10 lá oibre ina dhiaidh sin, i gcás ina léirítear leo go bhfuil an dá airgeadra sin i gcomhchoibhneas deimhneach foirfe lena chéile agus a bhféadfaidh an institiúid raon tairisceana is atairisceana nialais a bhaint amach i gcónaí i leith gach trádála faoi seach, féadfaidh an institiúid arna cheadú sin go follasach ag a húdarás inniúil, ceanglas maidir le cistí dílse 0 % a chur i bhfeidhm go dtí deireadh na bliana 2017.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
|