|
+Airteagal 383a 4. |
Airteagal 383a 4.Forbróidh ÚBE dréachtchaighdeáin theicniúla rialála chun na nithe seo a leanas a shonrú:
(a)
an chaoi a gcinnfidh an institiúid na seachraonta dá dtagraítear i mír 2, pointe (b), chun críocha dóchúlachtaí mainneachtana a ríomh;
(b)
gnéithe teicniúla breise atá na hinstitiúidí le cur san áireamh nuair a bheidh caillteanas i gcás mainneachtana an chontrapháirtí, dóchúlacht mainneachtana an chontrapháirtí agus neamhchosaint thodhchaíoch lascainithe ionsamhlaithe na punainne idirbheart leis an gcontrapháirtí agus CVA, dá dtagraítear i mír 1, á ríomh;
(c)
na hionstraimí eile dá dtagraítear i mír 2, pointe (a), atá iomchuí chun dóchúlachtaí mainneachtana an chontrapháirtí a mheas agus an chaoi a bhfuil institiúidí leis an meastachán sin a dhéanamh. Cuirfidh ÚBE na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 10 Iúil 2027. Déantar an chumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagail 10 go 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|