+Airteagal 383a Samhail rialála CVA
---+Airteagal 383a 1.
---+Airteagal 383a 2.
---+Airteagal 383a 3.
---+Airteagal 383a 4.
---+Airteagal 383a 5.
|
Airteagal 383a Samhail rialála CVA
-
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 383a 1.
|
Beidh samhail rialála CVA a úsáidtear chun na ceanglais cistí dílse le haghaidh riosca CVA a ríomh i gcomhréir le hAirteagal 383 fónta ar bhonn coincheapúil, déanfar í a chur chun feidhme go hionraic agus comhlíonfar léi na ceanglais uile a leanas:
(a)
beidh an tsamhail rialála CVA in ann CVA contrapháirtí áirithe a shamhaltú, agus comhaontuithe glanluachála agus corrlaigh ar an leibhéal socraithe glanluachála a shainaithint, i gcás inarb ábhartha, i gcomhréir leis an Airteagal seo;
(b)
measann an institiúid dóchúlacht mainneachtana an chontrapháirtí bunaithe ar raonta difríochta creidmheasa an chontrapháirtí agus ar an gcaillteanas ionchais i gcás mainneachtana, de réir réamhaisnéis na coitiantachta, faoi chomhghnáis an mhargaidh, le haghaidh an chontrapháirtí sin;
(c)
beidh an caillteanas ionchais i gcás mainneachtana dá dtagraítear i bpointe (a) mar an gcéanna leis an gcaillteanas i gcás mainneachtana, de réir réamhaisnéis na coitiantachta, faoi chomhghnáis an mhargaidh, dá dtagraítear i bpointe (b), ach amháin sa chás gur féidir leis an institiúid a léiriú go bhfuil sinsearacht na punainne idirbheart leis an gcontrapháirtí sin difriúil le sinsearacht bannaí neamhurraithe a d’eisigh an contrapháirtí sin;
(d)
ag gach pointe ama sa todhchaí, ríomhfar neamhchosaint thodhchaíoch lascainithe ionsamhlaithe na punainne idirbheart le contrapháirtí le samhail neamhchosanta trí na hidirbhearta uile sa phunann sin a athphraghsáil, bunaithe ar chomhathruithe ionsamhlaithe na bhfachtóirí riosca margaidh atá ábhartha do na hidirbhearta sin ag úsáid líon iomchuí cásanna, agus na praghsanna go dtí dáta an ríomha á lascainiú ag úsáid rátaí úis saor ó riosca;
(e)
tá an tsamhail rialála CVA in ann spleáchas suntasach idir neamhchosaint thodhchaíoch lascainithe ionsamhlaithe na punainne idirbheart agus raonta difríochta creidmheasa an chontrapháirtí a shamhaltú;
(f)
i gcás ina bhfuil idirbhearta na punainne san áireamh i dtacar glanluachála atá faoi réir comhaontú corrlaigh agus luacháil laethúil marcála ón margadh, aithnítear an chomhthaobhacht a bhreactar agus a fhaightear mar chuid den chomhaontú sin mar mhaolaitheoir ar riosca sa neamhchosaint thodhchaíoch lascainithe ionsamhlaithe, i gcás ina gcomhlíontar gach ceann de na coinníollacha seo a leanas:
(i)
cinneann an institiúid an tréimhse chorrlaigh faoi riosca don tacar glanluachála sin i gcomhréir leis na ceanglais a leagtar amach in Airteagal 285(2) agus (5), agus léiríonn sí an tréimhse chorrlaigh sin sa ríomh ar neamhchosaint thodhchaíoch lascainithe ionsamhlaithe;
(ii)
léirítear gach ceann de na gnéithe is infheidhme den chomhaontú corrlaigh, lena n-áirítear minicíocht na nglaonna ar chorrlaigh, an cineál comhthaobhachta incháilithe faoin gconradh, na méideanna tairsí, na híosmhéideanna aistrithe, na méideanna neamhspleácha agus na corrlaigh thosaigh maidir leis an institiúid agus an contrapháirtí araon go hiomchuí sa ríomh ar an neamhchosaint thodhchaíoch lascainithe ionsamhlaithe;
(iii)
bhunaigh an institiúid aonad bainistíochta comhthaobhachta a chomhlíonann Airteagal 287 maidir leis an gcomhthaobhacht uile a aithnítear chun na ceanglais cistí dílse le haghaidh riosca CVA a ríomh ag úsáid an chur chuige chaighdeánaithe.
Chun críocha na chéad fhomhíre, pointe (a), beidh comhartha deimhneach ag CVA agus ríomhfar é mar fheidhm de chaillteanas ionchais i gcás mainneachtana an chontrapháirtí, tacar iomchuí de dhóchúlachtaí mainneachtana an chontrapháirtí ag pointí ama sa todhchaí agus tacar iomchuí neamhchosaintí todhchaíocha lascainithe ionsamhlaithe na punainne idirbheart leis an gcontrapháirtí sin ag pointí ama sa todhchaí go dtí aibíocht an idirbhirt is faide sa phunann sin. Chun críocha an léirithe dá dtagraítear sa chéad fhomhír, pointe (c), ní athróidh an chomhthaobhacht a fhaightear ón gcontrapháirtí sinsearacht na neamhchosanta. Chun críocha na chéad fhomhíre, pointe (f)(iii), den mhír seo, i gcás ina bhfuil aonad bainistíochta comhthaobhachta bunaithe ag an institiúid cheana féin chun modh na samhla inmheánaí dá dtagraítear in Airteagal 283 a úsáid, ní cheanglófar ar an institiúid aonad bainistíochta comhthaobhachta breise a bhunú i gcás ina léiríonn an institiúid sin dá húdarás inniúil go gcomhlíonann an t-aonad sin na ceanglais a leagtar amach in Airteagal 287 maidir leis an gcomhthaobhacht a aithnítear chun na ceanglais cistí dílse le haghaidh riosca CVA a ríomh ag úsáid an chur chuige chaighdeánaithe.
|
|
Airteagal 383a 2.
|
Chun críocha mhír 1, pointe (b), i gcás ina bhfuil raonta difríochta na babhtála mainneachtana creidmheasa de chuid an chontrapháirtí inbhraite sa mhargadh, úsáidfidh an institiúid na raonta difríochta sin. I gcás nach bhfuil raonta difríochta na babhtála mainneachtana creidmheasa ar fáil, úsáidfidh an institiúid rogha amháin díobh seo a leanas:
(a)
raonta difríochta creidmheasa ó ionstraimí eile a eisíonn an contrapháirtí ina léirítear dálaí reatha an mhargaidh;
(b)
seachraonta atá iomchuí i bhfianaise rátáil, thionscal agus réigiún an chontrapháirtí.
|
|
Airteagal 383a 3.
|
Comhlíonfaidh institiúid a úsáideann samhail rialála CVA na ceanglais cháilíochtúla uile seo a leanas:
(a)
tá an tsamhail neamhchosanta dá dtagraítear i mír 1 mar chuid de chóras bainistíochta riosca CVA inmheánach na hinstitiúide, a bhfuil sainaithint, tomhas, bainistíocht, formheas agus tuairisciú inmheánach CVA agus riosca CVA chun críoch cuntasaíochta, mar chuid de;
(b)
tá próiseas i bhfeidhm ag an institiúid chun comhlíontacht le tacar doiciméadaithe de bheartais, rialuithe, measúnú ar fheidhmíocht samhla agus nósanna imeachta inmheánacha a bhaineann leis an tsamhail neamhchosanta dá dtagraítear i mír 1 a áirithiú;
(c)
beidh aonad bailíochtaithe neamhspleách ag an institiúid atá freagrach as fíorú éifeachtach tosaigh agus leanúnach na samhla neamhchosanta dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo; beidh an t-aonad sin neamhspleách ó chreidmheas gnó agus aonaid trádála, lena n-áirítear an t-aonad dá dtagraítear in Airteagal 383(1), pointe (a), agus tuairisceoidh sé go díreach don ardbhainistíocht; beidh líon foirne leordhóthanach ag an aonad ag a bhfuil an leibhéal scileanna is iomchuí maidir leis an gcríoch sin a chomhlíonadh;
(d)
beidh an bhainistíocht shinsearach rannpháirteach, ar bhealach gníomhach, sa phróiseas rialaithe riosca agus measfaidh siad go bhfuil rialú riosca CVA mar ghné riachtanach den ghnó, agus nach mór acmhainní a shannadh dó;
(e)
déanfaidh an institiúid an próiseas maidir le bailíochtú tosaigh agus bailíochtú leanúnach na samhla neamhchosanta dá dtagraítear i mír 1 a dhoiciméadú chuig leibhéal mionsonraithe a chuirfeadh ar chumas tríú páirtí tuiscint a fháil ar an gcaoi a bhfeidhmíonn na samhlacha, na teorainneacha agus na príomhthoimhdí a bhaineann leo, agus an anailís a athchruthú; leagfar amach sa doiciméadacht sin an íosmhinicíocht lena ndéanfar bailíochtú leanúnach, chomh maith leis na himthosca eile, amhail athrú tobann in iompraíocht an mhargaidh, mar shampla, – faoina ndéanfar bailíochtú breise; tabharfar tuairisc sa doiciméadacht ar an gcaoi a ndéantar an bailíochtú maidir le sreafaí sonraí agus punanna, ar na hanailísí a úsáidtear agus ar an gcaoi a gcruthaítear punanna contrapháirtithe;
(f)
déanfar na samhlacha praghsála a úsáidtear sa tsamhail neamhchosanta dá dtagraítear i mír 1 maidir le cás áirithe d’fhachtóirí riosca margaidh ionsamhlaithe a thástáil in aghaidh tagarmharcanna neamhspleácha iomchuí le haghaidh raon leathan staideanna margaidh mar chuid de phróiseas bailíochtaithe tosaigh agus leanúnach na samhla; tabharfar fáthanna sna samhlacha praghsála le neamhlíneacht luacha rogha maidir le fachtóirí riosca margaidh;
(g)
is é próiseas inmheánach iniúchóireachta na hinstitiúide a dhéanfaidh athbhreithniú neamhspleách ar chóras inmheánach bainistithe riosca CVA na hinstitiúide dá dtagraítear i bpointe (a) den mhír seo ar bhonn tráthrialta; áireofar san athbhreithniú sin gníomhaíochtaí an aonaid dá dtagraítear in Airteagal 383(1), pointe (a), agus gníomhaíochtaí an aonaid bailíochtaithe neamhspleách dá dtagraítear i bpointe (c) den mhír seo;
(h)
léireofar téarmaí agus sonraíochtaí idirbheart agus comhaontuithe corrlaigh ar bhealach tráthúil, iomlán agus coimeádach sa tsamhail rialála CVA a úsáideann an institiúid chun an neamhchosaint thodhchaíoch lascainithe ionsamhlaithe dá dtagraítear i mír 1 a ríomh; coinneofar na téarmaí agus sonraíochtaí i mbunachar sonraí slán a bheidh faoi réir iniúchadh foirmiúil agus tréimhsiúil; beidh tarchur téarmaí idirbheart agus sonraí na sonraíochtaí agus comhaontuithe corrlaigh chuig an tsamhail neamhchosanta faoi réir iniúchadh inmheánach, agus beidh próisis réitigh fhoirmiúla i bhfeidhm idir an tsamhail inmheánach agus córais na sonraí foinseacha lena fhíorú ar bhonn leanúnach go léirítear téarmaí agus sonraíochtaí idirbheart agus comhaontuithe corrlaigh i gceart, nó go coimeádach ar a laghad, sa chóras neamhchosanta;
(i)
na hionchuir sonraí margaidh reatha agus stairiúla a úsáideann an institiúid sa tsamhail chun an neamhchosaint thodhchaíoch lascainithe ionsamhlaithe dá dtagraítear i mír 1 a ríomh, gheofar iad go neamhspleách ar na línte gnó agus cuirfear iad sa tsamhail sin ar bhealach tráthúil agus iomlán, agus coinneofar iad i mbunachar sonraí slán atá faoi réir iniúchadh foirmiúil agus tréimhsiúil; beidh próiseas sláine sonraí dea-fhorbartha ag institiúid chun breathnóireachtaí sonraí míchuí a láimhseáil; i gcás ina bhfuil an tsamhail ag brath ar sheachshonraí margaidh, dearfaidh institiúid beartais inmheánacha chun seachshonraí margaidh a shainaithint agus taispeánfaidh sí go heimpíreach ar bhonn leanúnach go soláthraítear ionadaíocht choimeádach ar an riosca foluiteach leis na seachshonraí margaidh;
(j)
déanfar an fhaisnéis a bhaineann go sonrach le hidirbhearta agus an fhaisnéis chonarthach is gá chun neamhchosaintí a chomhiomlánú ar leibhéal an tacair glanluachála a ghabháil sa tsamhail neamhchosanta dá dtagraítear i mír 1; deimhneoidh institiúid go ndéantar idirbhearta a shannadh don tacar glanluachála iomchuí laistigh den tsamhail.
Chun ceanglais cistí dílse maidir le riosca CVA a ríomh, féadfaidh sonraíochtaí agus toimhdí éagsúla a bheith sa tsamhail neamhchosanta dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo chun gach ceann de na ceanglais a leagtar síos in Airteagal 383a a chomhlíonadh, ach fanfaidh a hionchuir sonraí margaidh agus a haithint glanluachála mar an gcéanna leo siúd a úsáidtear chun críocha cuntasaíochta.
|
|
Airteagal 383a 4.
|
Forbróidh ÚBE dréachtchaighdeáin theicniúla rialála chun na nithe seo a leanas a shonrú:
(a)
an chaoi a gcinnfidh an institiúid na seachraonta dá dtagraítear i mír 2, pointe (b), chun críocha dóchúlachtaí mainneachtana a ríomh;
(b)
gnéithe teicniúla breise atá na hinstitiúidí le cur san áireamh nuair a bheidh caillteanas i gcás mainneachtana an chontrapháirtí, dóchúlacht mainneachtana an chontrapháirtí agus neamhchosaint thodhchaíoch lascainithe ionsamhlaithe na punainne idirbheart leis an gcontrapháirtí agus CVA, dá dtagraítear i mír 1, á ríomh;
(c)
na hionstraimí eile dá dtagraítear i mír 2, pointe (a), atá iomchuí chun dóchúlachtaí mainneachtana an chontrapháirtí a mheas agus an chaoi a bhfuil institiúidí leis an meastachán sin a dhéanamh.
Cuirfidh ÚBE na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 10 Iúil 2027. Déantar an chumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagail 10 go 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010.
|
|
Airteagal 383a 5.
|
Forbróidh ÚBE dréachtchaighdeáin theicniúla rialála chun na nithe seo a leanas a shonrú:
(a)
na coinníollacha faoina ndéanfar measúnú ar ábharthacht na síntí agus na n-athruithe ar úsáid an chur chuige chaighdeánaithe dá dtagraítear in Airteagal 383(3);
(b)
an mhodheolaíocht measúnaithe faoina bhfuil údaráis inniúla le fíorú an gcomhlíonann institiúid na ceanglais a leagtar amach in Airteagal 383 agus Airteagal 383a.
Cuirfidh ÚBE na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 10 Iúil 2028. Déantar an chumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 10 go 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
|