+Airteagal 395 2a.

Airteagal 395 2a.

Faoin 10 Eanáir 2027, tar éis dó dul i gcomhairle le ESMA, eiseoidh ÚBE treoirlínte, i gcomhréir le hAirteagal 16 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010, chun na treoirlínte dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo a nuashonrú.

Agus na treoirlínte sin á dtabhairt cothrom le dáta aige, tabharfaidh ÚBE aird chuí, i measc breithnithe eile, ar rannchuidiú na n-eintiteas scáthbhaincéireachta le haontas na margaí caipitil, ar an drochthionchar a d’fhéadfadh a bheith ag aon athruithe ar na treoirlínte sin, lena n-áirítear teorainneacha breise, ar shamhail ghnó agus próifíl riosca na n-institiúidí agus ar chobhsaíocht agus feidhmiú ordúil na margaí airgeadais.

Ina theannta sin, faoin 31 Nollaig 2027, cuirfidh ÚBE, tar éis dó dul i gcomhairle le ESMA, tuarascáil faoi bhráid an Choimisiúin maidir le rannchuidiú na n-eintiteas scáthbhaincéireachta le haontas na margaí caipitil agus maidir le neamhchosaintí institiúidí ar na heintitis sin, lena n-áirítear maidir le hoiriúnacht teorainneacha comhiomlána nó teorainneacha aonair níos doichte leis na neamhchosaintí sin, agus aird chuí á tabhairt ar chreat rialála agus samhlacha gnó na n-eintiteas sin.

Faoin 31 Nollaig 2028, déanfaidh an Coimisiún, i gcás inarb iomchuí, ar bhonn na tuarascála sin, togra reachtach maidir le teorainneacha neamhchosanta ar eintitis scáthbhaincéireachta a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle.

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas