+Airteagal 395 Teorainn na►C9neamhchosaintí◄móra
---+Airteagal 395 1.
---+Airteagal 395 2.
---+Airteagal 395 2a.
---+Airteagal 395 3.
---+Airteagal 395 4.
---+Airteagal 395 5.
---+Airteagal 395 6.
---+Airteagal 395 7.
---+Airteagal 395 8.

Airteagal 395 Teorainn na►C9neamhchosaintí◄móra

-

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 395 1.
Tar éis éifeacht an mhaolaithe ►C11  riosca ◄ chreidmheasa a chur san áireamh i gcomhréir le hAirteagal 399 go hAirteagal 403, ní thabhóidh institiúid ►C11  neamhchosaint ◄ ar chliant ná ar ghrúpa cliant atá nasctha le chéile a bhfuil luach na risíochta sin níos mó ná 25 % de chaipiteal Leibhéal 1 na hinstitiúide. I gcás inar institiúid an cliant sin, nó i gcás ina bhfuil institiúid amháin nó níos mó ná institiúid amháin ar áireamh i ngrúpa cliant atá nasctha le chéile, ní bheidh an luach sin níos airde ná 25 % de chaipiteal Leibhéal 1 na hinstitiúide nó EUR 150 milliún, cibé acu is airde, ar an gcoinníoll nach bhfuil suim luachanna na ►C11  neamhchosanta ◄ ar na cliaint uile atá nasctha le chéile agus nach institiúidí iad níos airde ná 25 % de chaipiteal Leibhéal 1 na hinstitiúide, tar éis éifeacht an mhaolaithe ►C11  riosca ◄ chreidmheasa a chur san áireamh i gcomhréir le hAirteagal 399 go hAirteagal 403.

I gcás gur airde an EUR 150 milliún ná 25 % de chaipiteal Leibhéal 1 na hinstitiúide, tar éis éifeacht an mhaolaithe phriacail chreidmheasa a chur san áireamh i gcomhréir le hAirteagal 399 go hAirteagal 403 den Rialachán seo, ní rachaidh luach na ►C12  neamhchosant ◄ thar theorainn réasúnach i dtéarmaí chaipiteal Leibhéal 1 na hinstitiúide. Cinnfidh an institiúid an teorainn sin i gcomhréir leis na beartais agus na nósanna imeachta dá dtagraítear in Airteagal 81 de Threoir 2013/36/AE, chun aghaidh a thabhairt ar phriacal comhchruinnithe agus chun é a rialú. Ní bheidh an teorainn sin níos airde ná 100 % de chaipiteal Leibhéal 1 na hinstitiúide.

Féadfaidh údaráis inniúla teorainn níos ísle ná EUR 150 milliún a shocrú agus sa chás sin cuirfidh siad ÚBE agus an Coimisiún ar an eolas faoi.

De mhaolú ar an gcéad fhomhír den mhír seo, ní thabhóidh G-SII ►C12  neamhchosant ◄ ar G-SII eile nó G-SII neamh-AE a bhfuil luach na ►C12  neamhchosanta ◄ sin, tar éis éifeacht an mhaolaithe phriacail chreidmheasa a chur san áireamh i gcomhréir le hAirteagail 399 go 403, níos mó ná 15 % dá chaipiteal Leibhéal 1. Déanfaidh G-SII teorainn den sórt sin a chomhlíonadh tráth nach déanaí ná 12 mhí tar éis an dáta ar sainaithníodh é mar G-SII. I gcás ina bhfuil ►C12  neamhchosanta ◄ ag G-SII ar institiúid eile nó grúpa eile a thiocfaidh chun bheith sainaitheanta mar G-SII nó mar G-SII neamh-AE, comhlíonfaidh sé teorainn den sórt sin tráth nach déanaí ná 12 mhír tar éis an dáta ar tháinig an institiúid eile sin nó an grúpa eile sin chun bheith sainaitheanta mar G-SII nó mar G-SII neamh-AE.

Airteagal 395 2.
Déanfaidh ÚBE, i gcomhréir le hAirteagal 16 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010, agus éifeacht an mhaoluithe ►C9  riosca ◄ creidmheasa á cur san áireamh i gcomhréir le hAirteagail 399 go 403, chomh maith le torthaí na bhforbairtí i réimse na scáthbhaincéireachta agus ►C9  neamhchosaintí ◄ móra ag leibhéal idirnáisiúnta agus an Aontais, treoirlínte a eisiúint faoi 31 Nollaig 2014 chun teorainneacha comhiomlána iomchuí a leagan síos i leith ►C9  neamhchosaintí ◄ dá sórt nó teorainneacha aonair níos dlúithe maidir le ►C9  neamhchosaintí ◄ i leith eintitis scáthbhaincéireachta a mbíonn gníomhaíochtaí baincéireachta a ndéanamh acu lasmuigh de chreat rialáilte.

Agus na treoirlínte sin á bhforbairt, féachfaidh ÚBE an mbeadh éifeacht dhíobhálach ábhartha ann ar phróifíl ►C9  riosca ◄ institiúidí a bhunaítear san Aontas, ar sholáthar creidmheasa don bhfíoreacnamaíocht nó ar chobhsaíocht agus feidhmiú ordúil na margaí airgeadais dá dtabharfaí isteach teorainneacha breise.

Faoi 31 Nollaig 2015 déanfaidh an Coimisiún measúnú ar a oiriúnaí agus a éifeachtaí atá sé teorainneacha a fhorchur ar ►C9  neamhchosaintí ◄ ar eintitis bhaincéireachta a mbíonn gníomhaíochtaí baincéireachta á ndéanamh acu lasmuigh de chreat rialáilte, agus forbairtí idirnáisiúnta agus Aontais á gcur san áireamh i réimse na scáthbhaincéireachta agus na ►C9  neamhchosaintí ◄ móra mar aon le maolú ►C9  riosca ◄ creidmheasa i gcomhréir le hAirteagail 399 go 403. Cuirfidh an Coimisiún an tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle, i gcás inarb iomchuí in éineacht le togra reachtach maidir le teorainneacha ►C9  neamhchosaintí ◄ i leith eintitis scáthbhaincéireachta ag gabháil leis an tuairis a mbíonn gníomhaíochtaí baincéireachta á ndéanamh acu lasmuigh de chreat rialáilte.

Airteagal 395 2a.
Faoin 10 Eanáir 2027, tar éis dó dul i gcomhairle le ESMA, eiseoidh ÚBE treoirlínte, i gcomhréir le hAirteagal 16 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010, chun na treoirlínte dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo a nuashonrú.

Agus na treoirlínte sin á dtabhairt cothrom le dáta aige, tabharfaidh ÚBE aird chuí, i measc breithnithe eile, ar rannchuidiú na n-eintiteas scáthbhaincéireachta le haontas na margaí caipitil, ar an drochthionchar a d’fhéadfadh a bheith ag aon athruithe ar na treoirlínte sin, lena n-áirítear teorainneacha breise, ar shamhail ghnó agus próifíl riosca na n-institiúidí agus ar chobhsaíocht agus feidhmiú ordúil na margaí airgeadais.

Ina theannta sin, faoin 31 Nollaig 2027, cuirfidh ÚBE, tar éis dó dul i gcomhairle le ESMA, tuarascáil faoi bhráid an Choimisiúin maidir le rannchuidiú na n-eintiteas scáthbhaincéireachta le haontas na margaí caipitil agus maidir le neamhchosaintí institiúidí ar na heintitis sin, lena n-áirítear maidir le hoiriúnacht teorainneacha comhiomlána nó teorainneacha aonair níos doichte leis na neamhchosaintí sin, agus aird chuí á tabhairt ar chreat rialála agus samhlacha gnó na n-eintiteas sin.

Faoin 31 Nollaig 2028, déanfaidh an Coimisiún, i gcás inarb iomchuí, ar bhonn na tuarascála sin, togra reachtach maidir le teorainneacha neamhchosanta ar eintitis scáthbhaincéireachta a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle.

Airteagal 395 3.
Faoi réir Airteagal 396, comhlíonfaidh institiúid an teorainn ábhartha atá leagtha síos i mír 1 i gcónaí.
Airteagal 395 4.
Sócmhainní arb éard atá iontu éilimh agus ►C9  neamhchosaintí ◄ eile ar ghnólachtaí infheistíochta ó thríú tír aitheanta, féadfar iad a bheith faoi réir na láimhseála céanna mar a leagtar amach i mír 1.
Airteagal 395 5.

Féadfar na teorainneacha a leagtar síos san Airteagal seo a shárú maidir leis na ►C12  neamhchosanta ◄ i leabhar trádála na hinstitiúide, ar choinníoll go gcomhlíontar na coinníollacha uile seo a leanas:

(a) 

ní sháraíonn an ►C12  neamhchosanta ◄ sa leabhair neamhthrádála ar an gcliant i gceist nó ar an ngrúpa cliant atá nasctha le chéile, ní sháraíonn sí an teorainn a leagtar síos i mír 1, ar teorainn í arna ríomh ag tagairt do chaipiteal Leibhéal 1, ionas go dtiocfaidh an barrachas chun cinn go hiomlán sa leabhar trádála;

(b) 

comhlíonann an institiúid ceanglas maidir le cistí dílse breise ar an gcuid den ►C12  neamhchosanta ◄ os cionn na teorann a leagtar síos i mír 1 den Airteagal seo a ríomhtar i gcomhréir le hAirteagal 397 agus Airteagal 398;

(c) 

i gcás ina bhfuil 10 lá nó níos lú ná sin caite ó tharla an barrachas dá dtagraítear i bpointe (b), níl ►C12  neamhchosant ◄ an leabhair trádála ar an gcliant i gceist nó ar an ngrúpa cliant atá nasctha le chéile níos mó ná 500 % de chaipiteal Leibhéal 1 na hinstitiúide;

(d) 

i gcás aon bharrachais a mhairfidh níos faide ná 10 lá, ní mó é, i bhfoirm chomhiomlán, ná 600 % de chaipiteal Leibhéal 1 na hinstitiúide.

Gach uair a shárófar an teorainn, tabharfaidh an institiúid fógra do na húdaráis inniúla gan mhoill faoi mhéid an bharrachais agus faoi ainm an chliaint lena mbaineann agus, i gcás inarb infheidhme, ainm an ghrúpa cliant atá nasctha le chéile lena mbaineann.

Airteagal 395 6.
Chun críocha na míre seo, ciallaíonn bearta struchtúracha bearta a ghlacann Ballstát agus a chuireann údaráis inniúla ábhartha an Bhallstáit sin chun feidhme, roimh do ghníomh dlíthiúil teacht i bhfeidhm lena gcomhchuibhítear bearta den sórt sin go sainráite, a éilíonn go laghdóidh institiúidí creidmheasa arna n-údarú sa Bhallstát sin a ►C9  neamhchosaintí ◄ ar eintitis éagsúla dlíthiúla ag brath ar a ngníomhaíochtaí, beag beann ar an áit ina bhfuil na gníomhaíochtaí sin lonnaithe, d'fhonn taisceoirí a chosaint agus cobhsaíocht airgeadais a chaomhnú.

D'ainneoin mír 1 den Airteagal seo agus Airteagal 400(1)(f), i gcás ina nglacann Ballstáit dlíthe náisiúnta lena n-éilítear go ndéanfar bearta struchtúracha laistigh de ghrúpa baincéireachta, d'fhéadfadh údaráis inniúla a éileamh go gcuirfeadh institiúidí an ghrúpa baincéireachta a bhfuil taiscí ina seilbh acu arna gcumhdach ag Scéim Ráthaíochta Taiscí i gcomhréir le Treoir 94/19/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 1994 maidir le scéimeanna ráthaíochta taiscí ( 34 ) nó ag scéim ráthaíochta taiscí choibhéiseach i dtríú tír, ►C1  go gcuirfidís teorainn mhór ►C9  neamhchosaintí ◄ i bhfeidhm faoi bhun 25 % ach ní faoi bhun 15 % idir an 28 Meitheamh 2013 agus an 30 Meitheamh 2015 ◄ , agus ní faoi bhun 10 % ó 1 Iúil 2015 ar bhonn fochomhdhlúite i gcomhréir le hAirteagal 11(5) maidir le ►C9  neamhchosaintí ◄ inghrúpa i gcás go gcuimseoidh na ►C9  neamhchosaintí ◄ sin ►C9  neamhchosaintí ◄ ar eintiteas nach mbaineann leis an bhfoghrúpa céanna maidir leis na bearta struchtúracha.

Chun críocha na míre seo, comhlíonfar na coinníollacha seo a leanas:

(a) 

féachtar ar gach eintiteas a bhaineann leis an bhfoghrúpa céanna maidir leis na bearta struchtúracha mar aon chliant amháin nó mar ghrúpa de chliaint nasctha;

(b) 

cuirfidh na húdaráis inniúla teorainn aonfhormeach i bhfeidhm ar na ►C9  neamhchosaintí ◄ dá dtagraítear sa chéad fhomhír.

Beidh cur i bhfeidhm an chur chuige seo gan dochar do mhaoirseacht éifeachtach ar bhonn comhdhlúite agus ní bheidh éifeachtaí díobhálacha díréireacha i gceist don chóras airgeadais i bpáirt nó ina iomláine i mBallstáit eile nó san Aontas ina iomláine ná ní fhoirmeoidh sé ná ní chruthóidh sé constaic i gcoinne fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh.

Airteagal 395 7.

►C9  Sula nglacfaidh siad na sainbhearta struchtúracha sin dá dtagraítear i mír 6 a bhaineann le neamhchosaintí móra, tabharfaidh na húdaráis inniúla fógra don Chomhairle, don Choimisiún, do na húdaráis inniúla lena mbaineann agus do ÚBE, dhá mhí ar a laghad sula bhfoilsítear an cinneadh chun na bearta struchtúracha a ghlacadh, agus cuirfidh siad isteach ina leith fianaise cháilíochtúil agus chainníochtúil ábhartha, faoin méid seo a leanas go léir: ◄

(a) 

raon na ngníomhaíochtaí atá faoi réir na mbeart struchtúrach;

(b) 

míniú maidir le cén fáth a meastar dréachtbhearta dá sórt a bheith oiriúnach, éifeachtach agus comhréireach chun taisceoirí a chosaint;

(c) 

measúnú ar thionchar dóchúil dearfach nó diúltach na mbeart ar an margadh aonair bunaithe ar fhaisnéis atá ar fáil don Bhallstát.

Airteagal 395 8.
Tugtar de chumhacht don Choimisiún agus é ag gníomhú i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 464(2), gníomh cur chun feidhme a ghlacadh chun glacadh leis na bearta náisiúnta atá molta dá dtagraítear i mír 7 nó chun diúltú dóibh.

Laistigh de mhí amháin tar éis dóibh an fógra dá dtagraítear i mír 7 a fháil, cuirfidh ÚBE a dtuairimí maidir leis na pointí a luaitear sa mhír sin chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig an mBallstát lena mbaineann. Féadfaidh na húdaráis inniúla lena mbaineann a dtuairimí a thabhairt maidir leis na pointí a luaitear sa mhír sin don Chomhairle, don Choimisiún agus don mBallstát lena mbaineann.

Agus na tuairimí dá dtagraítear sa dara fomhír á gcur san áireamh go hiomlán agus i gcás ina mbeidh fianaise stóinseach, láidir ann go mbeidh tionchar diúltach ag na bearta ar an margadh inmheánach a sháróidh na buntáistí a bheidh ann i leith na cobhsaíochta airgeadais, diúltóidh an Coimisiún do na bearta náisiúnta atá molta, laistigh de dhá mhí tar éis dó an fógra a fháil. Murach sin, glacfaidh an Coimisiún leis na bearta náisiúnta atá molta ar feadh tréimhse tosaigh de 2 bhliain agus, nuair is iomhcuí, d'fhéadfadh na bearta a bheith faoi réir leasaithe.

Ní dhiúltóidh an Coimisiún do na bearta náisiúnta atá molta ach amháin más dóigh leis go mbaineann droch-éifeachtaí míréireacha leo ar an gcóras airgeadais ar an iomlán nó ar chodanna de i mBallstáit eile nó san Aontas ina iomláine, lena ndéantar nó lena gcruthaítear, dá bharr sin, bac ar fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh nó ar shaorghluaiseacht chaipitil i gcomhréir le forálacha CFAE.

Tabharfar ar aird tuairim ÚBE i measúnú an Choimisiúin agus agus tabharfar ar aird an fhianaise arna cur i láthair i gcomhréir le mír 7.

Roimh dhul in éag do na bearta, féadfaidh na húdaráis inniúla bearta nua a mholadh chun síneadh a chur leis an tréimhse lena gcuirfear i bhfeidhm iad go ceann dhá bhliain bhreise gach uair. Sa chás sin, tabharfaidh siad fógra don Choimisiún, don Chomhairle, do na húdaráis inniúla lena mbaineann agus doÚBE. Beidh formheas na mbeart nua faoi réir an phróisis a leagtar amach san Airteagal seo. Beidh an tAirteagal seo gan dochar d'Airteagal 458.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas