+Airteagal 397 Ceanglais cistí dílse a ríomh maidir le►C9neamhchosaintí◄móra sa leabhar trádála
---+Airteagal 397 1.
---+Airteagal 397 2.
---+Airteagal 397 3.

Airteagal 397 Ceanglais cistí dílse a ríomh maidir le►C9neamhchosaintí◄móra sa leabhar trádála

-

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 397 1.
Ríomhfar an barrachas dá dtagraítear in Airteagal 395(54)(b) trí na comhpháirteanna den ►C9  neamhchosaint ◄ trádála iomlán ar an gcliant nó ar an ngrúpa cliant nasctha atá i gceist a roghnú lena dtarraingítear na ceanglais ►C9  riosca ◄ shonraigh is airde i gCuid a Trí, Teideal IV, Caibidil 2 nó na ceanglais in Airteagal 299 agus i gCuid a Trí, Teideal V, nó an dá rud, arb ionann an tsuim díobh agus méid an bharrachais dá dtagraítear i bpointe (a) d'Airteagal 395(54).
Airteagal 397 2.
I gcás aon bharrachais nár mhair níos faide ná 10 lá, is é 200 % de na ceanglais dá dtagraítear i mír 1 a bheidh sa cheanglas caipitil breise i leith na gcomhpháirteanna sin.
Airteagal 397 3.

Amhail ó 10 lá tar éis don bharrachas tarlú, leithdháilfear comhpháirteanna an bharrachais, arna roghnú i gcomhréir le mír 1, ar an líne iomchuí i gColún 1 de Thábla 1 in ord ardaitheach na gceanglas ►C9  riosca ◄ shonraigh i gCuid a Trí, Teideal IV, Caibidil 2 agus/nó in ord ardaitheach na gceanglas in Airteagal 299 agus i gCuid a Trí, Teideal V. Beidh an ceanglas cistí dílse breise cothrom le suim na gceanglas ►C9  riosca ◄ shonraigh i gCuid a Trí, Teideal IV, Caibidil 2 agus/nó suim na gceanglas in Airteagal 299 agus i gCuid a Trí, Teideal V, arna iolrú ag an bhfachtóir comhfhreagrach i gColún 2 de Thábla 1.



Tábla 1

Colún 1: Barrachas thar na teorainneacha

(ar bhonn chéatadán an chaipitil incháilithe) ►M8  caipiteal incháilithe ◄

Colún 2: Fachtóirí

Suas go 40 %

200 %

Ó 40 % go 60 %

300 %

Ó 60 % go 80 %

400 %

Ó 80 % go 100 %

500 %

Ó 100 % go 250 %

600 %

Os cionn 250 %

900 %

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas