|
+Airteagal 402 3. |
Airteagal 402 3.►C9 Neamhchosaint ◄ ar chontrapháirtí a eascraíonn as comhaontú athcheannaigh droim ar ais faoinar cheannaigh an institiúid ón gcontrapháirtí liain mhorgáiste neamhspleácha neamh-ghabháltais ar mhaoin dhochorraithe tríú páirtithe, féadfaidh institiúid í a láimhseáil mar roinnt ►C9 neamhchosaintí ◄ aonair ar gach ceann de na tríú páirtithe sin, ar an gcoinníoll go gcomhlíonfar na coinníollacha uile a leanas:
(a)
is institiúid nó gnólacht infheistíochta an contrapháirtí;
(b)
tá an ►C9 neamhchosaint ◄ á hurrú go hiomlán ag liain ar mhaoin dhochorraithe na dtríú páirtithe sin a cheannaigh an institiúid agus is féidir leis an institiúid na liain sin a chleachtadh;
(c)
d'áirithigh an institiúid go gcomhlíonfar na ceanglais atá in Airteagal 208 agus in Airteagal 229(1);
(d)
beidh an institiúid mar thairbhí na n-éileamh a dhéanann an contrapháirtí i gcoinne na dtríú páirtithe i gcás mhainneachtain, dhócmhainneacht nó leachtacht an chontrapháirtí;
(e)
i gcomhréir le hAirteagal 394, tabharfaidh an institiúid tuairisc do na húdaráis inniúla i ndáil le méid iomlán na ►C11 neamhchosanta ◄ ar gach institiúid nó gnólacht infheistíochta eile a láimhseálfar i gcomhréir leis an mír seo. Chun na críche sin, glacfaidh an institiúid leis go mbeidh ►C9 neamhchosaint ◄ aici ar gach ceann de na tríú páirtithe sin i leith mhéid an éilimh a dhéanfaidh an contrapháirtí i gcoinne an tríú pháirtí in ionad mhéid comhfhreagrach na ►C9 neamhchosaint ◄ ar an gcontrapháirtí. Leanfar den chuid eile den ►C9 neamhchosaint ◄ ar an gcontrapháirtí, más ann di, a láimhseáil mar ►C9 neamhchosaint ◄ ar an gcontrapháirtí. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|