+Airteagal 402 ►C9Neamhchosaintí◄a thig as iasachtú morgáiste
---+Airteagal 402 1.
---+Airteagal 402 2.
---+Airteagal 402 3.

Airteagal 402 ►C9Neamhchosaintí◄a thig as iasachtú morgáiste

-

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 402 1.

►M17  Chun luachanna na neamhchosanta a ríomh chun críocha Airteagal 395, féadfaidh institiúidí, seachas i gcás ina bhfuil toirmeasc ar a leithéid leis an dlí náisiúnta is infheidhme, luach neamhchosanta nó aon chuid de neamhchosaint a laghdú, ar neamhchosaint í arna hurrú le réadmhaoin chónaithe i gcomhréir le hAirteagal 125(1) leis an méid arna chur i ngeall den luach réadmhaoine, ach nach mó ná 55 % den luach réadmhaoine, ar choinníoll go gcomhlíontar gach ceann de na coinníollacha seo a leanas: ◄

▼M17

(a) 

níl ualú riosca níos airde ná 20 % socraithe ag na húdaráis inniúla le haghaidh neamhchosaintí nó codanna de neamhchosaintí arna n-urrú le réadmhaoin chónaithe i gcomhréir le hAirteagal 124(9);

▼M8

(b) 

tá an ►C12  neamhchosaint ◄ nó cuid den ►C12  neamhchosaint ◄ urraithe go hiomlán ag an méid seo a leanas:

(i) 

morgáiste amháin nó níos mó ar réadmhaoin chónaithe; nó

(ii) 

réadmhaoin chónaithe in idirbheart léasaithe faoina gcoinníonn an léasóir úinéireacht iomlán ar an réadmhaoin chónaithe agus nach bhfuil rogha an léasaí í a cheannach feidhmithe aige nó aici go fóill;

(c) 

comhlíontar na ceanglais a leagtar síos in Airteagal 208 agus in Airteagal 229(1).

Airteagal 402 2.

►M17  Chun luachanna na neamhchosanta a ríomh chun críocha Airteagal 395, féadfaidh institiúidí, seachas i gcás ina bhfuil toirmeasc ar a leithéid leis an dlí náisiúnta is infheidhme, luach neamhchosanta nó aon chuid de neamhchosaint a laghdú, ar neamhchosaint í atá urraithe le réadmhaoin dhochorraithe tráchtála i gcomhréir le hAirteagal 126(1) leis an méid arna chur i ngeall den luach réadmhaoine, ach nach mó ná 55 % den luach réadmhaoine, ar choinníoll go gcomhlíontar gach ceann de na coinníollacha seo a leanas: ◄

▼M17

(a) 

níl ualú riosca níos airde ná 60 % socraithe ag na húdaráis inniúla le haghaidh neamhchosaintí nó codanna de neamhchosaintí arna n-urrú le réadmhaoin dhochorraithe tráchtála i gcomhréir le hAirteagal 124(9);

▼M8

(b) 

tá an ►C12  neamhchosaint ◄ urraithe go hiomlán ag an méid seo a leanas:

(i) 

morgáiste amháin nó níos mó ar oifigí nó ar áitribh tráchtála eile; nó

(ii) 

oifig nó áitribh tráchtála eile amháin nó níos mó agus na ►C12  neamhchosainti ◄ a bhaineann le hidirbhearta léasaithe maoine;

▼M17

(c) 

comhlíontar na ceanglais in Airteagal 124(3), pointe (c), agus in Airteagal 208 agus in Airteagal 229(1);

▼M8

(d) 

tá an mhaoin tráchtála dhochorraithe go hiomlán tógtha.

Airteagal 402 3.

►C9  Neamhchosaint ◄ ar chontrapháirtí a eascraíonn as comhaontú athcheannaigh droim ar ais faoinar cheannaigh an institiúid ón gcontrapháirtí liain mhorgáiste neamhspleácha neamh-ghabháltais ar mhaoin dhochorraithe tríú páirtithe, féadfaidh institiúid í a láimhseáil mar roinnt ►C9  neamhchosaintí ◄ aonair ar gach ceann de na tríú páirtithe sin, ar an gcoinníoll go gcomhlíonfar na coinníollacha uile a leanas:

▼M9

(a) 

is institiúid nó gnólacht infheistíochta an contrapháirtí;

▼B

(b) 

tá an ►C9  neamhchosaint ◄ á hurrú go hiomlán ag liain ar mhaoin dhochorraithe na dtríú páirtithe sin a cheannaigh an institiúid agus is féidir leis an institiúid na liain sin a chleachtadh;

(c) 

d'áirithigh an institiúid go gcomhlíonfar na ceanglais atá in Airteagal 208 agus in Airteagal 229(1);

(d) 

beidh an institiúid mar thairbhí na n-éileamh a dhéanann an contrapháirtí i gcoinne na dtríú páirtithe i gcás mhainneachtain, dhócmhainneacht nó leachtacht an chontrapháirtí;

▼M9

(e) 

i gcomhréir le hAirteagal 394, tabharfaidh an institiúid tuairisc do na húdaráis inniúla i ndáil le méid iomlán na ►C11  neamhchosanta ◄ ar gach institiúid nó gnólacht infheistíochta eile a láimhseálfar i gcomhréir leis an mír seo.

▼B

Chun na críche sin, glacfaidh an institiúid leis go mbeidh ►C9  neamhchosaint ◄ aici ar gach ceann de na tríú páirtithe sin i leith mhéid an éilimh a dhéanfaidh an contrapháirtí i gcoinne an tríú pháirtí in ionad mhéid comhfhreagrach na ►C9  neamhchosaint ◄ ar an gcontrapháirtí. Leanfar den chuid eile den ►C9  neamhchosaint ◄ ar an gcontrapháirtí, más ann di, a láimhseáil mar ►C9  neamhchosaint ◄ ar an gcontrapháirtí.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas