+Airteagal 419 Airgeadraí ina bhfuil teorainn le hinfhaighteacht sócmhainní leachtacha
---+Airteagal 419 1.
---+Airteagal 419 2.
---+Airteagal 419 3.
---+Airteagal 419 4.
---+Airteagal 419 5.

Airteagal 419 Airgeadraí ina bhfuil teorainn le hinfhaighteacht sócmhainní leachtacha

-

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 419 1.
Déanfaidh ÚBE measúnú ar an bhfáil a bheidh ag institiúidí ar na sócmhainní leachtacha dá dtagraítear i bpointe (b) d'Airteagal 416(1) sna hairgeadraí atá ábhartha d'institiúidí a bhunaítear san Aontas.
Airteagal 419 2.

I gcás inar mó na riachtanais chuí-réasúnaithe le sócmhainní leachtacha i bhfianaise an cheanglais in Airteagal 412 ná infhaighteacht na sócmhainní leachtacha sin in airgeadra, beidh feidhm ag ceann amháin nó níos mó de na maoluithe seo a leanas:

(a) 

de mhaolú ar phointe (f) d'Airteagal 417, féadfaidh ainmníocht na sócmhainní leachtacha a bheith ar neamhréir le dáileadh de réir airgeadra eis-sreabha leachtachta tar éis insreabha a asbhaint;

(b) 

i gcás airgeadraí Ballstáit nó tríú tíortha, féadfar línte creidmheasa ó bhanc ceannais an Bhallstáit sin nó an tríú tír sin, atá tiomanta go neamh-inchúlghairthe ar bhonn conarthach don 30 lá dar gcionn agus a bhfuil a bpraghsanna socraithe go cóir, neamhspleách ar an méid atá tarraingthe faoi láthair, a chur in ionad sócmhainní leachtacha riachtanacha, ar an gcoinníoll go ndéanann údaráis inniúla an Bhallstáit sin nó an tríú tír sin an rud céanna agus ar an gcoinníoll go bhfuil ceanglais tuairiscithe inchomparáide i bhfeidhm ag an mBallstát sin nó ag an tríú tír sin;

(c) 

i gcás ina bhfuil easnamh de shócmhainní leibhéal 1 ann, féadfaidh sócmhainní breise leibhéal 2A a bheith ina seilbh ag an institiúid faoi réir caolchorrlaigh níos airde agus aon uasteorainn is infheidhme maidir leis na sócmhainní sin i gcomhréir leis an ngníomh tarmligthe dá dtagraítear in Airteagal 460(1), féadfar í a leasú.

Airteagal 419 3.
Beidh na maoluithe a chuirfear i bhfeidhm i gcomhréir le mír 2 comhréireach go hinbhéartach le hinfhaighteacht na sócmhainní ábhartha. Déanfar measúnú ar riachtanais chuí-réasúnaithe institiúidí, agus an cumas atá acu chun laghdú a dhéanamh á chur san áireamh, trí bhainistíocht leachtachta fhónta, ar an ngá atá leis na sócmhainní leachtacha sin agus le sealúchais na sócmhainní sin ag rannpháirtithe eile sa mhargadh.
Airteagal 419 4.
Forbróidh ÚBE dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme ina liostaítear na hairgeadraí a chomhlíonann na ceanglais atá leagtha amach san Airteagal seo.

Cuirfidh ÚBE na dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 31 Márta 2014.

Tugtar cumhacht don Choimisiún na caighdeáin theicniúla cur chun feidhme dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010.

Airteagal 419 5.
Forbróidh ÚBE dréachtchaighdeáin theicniúla rialála chun na maoluithe dá dtagraítear i mír 2 a shainiú, lena n-áirítear na coinníollacha faoina gcuirfear i bhfeidhm iad.

Cuirfidh ÚBE na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 28 Nollaig 2019.

Déantar cumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 10 go hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas