|
+Airteagal 422 2. |
Airteagal 422 2.Déanfaidh institiúidí dliteanais a thig ó iasachtú urraithe agus ó idirbhearta atá faoi thionchar an mhargaidh caipitil mar atá sainmhínithe i bpointe (3) d'Airteagal 192 a iolrú fúthu seo a leanas:
(a)
0 % suas go dtí luach na sócmhainní leachtacha i gcomhréir le hAirteagal 418 má tá siad comhthaobhaithe le sócmhainní a cháileodh mar shócmhainní leachtacha i gcomhréir le hAirteagal 416;
(b)
100 % thar luach na sócmhainní leachtacha i gcomhréir le hAirteagal 418, má tá siad comhthaobhaithe le sócmhainní a cháileodh mar shócmhainní leachtacha i gcomhréir le hAirteagal 416;
(c)
100 % má tá siad comhthaobhaithe le sócmhainní nach gcáileodh mar shócmhainní leachtacha i gcomhréir le hAirteagal 416, cé is moite d'idirbhearta arna gcumhdach le pointe (d) agus le pointe (e) den mhír sin.
(d)
25 % má tá siad comhthaobhaithe le sócmhainní nach gcáileodh mar shócmhainní leachtacha i gcomhréir le hAirteagal 416 agus más ionann an t-iasachtóir agus an rialtas lárnach, nó eintiteas earnála poiblí de chuid an Bhallstáit inar údaraíodh an institiúid chreidmheasa nó inar bhunaigh sí brainse, nó banc forbartha iltaobhach. Beidh eintitis earnálá poiblí a dtugtar an láimhseáilsin dóibh, teoranta dóibh sin a bhfuil ualú priacail 20 % nó níos lú acu i gcomhréir le Caibidil 2, Teideal II de Chuid a Trí.
(e)
0 % más banc ceannais an t-iasachtóir. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|