+Airteagal 422 Eis-sreafaí ar dhliteanais eile
---+Airteagal 422 1.
---+Airteagal 422 2.
---+Airteagal 422 3.
---+Airteagal 422 4.
---+Airteagal 422 5.
---+Airteagal 422 6.
---+Airteagal 422 7.
---+Airteagal 422 8.
---+Airteagal 422 9.
---+Airteagal 422 10.
|
Airteagal 422 Eis-sreafaí ar dhliteanais eile
-
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 422 1.
|
Déanfaidh institiúidí dliteanais a thig ó caiteachaisoibriúcháin na hinstitiúide féin a iolrú faoi 0 %.
|
|
Airteagal 422 2.
|
Déanfaidh institiúidí dliteanais a thig ó iasachtú urraithe agus ó idirbhearta atá faoi thionchar an mhargaidh caipitil mar atá sainmhínithe i bpointe (3) d'Airteagal 192 a iolrú fúthu seo a leanas:
(a)
0 % suas go dtí luach na sócmhainní leachtacha i gcomhréir le hAirteagal 418 má tá siad comhthaobhaithe le sócmhainní a cháileodh mar shócmhainní leachtacha i gcomhréir le hAirteagal 416;
(b)
100 % thar luach na sócmhainní leachtacha i gcomhréir le hAirteagal 418, má tá siad comhthaobhaithe le sócmhainní a cháileodh mar shócmhainní leachtacha i gcomhréir le hAirteagal 416;
(c)
100 % má tá siad comhthaobhaithe le sócmhainní nach gcáileodh mar shócmhainní leachtacha i gcomhréir le hAirteagal 416, cé is moite d'idirbhearta arna gcumhdach le pointe (d) agus le pointe (e) den mhír sin.
(d)
25 % má tá siad comhthaobhaithe le sócmhainní nach gcáileodh mar shócmhainní leachtacha i gcomhréir le hAirteagal 416 agus más ionann an t-iasachtóir agus an rialtas lárnach, nó eintiteas earnála poiblí de chuid an Bhallstáit inar údaraíodh an institiúid chreidmheasa nó inar bhunaigh sí brainse, nó banc forbartha iltaobhach. Beidh eintitis earnálá poiblí a dtugtar an láimhseáilsin dóibh, teoranta dóibh sin a bhfuil ualú priacail 20 % nó níos lú acu i gcomhréir le Caibidil 2, Teideal II de Chuid a Trí.
(e)
0 % más banc ceannais an t-iasachtóir.
|
|
Airteagal 422 3.
|
Déanfaidh institiúidí dliteanais a thig ó thaiscí nach mór a choinneáil:
(a)
ag an taisceoir d'fhonn seirbhísí imréitigh, coimeádta nó bainistíochta airgid nó seirbhísí inchomparáide eile a fháil ón institiúid;
(b)
i gcomhthéacs cúraimí comhchoiteanna a roinnt laistighde scéim cosanta institiúideach a chomhlíonann ceanglais Airteagal 113(7) nó mar íostaisce dhlíthiúil nó reachtúil ag eintiteas eile ar Comhalta é den scéim cosanta institiúideach chéanna;
(c)
ag an taisceoir i gcomhthéacs gaoil oibríochtúil sheanbhunaithe seachas an gaol a luaitear i bpointe (a);
(d)
ag an taisceoir chun seirbhísí imréitigh airgid agus institiúide creidmheasa lárnaí a fháil agus i gcás go bhfuil an institiúid chreidmheasa ina cuid de líonra i gcomhréir le forálacha dlí nó forálacha reachtúla;
a iolrú faoi 5 % i gcás phointe (a) a mhéid a chumhdaítear iad le Scéim Ráthaíochta Taiscí i gcomhréir le Treoir 94/19/CE nó le scéim ráthaíochta taiscí choibhéiseach i dtríú tír agus faoi 25 % murach sin.
Déanfar taiscí ó institiúidí creidmheasa a chuirtear in institiúidí creidmheasa lárnacha a meastar gur sócmhainní leachtacha iad i gcomhréir le hAirteagal 416(1)(f) a iolrú faoi ráta eis-sreafa 100 %.
|
|
Airteagal 422 4.
|
Ní chumhdaíonn seirbhísí imréitigh, coimeádta nó bainistíochta airgid nó seirbhísí inchomparáide eile dá dtagraítear i bpointe (a) agus pointe (d) de mhír 3 ach amháin na seirbhísí sin a mhéid a chuirtear ar fáil iad i gcomhthéacs gaoil sheanbhunaithe ar a bhfuil spleáchas substaintiúil ag an taisceoir. Ní chuimseoidh na seirbhísí sin seirbhísí baincéireachta comhfhreagraí nó bróicéireachta príomha amháin agus beidh fianaise ag na hinstitiúidí nach bhfuil an cliant ábalta méideanna atá dlite de réir dlí a aistarraingt thar thréimhse ama 30 lá gan cur as dá fheidhmiú oibríochtúil. Go dtí go soláthrófar sainmhíniú aonfhoirmeach ar ghaol oibríochtúil seanbhunaithe dá dtagraítear i bpointe (c) de mhír 3, bunóidh institiúidí féin na critéir chun gaol oibríochtúil seanbhunaithe a shainaithint a bhfuil fianaise acu ina leith nach bhfuil an cliant ábalta méideanna atá dlite de réir dlí a aistarraingt thar thréimhse ama 30 lá gan cur isteach ar a fheidhmiú oibríochtúil agus tuairisceoidh siad na critéir sin do na húdaráis inniúla. Mura bhfuil sainmhíniú aonfhoirmeach ann, féadfaidh údaráis inniúla treoir ghinearálta a thabhairt d'institiúidí le go bhféadfaidh siad taiscí arna gcoinneáil ag an taisceoir i gcomhthéacs gaol oibríochtúil seanbhunaithe a shainaithint.
|
|
Airteagal 422 5.
|
Déanfaidh institiúidí dliteanais a thig ó thaiscí ag cliaint nach custaiméirí airgeadais iad a iolrú faoi 40 % a mhéid nach dtagann siad faoi mhír 3 agus mhír 4 agus iolróidh siad faoi 20 % méid na ndliteanas sin arna gcumhdach ag Scéim Ráthaíochtaí Taiscí i gcomhréir le Treoir 94/19/CE nó Scéim Ráthaíochta Taiscí choibhéiseach i dtríú tír.
|
|
Airteagal 422 6.
|
Déanfaidh institiúidí eis-sreafaí agus insreafaí a mbeidh súil leo thar an tréimhse 30 lá ó na conarthaí atá liostaithe in Iarscríbhinn II a chur san áireamh ar bhonn glan thar contrapháirtithe agus iolróidh siad iad faoi 100 % i gcás glan-eis-sreafa. Ciallóidh bonn glan comhthaobhacht a cháilíonn mar shócmhainní leachtacha faoi Airteagal 416 a bheith faighte freisin.
|
|
Airteagal 422 7.
|
Déanfaidh institiúidí tuairisciú ar leithligh ar dhliteanais eile nach dtagann faoi mhíreanna 1 go 5.
|
|
Airteagal 422 8.
|
Féadfaidh údaráis inniúla cead a thabhairt céatadán eis-sreabh níos ísle a chur i bhfeidhm maidir leis na dliteanais dá dtagraítear i mír 7, ar bhonn cáis ar chás, ar an gcoinníoll go gcomhlíontar gach ceann de na coinníollacha seo a leanas:
(a)
is ceann díobh seo a leanas an contrapháirtí:
▼M9
(i)
máthairinstitiúid nó fo-institiúid de chuid na hinstitiúide, nó máthairghnólacht infheistíochta nó foghnólacht infheistíochta de chuid na hinstitiúide, nó fochuideachta eile de chuid na máthairinstitiúide céanna nó an mháthairghnólachta infheistíochta chéanna;
▼M8
(ii)
tá an contrapháirtí nasctha leis an institiúid trí ghaol de réir bhrí Airteagal 22(7) de Threoir 2013/34/AE;
(iii)
institiúid a thagann faoin scéim cosanta institiúideach chéanna a chomhlíonann ceanglais Airteagal 113(7); nó
(iv)
institiúid lárnach nó comhalta de líonra a chomhlíonann pointe (d) d'Airteagal 400(2);
(b)
tá cúiseanna ann le bheith ag súil le heis-sreabh níos ísle thar an gcéad 30 lá eile ina dhiaidh sin fiú amháin faoi chás struis atá neamhghnách agus atá ar fud an mhargaidh;
(c)
cuireann an contrapháirtí insreabh siméadrach comhfhreagrach nó insreabh níos coimeádaí i bhfeidhm de mhaolú ar Airteagal 425;
(d)
beidh an institiúid agus an contrapháirtí bunaithe sa Bhallstát céanna.
|
|
Airteagal 422 9.
|
Féadfaidh údaráis inniúla na coinníollacha a leagtar amach i bpointe (d) de mhír 8 a tharscaoileadh, i gcás ina gcuirtear pointe (b) d'Airteagal 20 (1) i bhfeidhm. Sa chás sin, ní mór na critéir bhreise oibiachtúla a leagtar amach sa ghníomh tarmligthe dá dtagraítear in Airteagal 460 a chomhlíonadh. I gcás ina gceadaítear eis-sreabhadh níos ísle den sórt sin a chur i bhfeidhm, cuirfidh na húdaráis inniúla ÚBE ar an eolas faoi thoradh an phróisis dá dtagraítear i bpointe (b) d'Airteagal 20 (1). Déanfaidh na húdaráis inniúla athbhreithniú rialta ar chomhlíonadh na gcoinníollacha a bheidh ann maidir le heis-sreafaí níos ísle den sórt sin.
|
|
Airteagal 422 10.
|
Forbróidh ÚBE dréachtchaighdeáin theicniúla rialála chun na critéir oibiachtúla bhreise dá dtagraítear i mír 9.shonrú tuilleadh Cuirfidh ÚBE na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 1 Eanáir 2015. Déantar cumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún chun na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 10 go hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
|