|
+Airteagal 428g Taiscí i scéimeanna cosanta institiúideacha agus líonraí comharchumann |
Airteagal 428g Taiscí i scéimeanna cosanta institiúideacha agus líonraí comharchumannAirteagal 428g Taiscí i scéimeanna cosanta institiúideacha agus líonraí comharchumann I gcás ina mbaineann institiúid le scéim cosanta institiúideach den chineál dá dtagraítear in Airteagal 113(7), le líonra is incháilithe don tarscaoileadh dá bhforáiltear in Airteagal 10 nó le líonra comharchumann i mBallstát, beidh na taiscí ar amharc a choinníonn an institiúid leis an institiúid lárnach agus a mheasann an institiúid taiscthe gur sócmhainní leachtachta iad de bhun an ghnímh tharmligthe dá dtagraítear in Airteagal 460(1), beidh na taiscí sin faoi réir an mhéid seo a leanas:
(a)
cuirfidh an institiúid taiscthe i bhfeidhm an fachtóir cistiúcháin chobhsaí cheangailtigh faoi Roinn 2 de Chaibidil 4, ag brath ar láimhseáil na dtaiscí ar amharc sin mar shócmhainní leibhéal 1, leibhéal 2A nó leibhéal 2B de bhun an ghnímh tharmligthe dá dtagraítear in Airteagal 460(1) agus ag brath ar an gcaolchorrlach ábhartha arna chur i bhfeidhm ar na taiscí ar amharc sin chun an cóimheas cumhdaigh ar leachtacht a ríomh;
(b)
cuirfidh an institiúid lárnach a gheobhaidh an taisce an fachtóir cistiúcháin chobhsaí siméadrach comhfhreagrach atá ar fáil i bhfeidhm. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|