|
+Airteagal 428i Méid an chistiúcháin chobhsaí atá ar fáil a ríomh |
Airteagal 428i Méid an chistiúcháin chobhsaí atá ar fáil a ríomhAirteagal 428i Méid an chistiúcháin chobhsaí atá ar fáil a ríomh Mura sainítear a mhalairt sa Chaibidil seo, déanfar méid an chistiúcháin chobhsaí atá ar fáil a ríomh trí luach cuntasaíochta na gcatagóirí éagsúla nó na gcineálacha éagsúla dliteanas agus cistí dílse a iolrú faoi na fachtóirí cistiúcháin chobhsaí atá ar fáil agus atá le cur i bhfeidhm faoi Roinn 2. Is éard a bheidh i méid iomlán an chistiúcháin chobhsaí atá ar fáil suim mhéideanna ualaithe na ndliteanas agus na gcistí dílse. Bannaí agus urrúis fiachais eile a eisíonn an institiúid, a dhíoltar go heisiach sa mhargadh miondíola agus a shealbhaítear i gcuntas miondíola, féadfar iad a láimhseáil amhail is gur leis an gcatagóir iomchuí taisce miondíola iad. Cuirfear teorannú i bhfeidhm ionas nach bhféadfaidh páirtithe eile seachas custaiméirí miondíola na hionstraimí sin a cheannach ná a shealbhú. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|