+Airteagal 428s 1.

Airteagal 428s 1.

Beidh na sócmhainní agus na hítimí lasmuigh den chlár comhardaithe seo a leanas faoi réir fachtóir cistiúcháin chobhsaí cheangailtigh 5 %:

(a) 

scaireanna nó aonaid neamhualaithe i GCanna is incháilithe le haghaidh caolchorrlach 5 % chun an cóimheas cumhdaigh ar leachtacht a ríomh i gcomhréir leis an ngníomh tarmligthe dá dtagraítear in Airteagal 460(1), bíodh na ceanglais oibriúcháin agus na ceanglais maidir le comhdhéanamh an mhaoláin leachtachta á gcomhlíonadh acu de réir mar a leagtar amach sa ghníomh tarmligthe sin nó ná bíodh;

(b) 

airgead atá dlite ó idirbhearta um maoiniú urrús le cliaint airgeadais, i gcás ina bhfuil aibíocht iarmhair is lú ná sé mhí ag na hidirbhearta sin, seachas iad siúd dá dtagraítear i bpointe (g) d'Airteagal 428r(1);

(c) 

an chuid neamhtharraingthe de na saoráidí tiomanta creidmheasa agus leachtachta de bhun an ghnímh tharmligthe dá dtagraítear in Airteagal 460(1);

(d) 

táirgí a bhaineann le maoiniú trádála lasmuigh den chlár comhardaithe dá dtagraítear in Iarscríbhinn I a bhfuil aibíocht iarmhair is lú ná sé mhí acu.

Cuirfidh institiúidí an t-airgead dlite dá dtagraítear i bpointe (b) den chéad fhomhír den mhír seo san áireamh ar bhonn glan i gcás ina bhfuil feidhm ag Airteagal 428e.

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas