+Airteagal 428s Fachtóir cistiúcháin chobhsaí cheangailtigh 5 %
---+Airteagal 428s 1.
---+Airteagal 428s 2.
|
Airteagal 428s Fachtóir cistiúcháin chobhsaí cheangailtigh 5 %
-
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 428s 1.
|
Beidh na sócmhainní agus na hítimí lasmuigh den chlár comhardaithe seo a leanas faoi réir fachtóir cistiúcháin chobhsaí cheangailtigh 5 %:
(a)
scaireanna nó aonaid neamhualaithe i GCanna is incháilithe le haghaidh caolchorrlach 5 % chun an cóimheas cumhdaigh ar leachtacht a ríomh i gcomhréir leis an ngníomh tarmligthe dá dtagraítear in Airteagal 460(1), bíodh na ceanglais oibriúcháin agus na ceanglais maidir le comhdhéanamh an mhaoláin leachtachta á gcomhlíonadh acu de réir mar a leagtar amach sa ghníomh tarmligthe sin nó ná bíodh;
(b)
airgead atá dlite ó idirbhearta um maoiniú urrús le cliaint airgeadais, i gcás ina bhfuil aibíocht iarmhair is lú ná sé mhí ag na hidirbhearta sin, seachas iad siúd dá dtagraítear i bpointe (g) d'Airteagal 428r(1);
(c)
an chuid neamhtharraingthe de na saoráidí tiomanta creidmheasa agus leachtachta de bhun an ghnímh tharmligthe dá dtagraítear in Airteagal 460(1);
(d)
táirgí a bhaineann le maoiniú trádála lasmuigh den chlár comhardaithe dá dtagraítear in Iarscríbhinn I a bhfuil aibíocht iarmhair is lú ná sé mhí acu.
Cuirfidh institiúidí an t-airgead dlite dá dtagraítear i bpointe (b) den chéad fhomhír den mhír seo san áireamh ar bhonn glan i gcás ina bhfuil feidhm ag Airteagal 428e.
|
|
Airteagal 428s 2.
|
Maidir le tacair ghlanluachála uile na gconarthaí díorthach, cuirfidh institiúidí fachtóir cistiúcháin chobhsaí cheangailtigh 5 % i bhfeidhm ar luach cóir absalóideach thacair ghlanluachála na gconarthaí díorthach sin, an chomhthaobhacht a bhreactar san áireamh, i gcás ina bhfuil luach cóir diúltach ag na tacair ghlanluachála sin. Chun críocha na míre seo, cinnfidh institiúidí an luach cóir mar oll fhoirmiú aon chomhthaobhacht a bhreactar nó socraíochta nó íocaíochtaí agus fáltais a bhaineann le luacháil ar an margadh athruithe ar na conarthaí sin.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
|