|
+Airteagal 428ad Fachtóir cistiúcháin chobhsaí cheangailtigh 50 % |
Airteagal 428ad Fachtóir cistiúcháin chobhsaí cheangailtigh 50 %Airteagal 428ad Fachtóir cistiúcháin chobhsaí cheangailtigh 50 % Beidh na sócmhainní seo a leanas faoi réir fachtóir cistiúcháin chobhsaí cheangailtigh 50 %:
(a)
sócmhainní neamhualaithe is incháilithe mar shócmhainní leibhéal 2B de bhun an ghnímh tharmligthe dá dtagraítear in Airteagal 460(1), cé is moite d'urrúsuithe neamhualaithe leibhéal 2B agus bannaí faoi chumhdach ardchaighdeáin de bhun an ghnímh tharmligthe sin, bíodh na ceanglais oibriúcháin agus na ceanglais maidir le comhdhéanamh an mhaoláin leachtachta mar a leagtar amach sa ghníomh tarmligthe sin á gcomhlíonadh acu nó ná bíodh;
(b)
taiscí arna sealbhú ag an institiúid in institiúid airgeadais eile a chomhlíonann na critéir maidir le taiscí oibríochtúla a leagtar amach sa ghníomh tarmligthe dá dtagraítear in Airteagal 460(1);
(c)
airgead atá dlite ó idirbhearta leis na dreamanna seo a leanas a bhfuil aibíocht iarmhair is lú ná aon bhliain amháin acu:
(i)
rialtas láir Ballstáit nó de thríú tír;
(ii)
rialtais réigiúnacha nó údaráis áitiúla i mBallstát nó i dtríú tír;
(iii)
eintitis earnála poiblí Ballstáit nó de thríú tír;
(iv)
na bainc forbartha iltaobhacha dá dtagraítear in Airteagal 117(2) agus na heagraíochtaí idirnáisiúnta dá dtagraítear in Airteagal 118;
(v)
corparáidí neamhairgeadais, custaiméirí miondíola agus FBManna;
(vi)
comhair chreidmheasa atá údaraithe ag údarás inniúil, cuideachtaí infheistíochta phearsanta agus cliaint ar bróicéirí taisce iad sa mhéid nach dtagann na dliteanais sin faoi phointe (a) den mhír seo;
(d)
airgead atá dlite ó idirbhearta leis na dreamanna seo a leanas a bhfuil aibíocht iarmhair is lú ná aon bhliain amháin acu:
(i)
an Banc Ceannais Eorpach nó banc ceannais Ballstáit;
(ii)
banc ceannais tríú tír;
(iii)
custaiméirí airgeadais;
(e)
táirgí a bhaineann le maoiniú trádála laistigh den chlár comhardaithe a bhfuil aibíocht iarmhair sé mhí ar a laghad acu ach is lú ná aon bhliain amháin;
(f)
sócmhainní atá ualaithe i gcomhair aibíocht iarmhair sé mhí ar a laghad ach is lú ná aon bhliain amháin, seachas i gcás ina sannfaí fachtóir níos airde cistiúcháin chobhsaí cheangailtigh do na sócmhainní sin i gcomhréir le hAirteagal 428ae go hAirteagal 428ah ach iad a bheith á sealbhú go neamhualaithe agus, sa chás sin, beidh feidhm ag an bhfachtóir is airde cistiúcháin chobhsaí cheangailtigh a bheadh infheidhme maidir leis na sócmhainní sin ach iad a bheith á sealbhú go neamhualaithe;
(g)
aon sócmhainní eile a bhfuil aibíocht iarmhair is lú ná bliain amháin acu, mura sonraítear a mhalairt in Airteagal 428r go hAirteagal 428ac. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|