+Airteagal 428al 3.

Airteagal 428al 3.

Beidh na dliteanais seo a leanas faoi réir fachtóir 0 % den chistiú cobhsaí atá ar fáil:

(a) 

dliteanais atá iníoctha ar an dáta trádála a eascróidh ó cheannach ionstraimí airgeadais, ó airgeadraí eachtracha agus ó thráchtearraí, a mheastar go socróidh siad laistigh den timthriall socraíochta caighdeánach nó laistigh den tréimhse is gnách le haghaidh malartú ábhartha nó don chineál idirbheart nó ar theip orthu socrú, ach a mheastar mar sin féin go socróidh siad;

(b) 

dliteanais a rangaítear mar dhliteanais atá idirspleách ar shócmhainní i gcomhréir le hAirteagal 428f;

(c) 

dliteanais a bhfuil aibíocht iarmhair is lú ná bliain amháin acu arna gcur ar fáil acu seo a leanas:

(i) 

an Banc Ceannais Eorpach (BCE) nó banc ceannais Ballstáit;

(ii) 

banc ceannais tríú tír;

(iii) 

custaiméirí airgeadais;

(d) 

aon dliteanais agus ítimí nó ionstraimí caipitil eile nach dtagraítear dóibh san Airteagal seo ná in Airteagail 428am go 428ap.

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas