+Airteagal 428al Fachtóir 0 % den chistiú cobhsaí atá ar fáil
---+Airteagal 428al 1.
---+Airteagal 428al 2.
---+Airteagal 428al 3.
---+Airteagal 428al 4.
|
Airteagal 428al Fachtóir 0 % den chistiú cobhsaí atá ar fáil
-
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 428al 1.
|
Mura sonraítear a mhalairt sa Roinn seo, beidh na dliteanais ar fad nach bhfuil aibíocht luaite leo, lena n-áirítear suíomhanna gearra agus suíomhanna aibíochta oscailte, faoi réir fachtóir 0 % den chistiú cobhsaí atá ar fáil cé is moite de na cinn seo a leanas:
(a)
dliteanais chánach iarchurtha, a ndéanfar a láimhseáil de réir an dáta is gaire is féidir a bhféadfaí na dliteanais sin a réadú;
(b)
leasanna mionlaigh, a ndéanfar a láimhseáil de réir théarma na hionstraime ábhartha.
|
|
Airteagal 428al 2.
|
Beidh dliteanais chánach iarchurtha agus leasanna mionlaigh dá dtagraítear i mír 1 faoi réir ceann amháin de na fachtóirí seo a leanas:
(a)
0 %, i gcás ina bhfuil aibíocht iarmhair ábhartha is lú ná aon bhliana amháin ag an dliteanas cánach iarchurtha nó ag na leasanna mionlaigh;
(b)
100 %, i gcás ina bhfuil aibíocht iarmhair ábhartha de bhliain amháin nó níos mó ag an dliteanas cánach iarchurtha nó ag na leasanna mionlaigh.
|
|
Airteagal 428al 3.
|
Beidh na dliteanais seo a leanas faoi réir fachtóir 0 % den chistiú cobhsaí atá ar fáil:
(a)
dliteanais atá iníoctha ar an dáta trádála a eascróidh ó cheannach ionstraimí airgeadais, ó airgeadraí eachtracha agus ó thráchtearraí, a mheastar go socróidh siad laistigh den timthriall socraíochta caighdeánach nó laistigh den tréimhse is gnách le haghaidh malartú ábhartha nó don chineál idirbheart nó ar theip orthu socrú, ach a mheastar mar sin féin go socróidh siad;
(b)
dliteanais a rangaítear mar dhliteanais atá idirspleách ar shócmhainní i gcomhréir le hAirteagal 428f;
(c)
dliteanais a bhfuil aibíocht iarmhair is lú ná bliain amháin acu arna gcur ar fáil acu seo a leanas:
(i)
an Banc Ceannais Eorpach (BCE) nó banc ceannais Ballstáit;
(d)
aon dliteanais agus ítimí nó ionstraimí caipitil eile nach dtagraítear dóibh san Airteagal seo ná in Airteagail 428am go 428ap.
|
|
Airteagal 428al 4.
|
Cuirfidh institiúidí fachtóir 0 % den chistiú cobhsaí atá ar fáil i bhfeidhm ar luach absalóideach na difríochta, más diúltach é, idir méid na luachanna córa thar gach tacar glanluachála a bhfuil luach cóir deimhneach acu agus méid na luachanna córa thar gach tacar glanluachála a bhfuil luach cóir diúltach acu arna ríomh i gcomhréir le hAirteagal 428d. Beidh feidhm ag na rialacha seo a leanas maidir leis an ríomh dá dtagraítear sa chéad fhomhír:
(a)
bainfear an corrlach athrúcháin a gheobhaidh institiúidí óna gcontrapháirtithe ón luach cóir tacair glanluachála a bhfuil luach cóir deimhneach aige i gcás ina gcáileoidh an chomhthaobhacht a gheofar mar chorrlach athrúcháin mar shócmhainn leibhéal 1 de bhun an ghnímh tharmligthe dá dtagraítear in Airteagal 460(1), cé is moite de bhannaí faoi chumhdach fíor-ardchaighdeáin a shonraítear sa ghníomh tarmligthe sin, agus i gcás ina bhfuil an teideal dlí agus an cumas oibríochtúil ag institiúidí an chomhthaobhacht sin a athúsáid;
(b)
bainfear an corrlach uile athrúcháin a bhreacfaidh institiúidí lena gcontrapháirtithe ó luach cóir tacair glanluachála a bhfuil luach cóir diúltach aige.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
|