+Airteagal 428ap Fachtóir 100 % den chistiú cobhsaí atá ar fáil

Airteagal 428ap Fachtóir 100 % den chistiú cobhsaí atá ar fáil

Airteagal 428ap

Fachtóir 100 % den chistiú cobhsaí atá ar fáil

Beidh na dliteanais chomh maith leis na hítimí caipitil agus na hionstraimí caipitil seo a leanas faoi réir fachtóir 100 % den chistiú cobhsaí atá ar fáil:

(a) 

ítimí de Ghnáthchothromas Leibhéal 1 na hinstitiúide sula ndéanfar na coigeartuithe is gá de bhun Airteagal 32 go hAirteagal 35, sula ndéanfar na hasbhaintí de bhun Airteagal 36 agus sula gcuirfear i bhfeidhm na díolúintí agus na roghanna a leagtar síos in Airteagal 48, in Airteagal 49 agus in Airteagal 79;

(b) 

ítimí Breise Leibhéal 1 na hinstitiúide sula ndéantar na hítimí dá dtagraítear in Airteagal 56 a asbhaint agus sula gcuirtear Airteagal 79 i bhfeidhm ina leith, seachas aon ionstraimí a bhfuil roghanna follasacha nó roghanna leabaithe acu a laghdódh an aibíocht iarmhair iarbhír, dá bhfeidhmeofaí iad, go níos lú ná bliain amháin;

(c) 

ítimí Leibhéal 2 na hinstitiúide sula ndéanfar na hasbhaintí dá dtagraítear in Airteagal 66 agus sula gcuirfear Airteagal 79 i bhfeidhm, a bhfuil aibíocht iarmhair bliain amháin nó níos mó acu, seachas aon ionstraimí a bhfuil roghanna follasacha nó roghanna leabaithe acu a laghdódh an aibíocht iarmhair iarbhír, dá bhfeidhmeofaí iad, go níos lú ná bliain amháin;

(d) 

aon ionstraimí caipitil eile de chuid na hinstitiúide a bhfuil aibíocht iarmhair bliain amháin nó níos mó acu, seachas aon ionstraimí a bhfuil roghanna follasacha nó roghanna leabaithe acu a laghdódh an aibíocht iarmhair iarbhír, dá bhfeidhmeofaí iad, go níos lú ná bliain amháin;

(e) 

aon iasachtaí nó dliteanais urraithe agus neamhurraithe eile a bhfuil aibíocht iarmhair bliain amháin nó níos mó acu, lena n-áirítear taiscí téarma, mura sonraítear a mhalairt in Airteagal 428al go hAirteagal 428ao.

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas