+Section 2 Available stable funding factors
---+Airteagal 428al Fachtóir 0 % den chistiú cobhsaí atá ar fáil
------+Airteagal 428al 1.
------+Airteagal 428al 2.
------+Airteagal 428al 3.
------+Airteagal 428al 4.
---+Airteagal 428am Fachtóir 50 % den chistiú cobhsaí atá ar fáil
---+Airteagal 428an Fachtóir 90 % den chistiú cobhsaí atá ar fáil
---+Airteagal 428ao Fachtóir 95 % den chistiú cobhsaí atá ar fáil
---+Airteagal 428ap Fachtóir 100 % den chistiú cobhsaí atá ar fáil

Section 2 Available stable funding factors

Section 2 Available stable funding factors

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 428al Fachtóir 0 % den chistiú cobhsaí atá ar fáil -
Airteagal 428am Fachtóir 50 % den chistiú cobhsaí atá ar fáil

Airteagal 428am

Fachtóir 50 % den chistiú cobhsaí atá ar fáil

Beidh na dliteanais seo a leanas faoi réir fachtóir 50 % den chistiú cobhsaí atá ar fáil:

(a) 

taiscí a fhaightear a chomhlíonann na critéir maidir le taiscí oibríochtúla a leagtar amach sa ghníomh tarmligthe dá dtagraítear in Airteagal 460(1);

(b) 

dliteanais a bhfuil aibíocht iarmhair is lú ná bliain amháin acu arna gcur ar fáil acu seo a leanas:

(i) 

rialtas láir Ballstáit nó de thríú tír;

(ii) 

rialtais réigiúnacha nó údaráis áitiúla i mBallstát nó i dtríú tír;

(iii) 

eintitis earnála poiblí Ballstáit nó de thríú tír;

(iv) 

na bainc forbartha iltaobhacha dá dtagraítear in Airteagal 117(2) agus na heagraíochtaí idirnáisiúnta dá dtagraítear in Airteagal 118;

(v) 

custaiméirí corparáideacha neamhairgeadais;

(vi) 

comhair chreidmheasa atá údaraithe ag údarás inniúil, cuideachtaí infheistíochta phearsanta agus cliaint ar bróicéirí taisce iad, cé is moite de na taiscí a fhaightear, a chomhlíonann na critéir maidir le taiscí oibríochtúla a leagtar amach sa ghníomh tarmligthe dá dtagraítear in Airteagal 460(1).

Airteagal 428an Fachtóir 90 % den chistiú cobhsaí atá ar fáil

Airteagal 428an

Fachtóir 90 % den chistiú cobhsaí atá ar fáil

Beidh taiscí miondíola ar amharc, taiscí miondíola a bhfuil tréimhse sheasta fógra is lú ná aon bhliain amháin acu agus taiscí miondíola téarma a bhfuil aibíocht iarmhair is lú ná aon bhliain amháin acu agus a chomhlíonann na critéir ábhartha do thaiscí miondíola eile a leagtar amach sa ghníomh tarmligthe dá dtagraítear in Airteagal 460(1) faoi réir fachtóir 90 % den chistiú cobhsaí atá ar fáil.

Airteagal 428ao Fachtóir 95 % den chistiú cobhsaí atá ar fáil

Airteagal 428ao

Fachtóir 95 % den chistiú cobhsaí atá ar fáil

Beidh taiscí miondíola ar amharc, taiscí miondíola a bhfuil tréimhse sheasta fógra is lú ná aon bhliain amháin acu agus taiscí miondíola téarma a bhfuil aibíocht iarmhair is lú ná aon bhliain amháin acu agus a chomhlíonann na critéir ábhartha do thaiscí miondíola cobhsaí a leagtar amach sa ghníomh tarmligthe dá dtagraítear in Airteagal 460(1) faoi réir fachtóir 95 % den chistiú cobhsaí atá ar fáil.

Airteagal 428ap Fachtóir 100 % den chistiú cobhsaí atá ar fáil

Airteagal 428ap

Fachtóir 100 % den chistiú cobhsaí atá ar fáil

Beidh na dliteanais chomh maith leis na hítimí caipitil agus na hionstraimí caipitil seo a leanas faoi réir fachtóir 100 % den chistiú cobhsaí atá ar fáil:

(a) 

ítimí de Ghnáthchothromas Leibhéal 1 na hinstitiúide sula ndéanfar na coigeartuithe is gá de bhun Airteagal 32 go hAirteagal 35, sula ndéanfar na hasbhaintí de bhun Airteagal 36 agus sula gcuirfear i bhfeidhm na díolúintí agus na roghanna a leagtar síos in Airteagal 48, in Airteagal 49 agus in Airteagal 79;

(b) 

ítimí Breise Leibhéal 1 na hinstitiúide sula ndéantar na hítimí dá dtagraítear in Airteagal 56 a asbhaint agus sula gcuirtear Airteagal 79 i bhfeidhm ina leith, seachas aon ionstraimí a bhfuil roghanna follasacha nó roghanna leabaithe acu a laghdódh an aibíocht iarmhair iarbhír, dá bhfeidhmeofaí iad, go níos lú ná bliain amháin;

(c) 

ítimí Leibhéal 2 na hinstitiúide sula ndéanfar na hasbhaintí dá dtagraítear in Airteagal 66 agus sula gcuirfear Airteagal 79 i bhfeidhm, a bhfuil aibíocht iarmhair bliain amháin nó níos mó acu, seachas aon ionstraimí a bhfuil roghanna follasacha nó roghanna leabaithe acu a laghdódh an aibíocht iarmhair iarbhír, dá bhfeidhmeofaí iad, go níos lú ná bliain amháin;

(d) 

aon ionstraimí caipitil eile de chuid na hinstitiúide a bhfuil aibíocht iarmhair bliain amháin nó níos mó acu, seachas aon ionstraimí a bhfuil roghanna follasacha nó roghanna leabaithe acu a laghdódh an aibíocht iarmhair iarbhír, dá bhfeidhmeofaí iad, go níos lú ná bliain amháin;

(e) 

aon iasachtaí nó dliteanais urraithe agus neamhurraithe eile a bhfuil aibíocht iarmhair bliain amháin nó níos mó acu, lena n-áirítear taiscí téarma, mura sonraítear a mhalairt in Airteagal 428al go hAirteagal 428ao.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas