Déanfaidh institiúidí sócmhainní arna leithscaradh i gcomhréir le hAirteagal 11(3) de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 a láimhseáil i gcomhréir le
►C12
neamhchosaint
◄ fholuiteach na sócmhainní sin. Ina ainneoin sin, cuirfidh institiúidí na sócmhainní sin faoi réir fachtóirí níos airde cistiúcháin chobhsaí cheangailtigh, ag brath ar an téarma ualaithe atá le cinneadh ag na húdaráis inniúla agus déanfaidh na húdaráis sin a mheas an féidir le hinstitiúid na sócmhainní sin a dhiúscairt nó a mhalartú gan srian agus breithneoidh siad téarma na ndliteanas i leith chliaint na n-institiúidí lena mbaineann an ceanglas sin maidir le leithscaradh.