+Airteagal 428ar Aibíocht iarmhair sócmhainne
---+Airteagal 428ar 1.
---+Airteagal 428ar 2.
---+Airteagal 428ar 3.
---+Airteagal 428ar 4.

Airteagal 428ar Aibíocht iarmhair sócmhainne

-

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 428ar 1.
Mura sonraítear a mhalairt sa Chaibidil seo, cuirfidh institiúidí san áireamh aibíocht chonarthach iarmhair a sócmhainní agus a n-idirbheart lasmuigh den chlár comhardaithe chun na fachtóirí cistiúcháin chobhsaí cheangailtigh atá le cur i bhfeidhm ar a sócmhainní agus ar a n-ítimí lasmuigh den chlár comhardaithe faoi Roinn 2 a chinneadh.
Airteagal 428ar 2.
Déanfaidh institiúidí sócmhainní arna leithscaradh i gcomhréir le hAirteagal 11(3) de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 a láimhseáil i gcomhréir le  ►C12  neamhchosaint ◄ fholuiteach na sócmhainní sin. Ina ainneoin sin, cuirfidh institiúidí na sócmhainní sin faoi réir fachtóirí níos airde cistiúcháin chobhsaí cheangailtigh, ag brath ar an téarma ualaithe atá le cinneadh ag na húdaráis inniúla agus déanfaidh na húdaráis sin a mheas an féidir le hinstitiúid na sócmhainní sin a dhiúscairt nó a mhalartú gan srian agus breithneoidh siad téarma na ndliteanas i leith chliaint na n-institiúidí lena mbaineann an ceanglas sin maidir le leithscaradh.
Airteagal 428ar 3.
Cuirfidh institiúidí céadroghanna san áireamh, agus aibíocht iarmhair sócmhainne á ríomh acu, bunaithe ar an toimhde go bhfeidhmeoidh an t-eisitheoir nó an contrapháirtí aon chéadrogha chun síneadh a chur le haibíocht sócmhainne. Maidir le céadroghanna is infheidhmithe de rogha na hinstitiúide, cuirfidh an institiúid agus na húdaráis inniúla san áireamh fachtóirí clú a d'fhéadfadh teorainn a chur le cumas na hinstitiúide gan an chéadrogha a fheidhmiú, go háirithe ionchais na margaí agus na gcliant gur cheart don institiúid síneadh a chur le haibíocht sócmhainní áirithe nuair a bheidh a ndáta aibíochta istigh.
Airteagal 428ar 4.
D'fhonn na fachtóirí cistiúcháin chobhsaí cheangailtigh a chinneadh a chuirfear i bhfeidhm de réir Roinn 2, maidir le hiasachtaí amúchta a bhfuil aibíocht chonarthach iarmhair bliana nó níos mó acu, déanfar na sciaranna a thagann in aibíocht laistigh de thréimhse is giorra ná sé mhí nó tréimhse idir sé mhí agus níos lú ná bliain amháin a láimhseáil mar sciar a bhfuil aibíocht iarmhair is lú ná sé mhí aige nó idir sé mhí agus níos lú ná bliain amháin aige faoi seach.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas