+Airteagal 428ay Fachtóir cistiúcháin chobhsaí cheangailtigh 85 %

Airteagal 428ay Fachtóir cistiúcháin chobhsaí cheangailtigh 85 %

Airteagal 428ay

Fachtóir cistiúcháin chobhsaí cheangailtigh 85 %

Beidh na sócmhainní agus na hítimí lasmuigh den chlár comhardaithe seo a leanas faoi réir fachtóir cistiúcháin chobhsaí cheangailtigh 85 %:

(a) 

aon sócmhainní agus ítimí lasmuigh den chlár comhardaithe lena n-áirítear airgead tirim, a bhreactar mar chorrlach tosaigh le haghaidh conarthaí díorthach nó a bhreactar mar ranníocaíocht le ciste mainneachtana an chontrapháirtí lárnaigh, ach amháin i gcás ina sannfaí dóibh fachtóir níos airde cistiúcháin chobhsaí cheangailtigh i gcomhréir le hAirteagal 428az ach iad a bheith á sealbhú go neamhualaithe agus, sa chás sin, déanfar an fachtóir níos airde cistiúcháin chobhsaí cheangailtigh, a mbeadh infheidhme maidir leis na sócmhainní sin ach iad a bheith á sealbhú go neamhualaithe, a chur i bhfeidhm;

(b) 

iasachtaí neamhualaithe a bhfuil aibíocht iarmhair bliana nó níos mó acu, cé is moite d'iasachtaí do chustaiméirí airgeadais, nach mbíonn thar téarma ar feadh tréimhse is mó ná 90 lá;

(c) 

táirgí a bhaineann le maoiniú trádála laistigh den chlár comhardaithe a bhfuil aibíocht iarmhair bliana nó níos mó acu;

(d) 

urrúis neamhualaithe a bhfuil aibíocht iarmhair bliana nó níos mó acu nach bhfuil ar mainneachtain i gcomhréir le hAirteagal 178 agus nach incháilithe mar shócmhainní leachtachta de bhun an ghnímh tharmligthe dá dtagraítear in Airteagal 460(1);

(e) 

cothromais neamhualaithe arna dtrádáil ar na stocmhalartáin nach incháilithe mar shócmhainní leibhéal 2B de bhun an ghnímh tharmligthe dá dtagraítear in Airteagal 460(1);

(f) 

tráchtearraí fisiciúla arna dtrádáil, lena n-áirítear ór ach gan díorthaigh tráchtearraí a áireamh.

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas