+Section 2 Required stable funding factors
---+Airteagal 428as Fachtóir cistiúcháin chobhsaí cheangailtigh 0 %
------+Airteagal 428as 1.
------+Airteagal 428as 2.
---+Airteagal 428at Fachtóir cistiúcháin chobhsaí cheangailtigh 5 %
------+Airteagal 428at 1.
------+Airteagal 428at 2.
---+Airteagal 428au Fachtóir cistiúcháin chobhsaí cheangailtigh 10 %
---+Airteagal 428av Fachtóir cistiúcháin chobhsaí cheangailtigh 20 %
---+Airteagal 428aw Fachtóir cistiúcháin chobhsaí cheangailtigh 50 %
---+Airteagal 428ax Fachtóir cistiúcháin chobhsaí cheangailtigh 55 %
---+Airteagal 428ay Fachtóir cistiúcháin chobhsaí cheangailtigh 85 %
---+Airteagal 428az Fachtóir cistiúcháin chobhsaí cheangailtigh 100 %
------+Airteagal 428az 1.
------+Airteagal 428az 2.

Section 2 Required stable funding factors

Section 2 Required stable funding factors

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 428as Fachtóir cistiúcháin chobhsaí cheangailtigh 0 % -
Airteagal 428at Fachtóir cistiúcháin chobhsaí cheangailtigh 5 % -
Airteagal 428au Fachtóir cistiúcháin chobhsaí cheangailtigh 10 %

Airteagal 428au

Fachtóir cistiúcháin chobhsaí cheangailtigh 10 %

Beidh na sócmhainní agus na hítimí lasmuigh den chlár comhardaithe seo a leanas faoi réir fachtóir cistiúcháin chobhsaí cheangailtigh 10 %:

(a) 

sócmhainní neamhualaithe is incháilithe mar bhannaí faoi chumhdach fíor-ardchaighdeáin leibhéal 1 de bhun an ghnímh tharmligthe dá dtagraítear in Airteagal 460(1), bíodh na ceanglais oibriúcháin agus na ceanglais maidir le comhdhéanamh an mhaoláin leachtachta mar a leagtar amach sa ghníomh tarmligthe sin á gcomhlíonadh acu nó ná bíodh;

(b) 

táirgí a bhaineann le maoiniú trádála lasmuigh den chlár comhardaithe dá dtagraítear in Iarscríbhinn I.

Airteagal 428av Fachtóir cistiúcháin chobhsaí cheangailtigh 20 %

Airteagal 428av

Fachtóir cistiúcháin chobhsaí cheangailtigh 20 %

Beidh sócmhainní neamhualaithe is incháilithe mar shócmhainní leibhéal 2A de bhun an ghnímh tharmligthe dá dtagraítear in Airteagal 460(1), agus scaireanna nó aonaid neamhualaithe in GCanna de bhun an ghnímh tharmligthe sin, faoi réir fachtóir cistiúcháin chobhsaí cheangailtigh 20 %, bíodh na ceanglais oibriúcháin agus na ceanglais maidir le comhdhéanamh an mhaoláin leachtachta mar a leagtar amach sa ghníomh tarmligthe sin á gcomhlíonadh acu nó ná bíodh.

Airteagal 428aw Fachtóir cistiúcháin chobhsaí cheangailtigh 50 %

Airteagal 428aw

Fachtóir cistiúcháin chobhsaí cheangailtigh 50 %

Beidh na sócmhainní seo a leanas faoi réir fachtóir cistiúcháin chobhsaí cheangailtigh 50 %:

(a) 

iasachtaí urraithe agus neamhurraithe a bhfuil aibíocht iarmhair is lú ná bliain amháin acu agus ar choinníoll go mbeidh siad neamhualaithe ar feadh tréimhse is lú ná aon bhliain amháin;

(b) 

aon sócmhainní eile a bhfuil aibíocht iarmhair is lú ná bliain amháin acu, mura sonraítear a mhalairt in Airteagal 428as go hAirteagal 428av.

(c) 

sócmhainní arna n-ualú le haghaidh aibíochta iarmharach sé mhí ar a laghad ach níos lú ná bliain amháin, ach amháin i gcás ina sannfaí fachtóir cistiúcháin cobhsaí níos airde do na sócmhainní sin i gcomhréir le hAirteagail 428ax, 428ay agus 428az dá mbeadh siad á sealbhú go neamhualaithe, agus sa chás sin go beidh feidhm ag an bhfachtóir cistiúcháin cobhsaí níos airde a mbeadh feidhm aige maidir leis na sócmhainní sin dá mbeadh siad á sealbhú go neamhualaithe.

Airteagal 428ax Fachtóir cistiúcháin chobhsaí cheangailtigh 55 %

Airteagal 428ax

Fachtóir cistiúcháin chobhsaí cheangailtigh 55 %

Beidh sócmhainní neamhualaithe is incháilithe mar shócmhainní leibhéal 2B de bhun an ghnímh tharmligthe dá dtagraítear in Airteagal 460(1), agus scaireanna nó aonaid neamhualaithe in GCanna de bhun an ghnímh tharmligthe sin, faoi réir fachtóir cistiúcháin chobhsaí cheangailtigh 55 %, bíodh na ceanglais oibriúcháin agus na ceanglais maidir le comhdhéanamh an mhaoláin leachtachta mar a leagtar amach sa ghníomh tarmligthe sin á gcomhlíonadh acu nó ná bíodh, ar choinníoll go mbeidh siad neamhualaithe ar feadh tréimhse is lú ná aon bhliain amháin.

Airteagal 428ay Fachtóir cistiúcháin chobhsaí cheangailtigh 85 %

Airteagal 428ay

Fachtóir cistiúcháin chobhsaí cheangailtigh 85 %

Beidh na sócmhainní agus na hítimí lasmuigh den chlár comhardaithe seo a leanas faoi réir fachtóir cistiúcháin chobhsaí cheangailtigh 85 %:

(a) 

aon sócmhainní agus ítimí lasmuigh den chlár comhardaithe lena n-áirítear airgead tirim, a bhreactar mar chorrlach tosaigh le haghaidh conarthaí díorthach nó a bhreactar mar ranníocaíocht le ciste mainneachtana an chontrapháirtí lárnaigh, ach amháin i gcás ina sannfaí dóibh fachtóir níos airde cistiúcháin chobhsaí cheangailtigh i gcomhréir le hAirteagal 428az ach iad a bheith á sealbhú go neamhualaithe agus, sa chás sin, déanfar an fachtóir níos airde cistiúcháin chobhsaí cheangailtigh, a mbeadh infheidhme maidir leis na sócmhainní sin ach iad a bheith á sealbhú go neamhualaithe, a chur i bhfeidhm;

(b) 

iasachtaí neamhualaithe a bhfuil aibíocht iarmhair bliana nó níos mó acu, cé is moite d'iasachtaí do chustaiméirí airgeadais, nach mbíonn thar téarma ar feadh tréimhse is mó ná 90 lá;

(c) 

táirgí a bhaineann le maoiniú trádála laistigh den chlár comhardaithe a bhfuil aibíocht iarmhair bliana nó níos mó acu;

(d) 

urrúis neamhualaithe a bhfuil aibíocht iarmhair bliana nó níos mó acu nach bhfuil ar mainneachtain i gcomhréir le hAirteagal 178 agus nach incháilithe mar shócmhainní leachtachta de bhun an ghnímh tharmligthe dá dtagraítear in Airteagal 460(1);

(e) 

cothromais neamhualaithe arna dtrádáil ar na stocmhalartáin nach incháilithe mar shócmhainní leibhéal 2B de bhun an ghnímh tharmligthe dá dtagraítear in Airteagal 460(1);

(f) 

tráchtearraí fisiciúla arna dtrádáil, lena n-áirítear ór ach gan díorthaigh tráchtearraí a áireamh.

Airteagal 428az Fachtóir cistiúcháin chobhsaí cheangailtigh 100 % -

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas