|
+Airteagal 429a 2. |
Airteagal 429a 2.Chun críocha phointí (d) agus (e) de mhír 1, ciallaíonn “institiúid creidmheasa forbartha poiblí” institiúid creidmheasa a chomhlíonann na coinníollacha uile seo a leanas:
(a)
institiúid creidmheasa í arna bunú ag rialtas láir, ag rialtas réigiúnach nó ag údarás áitiúil i mBallstát;
(b)
tá a gníomhaíocht teoranta do chuspóirí sonraithe beartais airgeadais, shóisialta nó eacnamaíoch a chur chun cinn i gcomhréir leis na dlíthe agus na forálacha lena rialaítear an institiúid sin, lena n-áirítear airteagail maidir le comhlachas, ar bhonn neamhiomaíoch;
(c)
níl sé mar aidhm aici a oiread brabúis agus is féidir a dhéanamh nó an méid is mó is féidir de sciar an mhargaidh a fháil;
(d)
faoi réir rialacha Státchabhrach an Aontais, tá sé d'oibleagáid ar an rialtas láir, ar an rialtas réigiúnach nó ar an údarás áitiúil inmharthanacht na hinstitiúide creidmheasa a chosaint nó ráthaíonn siad go díreach nó go hindíreach ar a laghad 90 % de cheanglais cistí dílse, de cheanglais chistiúcháin na hinstitiúide creidmheasa nó d'iasachtaí cur chun cinn a dheonaítear;
(e)
ní ghlacann sí le taiscí faoi chumhdach mar a shainmhínítear iad i bpointe (5) d'Airteagal 2(1) de Threoir 2014/49/AE nó sa dlí náisiúnta a bhfuil an Treoir sin á cur chun feidhme a fhéadfar a aicmiú mar thaiscí téarma seasta nó mar thaiscí coigiltis ó thomhaltóirí mar a shainítear i bpointe (a) d'Airteagal 3 de Threoir 2008/48/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 35 ). Chun críocha phointe (b) den chéad fhomhír, féadfar a áireamh ar na cuspóirí beartais phoiblí maoiniú a sholáthar ar mhaithe le hearnálacha eacnamaíocha sonraithe nó limistéir gheografacha shonraithe an Bhallstáit ábhartha a chur chun cinn agus a fhorbairt. ►C7 Chun críocha phointe (d) agus (e) de mhír 1, agus gan dochar do rialacha Státchabhrach an Aontais ná do ◄ na hoibleagáidí a fhorchuireann sé ar na Ballstáit, féadfaidh na húdaráis inniúla, arna iarraidh sin d'institiúid, caitheamh le haonad féinrialaitheach de chuid na hinstitiúide sin atá neamhspleách ar bhonn eagraíochtúil, struchtúir agus airgeadais de, mar institiúid creidmheasa forbartha poiblí, ar choinníoll go gcomhlíonann an t-aonad na coinníollacha go léir a liostaítear sa chéad fhomhír agus nach ndéanann an chóireáil sin difear d'éifeachtacht na maoirseachta a dhéantar ar an institiúid sin. Tabharfaidh na húdaráis inniúla fógra gan mhoill don Choimisiún agus do ÚBE maidir le cinneadh ar bith caitheamh le haonad institiúide mar institiúid creidmheasa forbartha poiblí, chun críocha na fomhíre seo. Athbhreithneoidh an t-údarás inniúil an cinneadh sin uair in aghaidh na bliana. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|