+Airteagal 429a ►C12Neamhchosainti◄a eisiatar ón tomhas►C12neamhchosainta◄iomlán
---+Airteagal 429a 1.
---+Airteagal 429a 2.
---+Airteagal 429a 3.
---+Airteagal 429a 4.
---+Airteagal 429a 5.
---+Airteagal 429a 6.
---+Airteagal 429a 7.
|
Airteagal 429a ►C12Neamhchosainti◄a eisiatar ón tomhas►C12neamhchosainta◄iomlán
-
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 429a 1.
|
De mhaolú ar Airteagal 429(4), féadfaidh institiúid aon cheann de na
►C12
neamhchosaintí ◄ seo a leanas a eisiamh óna tomhas
►C12
neamhchosainta ◄ iomlán:
(a)
na méideanna a asbhaintear as ítimí de Ghnáthchothromas Leibhéal 1 i gcomhréir le pointe (d) d'Airteagal 36(1);
(b)
na sócmhainní a asbhaintear sa ríomh a dhéantar ar an tomhas caipitil dá dtagraítear in Airteagal 429(3);
(c)
►C12
neamhchosainti ◄ dá sanntar ualú
►C12
riosca ◄ 0 % i gcomhréir le hAirteagal 113(6) nó (7);
▼M17
(ca)
i gcás ina bhfuil an institiúid ina comhalta den líonra dá dtagraítear in Airteagal 113(7), na neamhchosaintí dá sanntar ualú riosca 0 % i gcomhréir le hAirteagal 114 agus a eascraíonn as sócmhainní arb ionann iad agus taiscí in airgeadra céanna na gcomhaltaí eile den líonra sin a eascraíonn as íostaisce dlíthiúil nó reachtúil i gcomhréir le hAirteagal 422(3), pointe (b); i gcás mar sin, níl neamhchosaintí comhaltaí eile den líonra sin atá ina n-íostaiscí dlíthiúla nó reachtúla faoi réir phointe (c) den mhír seo;
▼C7
(d)
i gcás inar institiúid creidmheasa forbartha poiblí an institiúid, na
►C9
neamhchosaintí ◄ a thagann as na sócmhainní ar éilimh ar rialtais láir, ar rialtais réigiúnacha, ar údaráis áitiúla nó ar eintitis earnála poiblí iad i dtaobh infheistíochtaí san earnáil phoiblí, agus iasachtaí cur chun cinn;
▼M17
(da)
neamhchosaintí na hinstitiúide ar a scairshealbhóirí, ar an gcoinníoll go bhfuil neamhchosaintí den sórt sin comhthaobhaithe de shócmhainní dá dtagraítear in Airteagal 129(1), pointí (d) agus (e), go dtí an leibhéal 125 % ar a laghad, agus go gcuirtear na sócmhainní sin san áireamh i gceanglas cóimheasa luamhánaithe na scairshealbhóirí, i gcás nach institiúid creidmheasa forbartha poiblí í an institiúid ach go gcomhlíonann sí na coinníollacha a leanas:
(i)
is institiúidí creidmheasa iad a scairshealbhóirí agus ní fheidhmíonn siad rialú ar an institiúid;
(ii)
comhlíonann sí mír 2, pointí (a), (b), (c) agus (e),) den Airteagal seo;
(iii)
tá a neamhchosaintí lonnaithe sa Bhallstát céanna;
(iv)
tá sí faoi réir formhaoirseacht de chineál éigin ag rialtas láir Ballstáit ar bhonn leanúnach;
(v)
tá a samhail ghnó teoranta do chur tríd an méid a chomhfhreagraíonn do na fáltais a chruinnítear trí bhannaí faoi chumhdach a eisiúint dá scairshealbhóirí, i bhfoirm ionstraimí fiachais;
▼M8
(e)
i gcás nach institiúid creidmheasa forbartha poiblí an institiúid, na codanna sin de
►C12
neamhchosainti ◄ a thagann as iasachtaí cur chun cinn a aistriú chuig institiúidí creidmheasa eile;
(f)
codanna ráthaithe de
►C12
neamhchosainti ◄ a thagann as chreidmheasanna onnmhairiúcháin a chomhlíonann an dá choinníoll seo a leanas araon:
(i)
soláthraí incháilithe cosaint neamhchistithe chreidmheasa a sholáthraíonn an ráthaíocht i gcomhréir le hAirteagal 201 agus le hAirteagal 202, lena n-áirítear gníomhaireachtaí creidmheasa onnmhairiúcháin nó rialtais láir;
(ii)
baineann ualú
►C12
riosca ◄ 0 % leis an gcuid ráthaithe den
►C12
neamhchosaint ◄ i gcomhréir le hAirteagal 114(2) nó (4) nó Airteagal 116(4);
(g)
i gcás inar comhalta imréitigh de chontrapháirtí lárnach cáilitheach an institiúid,
►C12
neamhchosainti ◄ trádála na hinstitiúide sin, ar choinníoll go ndéanfar iad a imréiteach leis an gcontrapháirtí lárnach cáilitheach sin agus go gcomhlíonfaidh siad na coinníollacha a leagtar amach i bpointe (c) d'Airteagal 306(1);
(h)
i gcás inar cliant ardleibhéil laistigh de struchtúr cliant il-leibhéil an institiúid, na
►C12
neamhchosainti ◄ trádála ar an gcomhalta imréitigh nó ar eintiteas a fhónann mar chliant ardleibhéil don institiúid sin, ar choinníoll go gcomhlíonfar na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 305(2) agus ar choinníoll nach mbeidh sé d'oibleagáid ar an institiúid a cliant a aisíoc as aon chaillteanas a bhainfear dó i gcás mainneachtain ar thaobh an chomhalta imréitigh nó an chontrapháirtí lárnaigh cháilithigh;
(i)
sócmhainní muiníneacha a chomhlíonann na coinníollacha seo a leanas uile:
(i)
aithnítear iad ar chlár comhardaithe na hinstitiúide de réir na bprionsabal cuntasaíochta náisiúnta a bhfuil glacadh leo go ginearálta, i gcomhréir le hAirteagal 10 de Threoir 86/635/CEE;
(ii)
comhlíonann siad na critéir don neamhaitheantas a leagtar amach i gCaighdeán Idirnáisiúnta um Thuairisciú Airgeadais (IFRS) 9, mar a chuirtear i bhfeidhm i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 1606/2002;
(iii)
comhlíonann siad na critéir le haghaidh aithint a leagtar amach in IFRS 10, mar a chuirtear i bhfeidhm i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 1606/2002, i gcás inarb infheidhme;
(j)
►C12
neamhchosainti ◄ a chomhlíonann na coinníollacha seo a leanas uile:
(i)
is
►C12
neamhchosainti ◄ ar eintiteas earnála poiblí iad;
(ii)
déantar iad a láimhseáil i gcomhréir le hAirteagal 116(4);
(iii)
eascraíonn siad ó thaiscí a bhfuil sé d'oibleagáid ar an institiúid ó thaobh an dlí de a aistriú chuig an eintiteas earnála poiblí dá dtagraítear i bpointe (i) ar mhaithe le hinfheistíochtaí ar son an leasa choitinn a mhaoiniú;
(k)
níor tugadh amach ar iasacht an chomhthaobhacht bharrachais a taisceadh le gníomhairí trípháirteacha;
(l)
an tsócmhainn infhaighte, i gcás ina n-aithníonn institiúid faoin gcreat cuntasaíochta is infheidhme an corrlach athrúcháin a íoctar in airgead tirim lena contrapháirtí, ar choinníoll go gcomhlíontar na coinníollacha a leagtar amach i bpointe (a) go pointe (e) d'Airteagal 429c(3);
(m)
na
►C12
neamhchosainti ◄ urrúsaithe ó urrúsuithe traidisiúnta a chomhlíonann na coinníollacha maidir haistriú
►C12
riosca ◄ shuntasaigh a leagtar amach in Airteagal 244(2);
(n)
▼M11
na risíochtaí seo a leanas ar bhanc ceannais na hinstitiúide, faoi réir na gcoinníollacha a leagtar amach i míreanna 5 agus 6:
▼M8
(i)
boinn agus nótaí bainc ar airgeadra dlíthiúil iad i ndlínse an bhainc ceannais;
(ii)
sócmhainní in ionannas le héilimh ar an mbanc ceannais, lena n-áirítear cúlchistí arna sealbhú ag an mbanc ceannais;
(o)
i gcás ina n-údaraítear sin don institiúid i gcomhréir le hAirteagal 16 agus le pointe (a) d'Airteagal 54(2) de Rialachán (AE) Uimh. 909/2014,
►C12
neamhchosaintí ◄ na hinstitiúide de dheasca seirbhísí coimhdeacha de chineál baincéireachta a liostaítear i bpointe (a) de Roinn C den Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán sin agus a bhfuil baint dhíreach acu leis na seirbhísí lárnacha nó leis na seirbhísí coimhdeacha a liostaítear i Roinn A agus i Roinn B den Iarscríbhinn sin;
(p)
i gcás ina n-ainmnítear an institiúid i gcomhréir le pointe (b) d'Airteagal 54(2) de Rialachán (AE) Uimh. 909/2014,
►C12
neamhchosainti ◄ na hinstitiúide de dheasca seirbhísí coimhdeacha de chineál baincéireachta a liostaítear i bpointe (a) de Roinn C den Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán sin agus a bhfuil baint dhíreach acu le seirbhísí lárnacha nó le seirbhísí coimhdeacha de chuid taisclann lárnach urrús, arna údarú i gcomhréir le hAirteagal 16 den Rialachán sin, a liostaítear i Roinn A agus i Roinn B den Iarscríbhinn sin;
▼M15
(q)
na risíochtaí atá faoi réir na láimhseála a leagtar amach in Airteagal 72e(5), an chéad fhomhír.
▼M8
Chun críocha phointe (m) den chéad fhomhír, déanfaidh institiúid aon
►C12
neamhchosaint ◄ choinnithe a áireamh sa tomhas
►C12
neamhchosainta ◄ .
|
|
Airteagal 429a 2.
|
Chun críocha phointí (d) agus (e) de mhír 1, ciallaíonn “institiúid creidmheasa forbartha poiblí” institiúid creidmheasa a chomhlíonann na coinníollacha uile seo a leanas:
(a)
institiúid creidmheasa í arna bunú ag rialtas láir, ag rialtas réigiúnach nó ag údarás áitiúil i mBallstát;
(b)
tá a gníomhaíocht teoranta do chuspóirí sonraithe beartais airgeadais, shóisialta nó eacnamaíoch a chur chun cinn i gcomhréir leis na dlíthe agus na forálacha lena rialaítear an institiúid sin, lena n-áirítear airteagail maidir le comhlachas, ar bhonn neamhiomaíoch;
(c)
níl sé mar aidhm aici a oiread brabúis agus is féidir a dhéanamh nó an méid is mó is féidir de sciar an mhargaidh a fháil;
(d)
faoi réir rialacha Státchabhrach an Aontais, tá sé d'oibleagáid ar an rialtas láir, ar an rialtas réigiúnach nó ar an údarás áitiúil inmharthanacht na hinstitiúide creidmheasa a chosaint nó ráthaíonn siad go díreach nó go hindíreach ar a laghad 90 % de cheanglais cistí dílse, de cheanglais chistiúcháin na hinstitiúide creidmheasa nó d'iasachtaí cur chun cinn a dheonaítear;
(e)
ní ghlacann sí le taiscí faoi chumhdach mar a shainmhínítear iad i bpointe (5) d'Airteagal 2(1) de Threoir 2014/49/AE nó sa dlí náisiúnta a bhfuil an Treoir sin á cur chun feidhme a fhéadfar a aicmiú mar thaiscí téarma seasta nó mar thaiscí coigiltis ó thomhaltóirí mar a shainítear i bpointe (a) d'Airteagal 3 de Threoir 2008/48/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (
35
).
Chun críocha phointe (b) den chéad fhomhír, féadfar a áireamh ar na cuspóirí beartais phoiblí maoiniú a sholáthar ar mhaithe le hearnálacha eacnamaíocha sonraithe nó limistéir gheografacha shonraithe an Bhallstáit ábhartha a chur chun cinn agus a fhorbairt.
►C7
Chun críocha phointe (d) agus (e) de mhír 1, agus gan dochar do rialacha Státchabhrach an Aontais ná do ◄ na hoibleagáidí a fhorchuireann sé ar na Ballstáit, féadfaidh na húdaráis inniúla, arna iarraidh sin d'institiúid, caitheamh le haonad féinrialaitheach de chuid na hinstitiúide sin atá neamhspleách ar bhonn eagraíochtúil, struchtúir agus airgeadais de, mar institiúid creidmheasa forbartha poiblí, ar choinníoll go gcomhlíonann an t-aonad na coinníollacha go léir a liostaítear sa chéad fhomhír agus nach ndéanann an chóireáil sin difear d'éifeachtacht na maoirseachta a dhéantar ar an institiúid sin. Tabharfaidh na húdaráis inniúla fógra gan mhoill don Choimisiún agus do ÚBE maidir le cinneadh ar bith caitheamh le haonad institiúide mar institiúid creidmheasa forbartha poiblí, chun críocha na fomhíre seo. Athbhreithneoidh an t-údarás inniúil an cinneadh sin uair in aghaidh na bliana.
|
|
Airteagal 429a 3.
|
Chun críocha phointe (d) agus phointe (e) de mhír 1 agus chun críocha phointe (d) de mhír 2, ciallaíonn “iasacht cur chun cinn” iasacht a dheonaíonn institiúid creidmheasa forbartha poiblí nó eintiteas a bhunaíonn rialtas láir, rialtas réigiúnach nó údarás áitiúil de chuid Ballstáit, go díreach nó trí institiúid creidmheasa idirmheánach ar bhonn neamhiomaíoch, neamhbhrabúsach, d'fhonn cuspóirí beartais phoiblí an rialtais láir, an rialtais réigiúnaigh nó an údaráis áitiúil a chur chun cinn i mBallstát.
|
|
Airteagal 429a 4.
|
I gcás nach gcomhlíonfar an coinníoll a leagtar amach sa tríú fomhír d'Airteagal 429(5), ní eisiafaidh institiúidí na
►C12
neamhchosainti ◄ trádála dá dtagraítear i bpointe (g) agus i bpointe (h) de mhír 1 den Airteagal seo.
|
|
Airteagal 429a 5.
|
▼M11
Féadfaidh institiúidí na risíochtaí a liostaítear i bpointe (n) de mhír 1 a eisiamh i gcás ina gcomhlíontar gach ceann de na coinníollacha seo a leanas:
▼M8
(a)
chinn údarás inniúil na hinstitiúide, tar éis dul i gcomhairle leis an mbanc ceannais ábhartha, agus d'fhógair sé go poiblí go bhfuil imthosca eisceachtúla ann a fhágann go bhfuil bonn leis na
►C12
neamhchosainti ◄ sin a eisiamh, d'fhonn cur chun feidhme beartas airgeadaíochta a éascú;
(b)
deonaíodh an díolúine ar feadh tréimhse theoranta ama nach faide ná aon bhliain amháin;
▼M11
(c)
chinn údarás inniúil na hinstitiúide, tar éis dul i gcomhairle leis an mbanc ceannais ábhartha, an dáta a mheastar gur cuireadh tús leis na himthosca eisceachtúla agus d’fhógair sé an dáta sin go poiblí; socrófar an dáta sin ag deireadh ráithe.
▼M8
|
|
Airteagal 429a 6.
|
Comhlíonfaidh na
►C12
neamhchosainti ◄ a eisiafar faoi phointe (n) de mhír 1 an dá choinníoll seo a leanas:
(a)
tá siad ainmnithe san airgeadra céanna agus atá na taiscí a ghlac an institiúid;
(b)
ní théann a meánaibíocht puinn thar mheánaibíocht na dtaiscí a ghlac an institiúid.
|
|
Airteagal 429a 7.
|
De mhaolú ar phointe (d) d'Airteagal 92(1), i gcás ina n-eisiann institiúid na
►C12
neamhchosainti ◄ dá dtagraítear i bpointe (n) de mhír 1 den Airteagal seo, sásóidh sí i gcónaí an ceanglas seo a leanas maidir leis an gcóimheas coigeartaithe giarálaluamhánaithe (aLR), fad a mhairfidh an t-eisiamh:
nuair atá:
|
aLR
|
=
|
an cóimheas coigeartaithe luamhánaithe;
|
▼M11
|
EMLR
|
=
|
tomhas risíochta iomlán na hinstitiúide mar a ríomhtar é i gcomhréir le hAirteagal 429(4), lena n-áirítear na risíochtaí a eisiatar i gcomhréir le pointe (n) de mhír 1 den Airteagal seo, ar an dáta dá dtagraítear i bpointe (a) de mhír 5 den Airteagal seo; agus
|
|
CB
|
=
|
meánluach iomlán laethúil risíochtaí na hinstitiúide ar a banc ceannais, arna ríomh le linn thréimhse cothabhála cúltaca iomlán an bhainc ceannais go díreach roimh an dáta dá dtagraítear i bpointe (c) de mhír 5, atá incháilithe lena n-eisiamh i gcomhréir le pointe (n) de mhír 1
|
▼M8
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
|