|
+Airteagal 429b 5. |
Airteagal 429b 5.Chun críocha phointe (c) de mhír 4, féadfaidh institiúidí a mheas nach mbeidh socraíocht ar bhonn glan nó a comhionann feidhmiúil mar thoradh ar shásra socraíochta ach amháin i gcás ina mbeidh, ar an dáta socraíochta, toradh glan eis-sreabha airgid na n-idirbheart faoin sásra sin cothrom leis an méid aonair glan faoi shocraíocht ar bhonn glan agus ina gcomhlíontar na coinníollacha uile seo a leanas:
(a)
socraítear na hidirbhearta tríd an gcóras socraíochta céanna nó trí chórais socraíochta a bhaineann leas as bonneagar coiteann socraíochta;
(b)
tacaítear leis na socruithe socraíochta trí airgead nó trí shaoráidí creidmheasa ionlae a chur ar fáil a bhfuil sé mar aidhm acu a dheimhniú go gcuirfear i gcrích socrú na n-idirbheart roimh dheireadh an lae gnó;
(c)
ní chuireann aon saincheisteanna a thagann as gnéithe urrús na n-idirbheart um maoiniú urrús isteach ar chur i gcrích ghlansocrú airgid thirim infhaighte agus airgid thirim iníoctha. Ní mheastar an coinníoll a leagtar amach i bpointe (c) den chéad fhomhír a bheith comhlíonta ach amháin i gcás ina bhféadfaidh teip aon idirbhirt um maoiniú urrús sa sásra socraíochta moill a chur ar shocrú ghné an airgid meaitseála amháin nó ina bhféadfaidh an teip oibleagáid a chruthú don sásra socraíochta, arna tacú ag saoráid chreidmheasa ghaolmhar. I gcás ina dteipfidh ar ghné urrús idirbhirt um maoiniú urrús sa sásra socraíochta ag deireadh na tréimhse ama chun socrú a dhéanamh sa sásra socraíochta, scarfaidh institiúidí an t-idirbheart seo agus a ghné airgid meaitseála ón tacar glanluachála agus láimhseálfaidh siad iad ar bhonn comhlán. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|