+Airteagal 429b Luach►C12neamhchosainta◄na sócmhainní a ríomh
---+Airteagal 429b 1.
---+Airteagal 429b 2.
---+Airteagal 429b 3.
---+Airteagal 429b 4.
---+Airteagal 429b 5.

Airteagal 429b Luach►C12neamhchosainta◄na sócmhainní a ríomh

-

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 429b 1.

Ríomhfaidh institiúidí luach ►C12  neamhchosainta ◄ na sócmhainní, cé is moite de na conarthaí díorthacha a liostaítear in Iarscríbhinn II, díorthaigh chreidmheasa agus na suíomhanna dá dtagraítear in Airteagal 429e, i gcomhréir leis na prionsabail seo a leanas:

(a) 

ciallaíonn luach ►C12  neamhchosainta ◄ na sócmhainní luach ►C12  neamhchosainta ◄ dá dtagraítear sa chéad abairt d'Airteagal 111(1);

(b) 

ní dhéanfar idirbhearta um maoiniú urrús a ghlanluacháil.

Airteagal 429b 2.

Ní sháraíonn socrú comhthiomsaithe airgid arna thairiscint ag institiúid an coinníoll a leagtar amach i bpointe (b) d'Airteagal 429(7) ach amháin i gcás ina gcomhlíonann an socrú an dá choinníoll a leanas araon:

(a) 

aistríonn an institiúid a bhfuil an socrú comhthiomsaithe airgid á thairiscint aici iarmhéideanna sochair agus dochair chuntais aonair éagsúla eintiteas grúpa a áirítear sa socrú (“cuntais bhunaidh”) isteach i gcuntas aonair ar leith agus, ar an gcaoi sin, socraíonn sí iarmhéideanna na gcuntas bunaidh go náid;

(b) 

cuireann an institiúid na gníomhaíochtaí dá dtagraítear i bpointe (a) den fhomhír seo i gcrích ar bhonn laethúil.

Chun críocha na míre seo agus mhír 3, ciallaíonn “socrú comhthiomsaithe airgid”, socrú lena ndéantar iarmhéideanna sochair agus dochair cuntas aonair éagsúil a chur le chéile ar mhaithe le bainistiú airgid nó leachtachta.

Airteagal 429b 3.

De mhaolú ar mhír 2 den Airteagal seo, ní sháraíonn socrú comhthiomsaithe airgid nach gcomhlíonfaidh an coinníoll a leagtar amach i bpointe (b) na míre sin, ach a chomhlíonfaidh an coinníoll a leagtar amach i bpointe (a) na míre sin, ní sháraíonn sé an coinníoll a leagtar amach i bpointe (b) d'Airteagal 429(7), ar choinníoll go gcomhlíonfaidh an socrú na coinníollacha uile seo a leanas:

(a) 

tá ceart infheidhmithe le dlí ag institiúid iarmhéideanna na gcuntas bunaidh a fhritháireamh trína n-aistriú go cuntas aonair tráth ar bith;

(b) 

níl aon neamhréireanna aibíochta idir iarmhéideanna na gcuntas bunaidh;

(c) 

gearrann nó íocann an institiúid ús bunaithe ar chomh-iarmhéid iomlán na gcuntas bunaidh;

(d) 

measann údarás inniúil na hinstitiúide go bhfuil an mhinicíocht lena n-aistrítear iarmhéideanna na gcuntas bunaidh uile leordhóthanach ionas go bhféadfaí comh-iarmhéid iomlán an tsocraithe comhthiomsaithe airgid, agus an méid sin amháin, a áireamh sa tomhas ►C12  neamhchosainta ◄ iomlán.

Airteagal 429b 4.

De mhaolú ar phointe (b) de mhír 1, féadfaidh institiúidí ríomh a dhéanamh ar luach ►C12  neamhchosainta ◄ airgid infhaighte agus airgid iníoctha faoi idirbhearta um maoiniú urrús leis an gcontrapháirtí céanna ar bhonn glan, agus ar an mbonn sin amháin, i gcás ina gcomhlíontar na coinníollacha uile seo a leanas:

(a) 

tá an dáta socraíochta deiridh follasach céanna ag na hidirbhearta;

(b) 

an ceart chun an méid atá dlite don chontrapháirtí a fhritháireamh in aghaidh an mhéid atá dlite ag an gcontrapháirtí, tá sé infheidhmithe le dlí i ngnáthchúrsa gnó agus i gcás mainneachtana, dócmhainneachta agus féimheachta;

(c) 

nuair atá sé ar intinn ag na contrapháirtithe socrú a dhéanamh ar bhonn glan nó socrú a dhéanamh go comhuaineach, nó nuair atá na hidirbhearta faoi réir sásra socraíochta a mbeidh socraíocht ar bhonn glan nó a comhionann feidhmiúil mar thoradh air.

Airteagal 429b 5.

Chun críocha phointe (c) de mhír 4, féadfaidh institiúidí a mheas nach mbeidh socraíocht ar bhonn glan nó a comhionann feidhmiúil mar thoradh ar shásra socraíochta ach amháin i gcás ina mbeidh, ar an dáta socraíochta, toradh glan eis-sreabha airgid na n-idirbheart faoin sásra sin cothrom leis an méid aonair glan faoi shocraíocht ar bhonn glan agus ina gcomhlíontar na coinníollacha uile seo a leanas:

(a) 

socraítear na hidirbhearta tríd an gcóras socraíochta céanna nó trí chórais socraíochta a bhaineann leas as bonneagar coiteann socraíochta;

(b) 

tacaítear leis na socruithe socraíochta trí airgead nó trí shaoráidí creidmheasa ionlae a chur ar fáil a bhfuil sé mar aidhm acu a dheimhniú go gcuirfear i gcrích socrú na n-idirbheart roimh dheireadh an lae gnó;

(c) 

ní chuireann aon saincheisteanna a thagann as gnéithe urrús na n-idirbheart um maoiniú urrús isteach ar chur i gcrích ghlansocrú airgid thirim infhaighte agus airgid thirim iníoctha.

Ní mheastar an coinníoll a leagtar amach i bpointe (c) den chéad fhomhír a bheith comhlíonta ach amháin i gcás ina bhféadfaidh teip aon idirbhirt um maoiniú urrús sa sásra socraíochta moill a chur ar shocrú ghné an airgid meaitseála amháin nó ina bhféadfaidh an teip oibleagáid a chruthú don sásra socraíochta, arna tacú ag saoráid chreidmheasa ghaolmhar.

I gcás ina dteipfidh ar ghné urrús idirbhirt um maoiniú urrús sa sásra socraíochta ag deireadh na tréimhse ama chun socrú a dhéanamh sa sásra socraíochta, scarfaidh institiúidí an t-idirbheart seo agus a ghné airgid meaitseála ón tacar glanluachála agus láimhseálfaidh siad iad ar bhonn comhlán.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas