+Airteagal 429e Forlíontán►C12riosca◄creidmheasa contrapháirtí le haghaidh idirbhearta um maoiniú urrús
---+Airteagal 429e 1.
---+Airteagal 429e 2.
---+Airteagal 429e 3.
---+Airteagal 429e 4.
---+Airteagal 429e 5.
---+Airteagal 429e 6.
---+Airteagal 429e 7.

Airteagal 429e Forlíontán►C12riosca◄creidmheasa contrapháirtí le haghaidh idirbhearta um maoiniú urrús

-

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 429e 1.
De bhreis ar ríomh luach na ►C12  neamhchosaint ◄ ar na hidirbhearta um maoiniú urrús, lena n-áirítear iad sin atá lasmuigh den chlár comhardaithe i gcomhréir le hAirteagal 429b(1), áireoidh institiúidí sa tomhas ►C12  neamhchosainta ◄ iomlán forlíontán ►C12  riosca ◄  creidmheasa contrapháirtí arna ríomh i gcomhréir le mír 2 nó le mír 3 den Airteagal seo, mar is infheidhme.
Airteagal 429e 2.

Ríomhfaidh institiúidí an forlíontán do na hidirbhearta le contrapháirtí nach bhfuil faoi réir máistir-chomhaontú glanluachála a chomhlíonann na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 206 ar bhonn gach idirbhirt ar leith i gcomhréir leis an bhfoirmle seo a leanas:

image

nuair atá:

image

=

an forlíontán

i

=

an t-innéacs a chuireann an t-idirbheart in iúl;

Ei

=

luach cóir na n-urrús nó an airgid a tugadh ar iasacht don chontrapháirtí faoi idirbheart i; agus

Ci

=

luach cóir na n-urrús nó an airgid a fuarthas ón gcontrapháirtí faoi idirbheart i.

Féadfaidh institiúidí
image a shocrú comhionann le nialas i gcás gurb é Ei an t-airgead a thugtar ar iasacht do chontrapháirtí agus nach bhfuil an t-airgead infhála gaolmhar incháilithe don láimhseáil glanluachála a leagtar amach in Airteagal 429b(4).

Airteagal 429e 3.

Ríomhfaidh institiúidí an forlíontán do na hidirbhearta le contrapháirtí nach bhfuil faoi réir máistir-chomhaontú glanluachála a chomhlíonann na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 206 ar bhonn gach comhaontaithe ar leith i gcomhréir leis an bhfoirmle seo a leanas:

image

nuair atá:

image

=

an forlíontán

i

=

an t-innéacs a chuireann an comhaontú glanluachála in iúl;

Ei

=

luach cóir na n-urrús nó an airgid a tugadh ar iasacht don chontrapháirtí i leith na n-idirbheart atá faoi réir máistir-chomhaontú glanluachála i; agus

Ci

=

luach cóir na n-urrús nó an airgid a fuarthas ón gcontrapháirtí atá faoi réir máistir-chomhaontú glanluachála i.

Airteagal 429e 4.
Chun críocha mhír 2 agus mhír 3, áirítear sa téarma contrapháirtí gníomhairí trí pháirtí a fhaigheann comhthaobhacht i dtaisce agus a bhainistíonn an chomhthaobhacht i gcás bearta trí pháirtí.
Airteagal 429e 5.
De mhaolú ar mhír 1 den Airteagal seo, féadfaidh institiúidí an modh a leagtar amach in Airteagal 222 a úsáid, faoi réir íostairseach 20 % don ualú ►C12  riosca ◄ infheidhme, chun an forlíontán le haghaidh idirbhearta um maoiniú urrús a chinneadh, lena n-áirítear iad siúd atá lasmuigh den chlár comhardaithe. Féadfaidh institiúidí an modh sin a úsáid ach amháin i gcás ina mbaineann siad úsáid as freisin chun luach  ►C12  neamhchosainta ◄ na n-idirbheart sin a ríomh chun críche an ceanglas cistí dílse a chomhlíonadh mar a leagtar amach i bpointe (a), i bpointe (b) agus i bpointe (c) d'Airteagal 92(1).
Airteagal 429e 6.
I gcás ina gcuirtear cuntasaíocht díolachán i gcrích le haghaidh idirbheart athcheannaigh faoi réir an chreata cuntasaíochta is infheidhme, déanfaidh an institiúid gach iontráil chuntasaíochta a bhaineann le díolacháin a fhreaschur.
Airteagal 429e 7.

I gcás ina ngníomhaíonn institiúid mar ghníomhaire idir dhá pháirtí i leith idirbhirt um maoiniú urrús, lena n-áirítear idirbheart um maoiniú urrús lasmuigh den chlár comhardaithe, beidh feidhm ag na forálacha seo leanas maidir le tomhas na ►C12  neamhchosainta ◄ iomláine ar an institiúid a ríomh:

(a) 

I gcás ina soláthraíonn institiúid slánaíocht nó ráthaíocht do cheann amháin de na páirtithe i leith an idirbhirt um maoiniú urrús agus ina bhfuil an tslánaíocht nó an ráthaíocht teoranta d'aon difríocht idir luach an urrúis nó an airgid a thug an páirtí ar iasacht agus luach na comhthaobhachta a sholáthair an t-iasachtaí, ní áireoidh an institiúid ach an forlíontán arna ríomh i gcomhréir le mír 2 nó le mír 3 mar is infheidhme, i dtomhas na ►C12  neamhchosainta ◄ iomláine;

(b) 

i gcás nach soláthraíonn an institiúid slánaíocht nó ráthaíocht d'aon cheann de na páirtithe lena mbaineann, ní áireofar an t-idirbheart sa tomhas ►C12  neamhchosainta ◄ iomlán;

(c) 

i gcás ina bhfuil an institiúid ar ris ó thaobh an gheilleagair de ar an urrús foluiteach nó ar airgead an idirbhirt go dtí méid níos mó ná an ►C12  neamhchosainta ◄ atá cumhdaithe ag an bhforlíontán, áireoidh sí sa tomhas ►C12  neamhchosainta ◄ iomlán méid iomlán an urrúis nó an airgid a bhfuil sí ar ris air;

(d) 

i gcás ina soláthraíonn an institiúid, agus í ag gníomhú ina gníomhaire, slánaíocht nó ráthaíocht don dá pháirtí a bhaineann leis an idirbheart um maoiniú urrús, ríomhfaidh an institiúid a tomhas ►C12  neamhchosainta ◄ iomlán i gcomhréir le pointe (a), pointe (b) agus pointe (c) ar leithligh do gach páirtí a bhaineann leis an idirbheart.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas