+Airteagal 434 1.

Airteagal 434 1.

Cuirfidh institiúidí seachas institiúidí beaga agus neamhchasta an fhaisnéis uile a éilítear faoi Theidil II agus III i bhfoirm leictreonach faoi bhráid ÚBE tráth nach déanaí ná an dáta a bhfoilseoidh siad a ráitis airgeadais nó a dtuarascálacha airgeadais don tréimhse chomhfhreagrach, i gcás inarb infheidhme, nó a luaithe is féidir ina dhiaidh sin. Foilseoidh ÚBE an fhaisnéis sin, mar aon leis an dáta ar ar cuireadh isteach í, ar a shuíomh gréasáin.

Áiritheoidh ÚBE go bhfuil an fhaisnéis ar na nochtuithe a dhéantar ar a shuíomh gréasáin mar an gcéanna leis an bhfaisnéis a chuir institiúidí faoi bhráid ÚBE. Beidh an ceart ag institiúidí an fhaisnéis i gcomhréir leis na caighdeáin theicniúla dá dtagraítear in Airteagal 434a a chur isteach do ÚBE arís. Cuirfidh ÚBE an dáta ar ar cuireadh an fhaisnéis isteach arís in iúl ar a shuíomh gréasáin.

Ullmhóidh ÚBE an uirlis lena sonraítear mapáil na dteimpléad agus na dtáblaí le haghaidh nochtuithe leo siúd ar thuairisciú maoirseachta agus coinneoidh sé an uirlis sin cothrom le dáta. Beidh an uirlis mhapála sin ar fáil don phobal ar shuíomh gréasáin ÚBE.

Féadfaidh institiúidí leanúint de dhoiciméad neamhspleách a fhoilsiú ina gcuirtear foinse shorochtana faisnéise stuamachta ar fáil sa chaoi gurb éasca teacht uirthi le haghaidh úsáideoirí na faisnéise sin nó cuid ar leith a áireofar i ráitis airgeadais nó i dtuarascálacha airgeadais na n-institiúidí nó a chuirfear i gceangal leis na ráitis sin ina mbeidh na nochtuithe riachtanacha le fáil agus a bheidh so-aitheanta do na húsáideoirí sin. Féadfaidh institiúidí nasc chuig suíomh gréasáin ÚBE ar a bhfoilsítear faisnéis stuamachta ar bhealach lárnach a chur lena suíomh gréasáin féin.

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas