+Airteagal 434 Modhanna nochta
---+Airteagal 434 1.
---+Airteagal 434 2.
---+Airteagal 434 3.
---+Airteagal 434 4.
---+Airteagal 434 5.
---+Airteagal 434 6.

Airteagal 434 Modhanna nochta

-

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 434 1.
Cuirfidh institiúidí seachas institiúidí beaga agus neamhchasta an fhaisnéis uile a éilítear faoi Theidil II agus III i bhfoirm leictreonach faoi bhráid ÚBE tráth nach déanaí ná an dáta a bhfoilseoidh siad a ráitis airgeadais nó a dtuarascálacha airgeadais don tréimhse chomhfhreagrach, i gcás inarb infheidhme, nó a luaithe is féidir ina dhiaidh sin. Foilseoidh ÚBE an fhaisnéis sin, mar aon leis an dáta ar ar cuireadh isteach í, ar a shuíomh gréasáin.

Áiritheoidh ÚBE go bhfuil an fhaisnéis ar na nochtuithe a dhéantar ar a shuíomh gréasáin mar an gcéanna leis an bhfaisnéis a chuir institiúidí faoi bhráid ÚBE. Beidh an ceart ag institiúidí an fhaisnéis i gcomhréir leis na caighdeáin theicniúla dá dtagraítear in Airteagal 434a a chur isteach do ÚBE arís. Cuirfidh ÚBE an dáta ar ar cuireadh an fhaisnéis isteach arís in iúl ar a shuíomh gréasáin.

Ullmhóidh ÚBE an uirlis lena sonraítear mapáil na dteimpléad agus na dtáblaí le haghaidh nochtuithe leo siúd ar thuairisciú maoirseachta agus coinneoidh sé an uirlis sin cothrom le dáta. Beidh an uirlis mhapála sin ar fáil don phobal ar shuíomh gréasáin ÚBE.

Féadfaidh institiúidí leanúint de dhoiciméad neamhspleách a fhoilsiú ina gcuirtear foinse shorochtana faisnéise stuamachta ar fáil sa chaoi gurb éasca teacht uirthi le haghaidh úsáideoirí na faisnéise sin nó cuid ar leith a áireofar i ráitis airgeadais nó i dtuarascálacha airgeadais na n-institiúidí nó a chuirfear i gceangal leis na ráitis sin ina mbeidh na nochtuithe riachtanacha le fáil agus a bheidh so-aitheanta do na húsáideoirí sin. Féadfaidh institiúidí nasc chuig suíomh gréasáin ÚBE ar a bhfoilsítear faisnéis stuamachta ar bhealach lárnach a chur lena suíomh gréasáin féin.

Airteagal 434 2.
Cuirfidh institiúidí seachas institiúidí beaga agus neamhchasta na nochtuithe uile a éilítear faoi Airteagail 433a agus 433c i bhfoirm leictreonach faoi bhráid ÚBE tráth nach déanaí ná an dáta ar a bhfoilseoidh siad a ráitis airgeadais nó a dtuarascálacha airgeadais don tréimhse chomhfhreagrach nó a luaithe is féidir ina dhiaidh sin. Má fhoilsítear na tuarascálacha airgeadais sula ndéantar an fhaisnéis a thíolacadh i gcomhréir le hAirteagal 430 le haghaidh na tréimhse céanna, féadfar nochtuithe a chur isteach an dáta céanna ar a dtíolacfaí an tuairisciú maoirseachta nó a luaithe is féidir ina dhiaidh sin. Má éilítear nochtadh a dhéanamh le haghaidh tréimhse nach n-ullmhaíonn institiúid aon tuarascáil airgeadais ina leith, cuirfidh an institiúid an fhaisnéis ar nochtuithe faoi bhráid ÚBE a luaithe is féidir ag deireadh na tréimhse sin.
Airteagal 434 3.
De mhaolú ar mhíreanna 1 agus 2 den Airteagal seo, féadfaidh institiúidí a chur faoi bhráid ÚBE an fhaisnéis a cheanglaítear faoi Airteagal 450 ar leithligh ón bhfaisnéis eile a cheanglaítear faoi Theidil II agus III tráth nach déanaí ná 2 mhí tar éis an dáta ar a bhfoilseoidh na hinstitiúidí a ráitis airgeadais don bhliain chomhfhreagrach.
Airteagal 434 4.
Foilseoidh ÚBE nochtuithe institiúidí beaga agus neamhchasta ar a shuíomh gréasáin ar bhonn na faisnéise a thuairiscigh na hinstitiúidí sin d’údaráis inniúla i gcomhréir le hAirteagal 430.
Airteagal 434 5.
Leanfaidh úinéireacht na sonraí agus an fhreagracht as a gcruinneas de bheith ag na hinstitiúidí a tháirgeann iad. Déanfaidh ÚBE soláthar do phointe rochtana aonair le haghaidh nochtuithe na n-institiúidí agus cuirfidh sé cartlann den fhaisnéis is gá a nochtadh, i gcomhréir leis an gCuid seo, ar fáil ar a shuíomh gréasáin. Áiritheofar go mbeidh an chartlann sin inrochtana ar feadh tréimhse nach lú ná an tréimhse stórála a shocraítear sa dlí náisiúnta i leith faisnéis a áirítear i dtuarascálacha airgeadais na n-institiúidí.
Airteagal 434 6.
Déanfaidh ÚBE faireachán ar an líon cuairteanna ar a phointe rochtana aonair maidir le nochtuithe institiúidí agus áireoidh sé an staidreamh gaolmhar ina thuarascálacha bliantúla.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas