+Airteagal 451b 1.

Airteagal 451b 1.

Nochtfaidh institiúidí an fhaisnéis seo a leanas maidir le cripteashócmhainní agus seirbhísí cripteashócmhainní chomh maith le haon ghníomhaíocht eile a bhaineann le cripteashócmhainní:

(a) 

na méideanna neamhchosanta díreacha agus indíreacha i ndáil le cripteashócmhainní, lena n-áirítear na holl-chomhpháirteanna fada agus gearra de ghlan-neamhchosaintí;

(b) 

Méid iomlán na neamhchosanta ar riosca maidir le riosca oibriúcháin;

(c) 

an t-aicmiú cuntasaíochta le haghaidh neamhchosaintí cripteashócmhainní;

(d) 

tuairisc ar na gníomhaíochtaí gnó a bhaineann le cripteashócmhainní agus a dtionchar ar phróifíl riosca na hinstitiúide;

(e) 

tuairisc shonrach ar a mbeartais bainistithe riosca a bhaineann le neamhchosaintí cripteashócmhainní agus le seirbhísí cripteashócmhainní.

Chun críocha na chéad fhomhíre, pointe (d), den mhír seo, soláthróidh institiúidí faisnéis níos mionsonraithe maidir le gníomhaíochtaí ábharacha gnó, lena n-áirítear maidir le comharthaí sócmhainn-tagartha suntasacha, agus comharthaí ríomh-airgid suntasacha a eisiúint agus maidir le seirbhísí cripteashócmhainní a sholáthar faoi Airteagail 60 agus 61 de Rialachán (AE) 2023/1114.

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas