|
+Airteagal 459 Ceanglais stuamachta |
Airteagal 459 Ceanglais stuamachtaAirteagal 459 Ceanglais stuamachta
1.
Tabharfar an chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 462, chun ceanglais níos déine stuamachta a fhorchur, ar feadh tréimhse bliana, maidir le ►C9 neamhchosaintí ◄ nuair is gá sin chun aghaidh a thabhairt ar athruithe maidir le déine na priacail micreastuamachta agus macrastuamachta a eascraíonn ó fhorbairtí margaidh san Aontas nó taobh amuigh den Aontas a bhfuil tionchar acu ar na Bhallstáit go léir, agus nach bhfuil ionstraimí an Rialacháin sin ná Treoir 2013/36/AE leordhóthanach chun aghaidh a thabhairt ar na priacail sin, go háirithe ar mholadh nó tuairim ó BERS nó ÚBE, maidir leis an méid a leanas:
(a)
leibhéal na gcistí dílse atá leagtha síos in Airteagal 92;
(b)
na ceanglais i gcomhair ►C9 neamhchosaintí ◄ móra atá leagtha síos in Airteagal 392 agus in Airteagal 395 go 403
(c)
na ceanglais maidir le nochtadh poiblí atá leagtha síos in Airteagal 431 go 455. Cuirfidh an Coimisiún i gcomhair le BERS, ar bhonn bliantúil ar a laghad, tuarascáil chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle, maidir le forbairtí margaidh óna bhféadfadh úsáid Airteagal 443B a bheith ag teastáil. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|