+Airteagal 460 Leachtacht
---+Airteagal 460 1.
---+Airteagal 460 2.
---+Airteagal 460 3.
|
Airteagal 460 Leachtacht
-
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 460 1.
|
Tabharfar de chumhacht don Choimisiún chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí ghníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 462 d'fhonn mionsonrú a thabhairt ar an gceanglas ginearálta a leagtar amach in Airteagal 412(1). Is ar na hítimí atá le tuairisciú i gcomhréir le Teideal II de Chuid a Sé agus le hIarscríbhinn III a bhunófar gníomhartha tarmligthe a ghlacfar i gcomhréir leis an mír seo, agus sonrófar ann na cúinsí faoina mbeidh ar údaráis inniúla leibhéil shonracha insreibhe nó eis-sreibhe a fhorchur ar institiúidí d'fhonn
►C12
riosca ◄ shainiúla ar a bhfuil siad ar ris a ghabháil agus a urramófar leis na tairseacha a leagtar amach i mír 2 den Airteagal seo. Tabharfar de chumhacht don Choimisiún an Rialachán seo a fhorlíonadh trí ghníomhartha tarmligthe a ghlacadh ina sonraítear na ceanglais leachtachta mhionsonraithe chun críocha chur i bhfeidhm Airteagal 8(3), Airteagail 411 go 416, Airteagal 419, Airteagal 422, Airteagal 425, Airteagal 428a, Airteagal 428f, Airteagal 428g, Airteagal 428j go 428n, Airteagal 428p, Airteagal 428r, Airteagal 428s, Airteagal 428w, Airteagal 428ae, Airteagal 428ag, Airteagal 428ah, Airteagal 428ak agus Airteagal 451a.
|
|
Airteagal 460 2.
|
Tabharfar isteach an ceanglas maidir lecumhdach leachtachta dá dtagraítear in Airteagal 412 i gcomhréir leis an gcéimniú isteach seo a leanas:
(a)
60 % den cheanglas maidir le cumhdach leachtachta in 2015;
(b)
70 % amhail ón 1 Eanáir 2016;
(c)
80 % amhail ón 1 Eanáir 2017;
(d)
100 % amhail ón 1 Eanáir 2018.
Chun na críche sin, déanfaidh an Coimisiún na tuarascálacha dá dtagraítear in Airteagal 509(1) agus Airteagal 509(3) agus caighdeáin idirnáisiúnta atá forbartha ag fóraim idirnáisiúnta mar aon le sonraíochtaí an Aontais a chur san áireamh. Déanfaidh an Coimisiún an gníomh tarmligthe dá dtagraítear i mír 1 a ghlacadh faoin 30 Meitheamh 2014. Tiocfaidh sé i bhfeidhm faoin 31 Nollaig 2014, ach ní bheidh feidhm aige roimh an 1 Eanáir 2015.
|
|
Airteagal 460 3.
|
Tabharfar de chumhacht don Choimisiún an Rialachán seo a leasú trí ghnímh tharmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 462 chun an liosta táirgí nó seirbhísí a leagtar amach in Airteagal 428f(2) a leasú i gcás ina measfaidh sé go gcomhlíonann sócmhainní agus dliteanais a bhfuil baint dhíreach acu le táirgí nó seirbhísí eile na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 428f(1). Déanfaidh an Coimisiún an gníomh tarmligthe dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh faoin 28 Meitheamh 2024.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
|