+Airteagal 460 1.
|
Airteagal 460 1.
Tabharfar de chumhacht don Choimisiún chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí ghníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 462 d'fhonn mionsonrú a thabhairt ar an gceanglas ginearálta a leagtar amach in Airteagal 412(1). Is ar na hítimí atá le tuairisciú i gcomhréir le Teideal II de Chuid a Sé agus le hIarscríbhinn III a bhunófar gníomhartha tarmligthe a ghlacfar i gcomhréir leis an mír seo, agus sonrófar ann na cúinsí faoina mbeidh ar údaráis inniúla leibhéil shonracha insreibhe nó eis-sreibhe a fhorchur ar institiúidí d'fhonn
►C12
riosca ◄ shainiúla ar a bhfuil siad ar ris a ghabháil agus a urramófar leis na tairseacha a leagtar amach i mír 2 den Airteagal seo. Tabharfar de chumhacht don Choimisiún an Rialachán seo a fhorlíonadh trí ghníomhartha tarmligthe a ghlacadh ina sonraítear na ceanglais leachtachta mhionsonraithe chun críocha chur i bhfeidhm Airteagal 8(3), Airteagail 411 go 416, Airteagal 419, Airteagal 422, Airteagal 425, Airteagal 428a, Airteagal 428f, Airteagal 428g, Airteagal 428j go 428n, Airteagal 428p, Airteagal 428r, Airteagal 428s, Airteagal 428w, Airteagal 428ae, Airteagal 428ag, Airteagal 428ah, Airteagal 428ak agus Airteagal 451a.
1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
|