+Airteagal 461a 2.

Airteagal 461a 2.

I gcás ina mbreithnítear difríochtaí suntasacha sa chur chun feidhme sin, tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 462 chun an Rialachán seo a leasú tríd an méid seo a leanas a dhéanamh:

(a) 

bearta faoisimh oibríochtúla spriocdhírithe nó iolraitheoirí spriocdhírithe a chur i bhfeidhm, go dtí dáta chur i bhfeidhm an ghnímh reachtaigh dá dtagraítear i mír 3 den Airteagal seo nó ar feadh suas le 3 bliana in éagmais an ghnímh sin, agus i gcás inar gá sin chun cothrom iomaíochta a chaomhnú agus na difríochtaí breathnaithe sin a fhritháireamh, ar bearta iad atá cothrom le 0 nó níos mó ná sin agus níos ísle ná 1 i ríomh cheanglais cistí dílse na n-institiúidí le haghaidh riosca margaidh, le haghaidh aicmí riosca sonracha agus fachtóirí riosca sonracha, agus úsáid á baint as ceann de na cineálacha cur chuige dá dtagraítear in Airteagal 325(1), agus a leagtar amach in:

(i) 

Airteagail 325c go 325ay, ina sonraítear an cur chuige caighdeánaithe malartach;

(ii) 

Airteagail 325az go 325bp, ina sonraítear an cur chuige malartach samhla inmheánaí;

(iii) 

Airteagail 326 go 361, ina sonraítear an cur chuige caighdeánaithe simplithe;

(b) 

an dáta óna gcuirfidh na hinstitiúidí na ceanglais cistí dílse i bhfeidhm le haghaidh riosca margaidh mar a leagtar amach i gCuid a Trí, Teideal IV, nó aon cheann de na cineálacha cur chuige chun na ceanglais cistí dílse le haghaidh riosca margaidh dá dtagraítear in Airteagal 325(1) a ríomh, a chur siar ar feadh suas le 2 bhliain.

I gcás ina nglacfaidh an Coimisiún an gníomh tarmligthe dá dtagraítear sa chéad fhomhír, cuirfidh an Coimisiún, i gcás inarb iomchuí, togra reachtach faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle chun cur chun feidhme na gcaighdeán idirnáisiúnta maidir le ceanglais cistí dílse le haghaidh riosca margaidh san Aontas a choigeartú chun cothroime iomaíochta le tríú tíortha a chaomhnú ar bhealach níos buaine, i dtéarmaí ceanglas cistí dílse agus thionchar na gceanglas sin.

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas