|
+Airteagal 465 7. |
Airteagal 465 7.Chun críocha mhír 5, pointe (b), i gcás ina bhfuil lian sóisearach i seilbh na hinstitiúide agus go bhfuil liain níos sinsearaí ann nach bhfuil i seilbh na hinstitiúide sin, chun an chuid de neamhchosaint na hinstitiúide atá incháilithe d’ualú riosca 45 % a chinneadh, déanfar méid 80 % den luach réadmhaoine a laghdú faoi mhéid na lian níos sinsearaí nach bhfuil i seilbh na hinstitiúide. I gcás ina bhfuil liain nach bhfuil i seilbh na hinstitiúide ar chéim pari passu leis an lian atá i seilbh na hinstitiúide, chun an chuid de neamhchosaint na hinstitiúide atá incháilithe d’ualú riosca 45 % a chinneadh, déanfar méid 80 % den luach réadmhaoine, arna laghdú faoi mhéid aon lian níos sinsearaí nach bhfuil i seilbh na hinstitiúide, a laghdú faoi thoradh an mhéid seo a leanas:
(a)
80 % den luach réadmhaoine, arna laghdú faoi mhéid na lian níos sinsearaí más an dóibh, atá i seilbh na hinstitiúide agus i seilbh institiúidí eile araon; agus
(b)
méid na lian nach bhfuil i seilbh na hinstitiúide atá ar chéim pari passu leis an lian atá i seilbh na hinstitiúide roinnte ar shuim na lian pari passu uile. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|