+Airteagal 465 Socruithe idirthréimhseacha don íosráta aschuir
---+Airteagal 465 1.
---+Airteagal 465 2.
---+Airteagal 465 3.
---+Airteagal 465 4.
---+Airteagal 465 5.
---+Airteagal 465 6.
---+Airteagal 465 7.
---+Airteagal 465 8.
---+Airteagal 465 9.
---+Airteagal 465 10.
---+Airteagal 465 11.
---+Airteagal 465 12.
---+Airteagal 465 13.

Airteagal 465 Socruithe idirthréimhseacha don íosráta aschuir

-

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 465 1.

De mhaolú ar Airteagal 92(3), an chéad fhomhír, agus gan dochar don mhaolú a leagtar amach in Airteagal 92(3), an dara fomhír, féadfaidh institiúidí an fachtóir x seo a leanas a chur i bhfeidhm agus TREA á ríomh:

(a) 

50 % le linn na tréimhse ón 1 Eanáir 2025 go dtí an 31 Nollaig 2025;

(b) 

55 % le linn na tréimhse ón 1 Eanáir 2026 go dtí an 31 Nollaig 2026;

(c) 

60 % le linn na tréimhse ón 1 Eanáir 2027 go dtí an 31 Nollaig 2027;

(d) 

65 % le linn na tréimhse ón 1 Eanáir 2028 go dtí an 31 Nollaig 2028;

(e) 

70 % le linn na tréimhse ón 1 Eanáir 2029 go dtí an 31 Nollaig 2029.

Airteagal 465 2.

De mhaolú ar Airteagal 92(3), an chéad fhomhír, agus gan dochar don mhaolú a leagtar amach in Airteagal 92(3), an dara fomhír, féadfaidh institiúidí, go dtí an 31 Nollaig 2029, an fhoirmle seo a leanas a chur i bhfeidhm agus TREA á ríomh acu:

image

Chun críocha an ríomha sin, cuirfidh institiúidí an fachtóir is infheidhme x dá dtagraítear i mír 1 san áireamh.

Airteagal 465 3.
De mhaolú ar Airteagal 92(5), pointe (a)(ii), agus gan dochar don mhaolú a leagtar amach in Airteagal 92(3), an dara fomhír, féadfaidh institiúidí, go dtí an 31 Nollaig 2032, ualú riosca 65 % a shannadh do neamhchosaintí ar chorparáidí nach bhfuil aon mheasúnú creidmheasa ó IMCS ainmnithe ar fáil ina leith agus ar choinníoll nach mó ná 0,5  % meastacháin na n-institiúidí sin ar PD na n-oibleagáideoirí sin, arna ríomh i gcomhréir le Cuid a Trí, Teideal II, Caibidil 3.

Déanfaidh ÚBE agus ESMA, i gcomhar le ÚEÁPC, faireachán ar úsáid na láimhseála idirthréimhsí a leagtar síos sa chéad fhomhír agus déanfaidh siad measúnú, go háirithe, ar an méid seo a leanas:

(a) 

measúnuithe creidmheasa atá ar fáil ag IMCSanna ainmnithe do chorparáidí agus a mhéid a dhéanann an méid sin difear d’iasachtú institiúidí i leith corparáidí;

(b) 

forbairt gníomhaireachtaí rátála creidmheasa, bacainní ar dhul isteach sa mhargadh do ghníomhaireachtaí rátála creidmheasa nua, ráta glactha na gcorparáidí a roghnaíonn rátáil a bheith á déanamh ag ceann amháin nó níos mó de na gníomhaireachtaí sin, agus baic ar mheasúnuithe creidmheasa a bheith ar fáil do chorparáidí ag IMCSanna;

(c) 

bearta a d’fhéadfadh a bheith ann chun aghaidh a thabhairt ar na baic, agus aird á tabhairt ar dhifríochtaí idir earnálacha eacnamaíocha agus limistéir gheografacha agus ar fhorbairt réiteach príobháideach nó faoi stiúir poiblí mar shampla scóráil creidmheasa, rátálacha príobháideacha arna sainordú ag institiúidí, chomh maith le rátálacha bainc ceannais;

(d) 

oiriúnacht méideanna neamhchosanta a ualaítear ó thaobh riosca de neamhchosaintí ar chorparáidí gan rátáil agus a n-impleachtaí ar chobhsaíocht airgeadais;

(e) 

na cineálacha cur chuige atá ag tríú tíortha maidir leis an íosráta aschuir a chur i bhfeidhm i ndáil le neamhchosaintí ar chorparáidí agus i ndáil le comaoineacha cothroim iomaíochta fadtéarmacha a d’fhéadfadh teacht chun cinn mar thoradh air sin;

(f) 

comhlíonadh na gcaighdeán gaolmhar arna gcomhaontú go hidirnáisiúnta a d’fhorbair CBMB.

Cuirfidh ÚBE agus ESMA, i gcomhar le ÚEÁPC, tuarascáil maille lena gcuid torthaí faoi bhráid an Choimisiúin faoin 10 Iúil 2029.

Ar bhonn na tuarascála sin, agus aird chuí aige ar na caighdeáin ghaolmhara a d’fhorbair CBMB arna gcomhaontú go hidirnáisiúnta, i gcás inarb iomchuí, cuirfidh an Coimisiún togra reachtach faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle faoin 31 Nollaig 2031.

Airteagal 465 4.
De mhaolú ar Airteagal 92(5), pointe (a)(iv), agus gan dochar don mhaolú a leagtar amach in Airteagal 92(3), an dara fomhír, cuirfidh institiúidí, go dtí an 31 Nollaig 2029, 1 in ionad alfa sa ríomh ar luach neamhchosanta na gconarthaí a liostaítear in Iarscríbhinn II i gcomhréir leis na cineálacha cur chuige a leagtar amach i gCuid a Trí, Teideal II, Caibidil 6, Roinn 3 i gcás ina ríomhtar na luachanna neamhchosanta céanna i gcomhréir leis an gcur chuige a leagtar amach i gCuid a Trí, Teideal II, Caibidil 6, Roinn 6 chun críocha mhéid iomlán na neamhchosanta ar riosca nach bhfuil socraithe ar íosráta.
Airteagal 465 5.

De mhaolú ar Airteagal 92(5), pointe (a)(ii), agus gan dochar don mhaolú a leagtar amach in Airteagal 92(3), an dara fomhír, agus ar choinníoll go gcomhlíonfar na coinníollacha uile a leagtar amach i mír 8 den Airteagal seo, féadfaidh na Ballstáit a cheadú d’institiúidí an méid seo a leanas a shannadh:

(a) 

go dtí an 31 Nollaig 2032, ualú riosca 10 % don chuid de na neamhchosaintí arna n-urrú le morgáistí ar réadmhaoin chónaithe suas le 55 % den luach réadmhaoine arna chinneadh i gcomhréir le hAirteagal 125(1), an chéad fhomhír; agus

(b) 

go dtí an 31 Nollaig 2029, ualú riosca 45 % d’aon chuid atá fágtha de na neamhchosaintí atá urraithe le morgáistí ar réadmhaoin chónaithe suas le 80 % den luach réadmhaoine arna chinneadh i gcomhréir le hAirteagal 125(1), an chéad fhomhír, ar choinníoll nach gcuirtear an coigeartú ar cheanglais cistí dílse le haghaidh riosca creidmheasa dá dtagraítear in Airteagal 501 i bhfeidhm.

Airteagal 465 6.
Chun críocha mhír 5, pointe (a), i gcás ina bhfuil lian sóisearach i seilbh institiúide agus ina bhfuil liain níos sinsearaí nach bhfuil i seilbh na hinstitiúide sin, chun an chuid de neamhchosaint na hinstitiúide atá incháilithe d’ualú riosca 10 % a chinneadh, déanfar méid 55 % den luach réadmhaoine a laghdú faoi mhéid na lian níos sinsearaí nach bhfuil i seilbh na hinstitiúide.

I gcás ina bhfuil liain nach bhfuil i seilbh na hinstitiúide ar chéim pari passu leis an lian atá i seilbh na hinstitiúide, chun an chuid de neamhchosaint na hinstitiúide atá incháilithe d’ualú riosca 10 % a chinneadh, déanfar méid 55 % den luach réadmhaoine, arna laghdú faoi mhéid aon lian níos sinsearaí nach bhfuil i seilbh na hinstitiúide a laghdú faoi thoradh an mhéid seo a leanas:

(a) 

55 % den luach réadmhaoine, arna laghdú faoi mhéid na lian níos sinsearaí, más ann dóibh, atá i seilbh na hinstitiúide agus i seilbh institiúidí eile araon; agus

(b) 

méid na lian nach bhfuil i seilbh na hinstitiúide atá ar chéim pari passu le lian atá i seilbh na hinstitiúide roinnte ar shuim na lian pari passu uile.

Airteagal 465 7.
Chun críocha mhír 5, pointe (b), i gcás ina bhfuil lian sóisearach i seilbh na hinstitiúide agus go bhfuil liain níos sinsearaí ann nach bhfuil i seilbh na hinstitiúide sin, chun an chuid de neamhchosaint na hinstitiúide atá incháilithe d’ualú riosca 45 % a chinneadh, déanfar méid 80 % den luach réadmhaoine a laghdú faoi mhéid na lian níos sinsearaí nach bhfuil i seilbh na hinstitiúide.

I gcás ina bhfuil liain nach bhfuil i seilbh na hinstitiúide ar chéim pari passu leis an lian atá i seilbh na hinstitiúide, chun an chuid de neamhchosaint na hinstitiúide atá incháilithe d’ualú riosca 45 % a chinneadh, déanfar méid 80 % den luach réadmhaoine, arna laghdú faoi mhéid aon lian níos sinsearaí nach bhfuil i seilbh na hinstitiúide, a laghdú faoi thoradh an mhéid seo a leanas:

(a) 

80 % den luach réadmhaoine, arna laghdú faoi mhéid na lian níos sinsearaí más an dóibh, atá i seilbh na hinstitiúide agus i seilbh institiúidí eile araon; agus

(b) 

méid na lian nach bhfuil i seilbh na hinstitiúide atá ar chéim pari passu leis an lian atá i seilbh na hinstitiúide roinnte ar shuim na lian pari passu uile.

Airteagal 465 8.

Chun críocha mhír 5 den Airteagal seo, comhlíonfar na coinníollacha uile seo a leanas:

(a) 

tá na neamhchosaintí incháilithe don láimhseáil de bhun Airteagal 125(1);

(b) 

tá na neamhchosaintí cáilitheacha a ualaítear ó thaobh riosca i gcomhréir le Cuid a Trí, Teideal II, Caibidil 3;

(c) 

tá an réadmhaoin chónaithe lena n-urraítear na neamhchosaintí cáilitheacha lonnaithe sa Bhallstát a d’fheidhmigh an rogha;

(d) 

le 8 mbliana anuas, ní sháraíonn caillteanais na hinstitiúide in aon bhliain ar leith, mar a thuairiscíonn an institiúid de bhun Airteagal 430a(1), pointí (a) agus (c), nó de bhun Airteagal 101(1), pointí (a) agus (c), sa leagan de na pointí sin is infheidhme an 27 Meitheamh 2021, ó thaobh na neamhchosaintí arna n-urrú le morgáistí ar réadmhaoin chónaithe suas go dtí an tsuim is ísle den mhéid atá curtha i ngeall agus 55 % den luach réadmhaoine, mura gcinntear a mhalairt faoi Airteagal 124(9), ar an meán, 0,25  % de shuim luachanna neamhchosanta na neamhchosaintí uile gan íoc arna n-urrú le morgáistí ar réadmhaoin chónaithe;

(e) 

maidir leis na neamhchosaintí cáilitheacha, tá na cearta infhorfheidhmithe seo a leanas ag an institiúid i gcás mainneachtana nó i gcás nach n-íocann an t-oibleagáideoir:

(i) 

ceart ar an réadmhaoin chónaithe lena n-urraítear an neamhchosaint nó an ceart morgáiste a thógáil amach ar an réadmhaoin chónaithe i gcomhréir le hAirteagal 108(5), pointe (g);

(ii) 

ceart ar shócmhainní eile agus ar ioncam eile an oibleagáideora, ar bhonn conarthach nó faoin dlí náisiúnta is infheidhme;

(f) 

d’fhíoraigh an t-údarás inniúil go gcomhlíontar na coinníollacha a leagtar amach i bpointí (a) go (e).

Airteagal 465 9.

I gcás inar feidhmíodh an rogha dá dtagraítear i mír 5 agus ar choinníoll go gcomhlíontar na coinníollacha uile a leagtar amach i mír 8, féadfaidh institiúidí na hualuithe riosca seo a leanas a shannadh d’aon chuid eile de na neamhchosaintí arna n-urrú le morgáistí ar réadmhaoin chónaithe dá dtagraítear i mír 5, pointe (b), go dtí an 31 Nollaig 2032:

(a) 

52,5  % le linn na tréimhse ón 1 Eanáir 2030 go dtí an 31 Nollaig 2030;

(b) 

60 % le linn na tréimhse ón 1 Eanáir 2031 go dtí an 31 Nollaig 2031;

(c) 

67,5  % le linn na tréimhse ón 1 Eanáir 2032 go dtí an 31 Nollaig 2032.

Airteagal 465 10.
I gcás ina bhfeidhmíonn Ballstáit an rogha dá dtagraítear i mír 5, tabharfaidh siad fógra do ÚBE agus tabharfaidh siad bunús lena gcinneadh. Tabharfaidh údaráis inniúla fógra ar shonraí na bhfíoruithe uile dá dtagraítear i mír 8, pointe (f), do ÚBE.
Airteagal 465 11.
Déanfaidh ÚBE faireachán ar úsáid na láimhseála idirthréimhsí a leagtar síos i mír 5 agus cuirfidh sé tuarascáil maille lena thorthaí faoi bhráid an Choimisiúin maidir le hoiriúnacht na n-ualuithe riosca gaolmhara faoin 31 Nollaig 2028.

Ar bhonn na tuarascála sin, agus aird chuí aige ar na caighdeáin ábhartha a d’fhorbair CBMB arna gcomhaontú go hidirnáisiúnta, i gcás inarb iomchuí, cuirfidh an Coimisiún togra reachtach faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle faoin 31 Nollaig 2031.

Airteagal 465 12.
Beidh teorainn 4 bliana le haon síneadh a chuirfear le haon cheann de na socruithe idirthréimhseacha dá dtagraítear i míreanna 3, 5 agus 9 den Airteagal seo, agus in Airteagal 495b(1), 495c(1) agus 495d(1), agus tabharfar bunús leis le meastóireacht atá coibhéiseach leo siúd dá dtagraítear sna hAirteagail sin.
Airteagal 465 13.

De mhaolú ar Airteagal 92(5), pointe (a)(iii) nó (b)(ii), agus gan dochar don mhaolú a leagtar amach in Airteagal 92(3), an dara fomhír, le haghaidh neamhchosaintí a ualaítear ó thaobh riosca agus úsáid á baint as SEC-IRBA nó as Cur Chuige an Mheasúnaithe Inmheánaigh i gcomhréir le hAirteagal 92(4), i gcás ina ndéantar an chuid de mhéid iomlán caighdeánaithe na neamhchosanta ar riosca a ualaítear ó thaobh riosca maidir le riosca creidmheasa, riosca caolúcháin, riosca creidmheasa an chontrapháirtí nó riosca margaidh a eascraíonn as an ngnó leabhair trádála a ríomh trí úsáid a bhaint as SEC-SA i gcomhréir le hAirteagal 261 nó 262, cuirfidh institiúidí, go dtí an 31 Nollaig 2032, an fachtóir p seo a leanas i bhfeidhm:

(a) 

p = 0,25 maidir le suíomh in urrúsú a bhfuil feidhm ag Airteagal 262 ina leith;

(b) 

p = 0,5 maidir le suíomh in urrúsú a bhfuil feidhm ag Airteagal 261 ina leith.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas